Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the stony place
An talamh cois srutháin ar theorainn thoir an bhaile fearainn a thug ainm don áit (feach meascán de ‘Limestone sands and gravels’, ‘Alluvium … gravelly’, ‘Lithosols’, srl., www.epa.ie).
Taispeánann an fhoirm áitiúil 1838 ‘Cloizhaun … r slender nearly like z’ an foghar /ʒ/ (mar atá in je na Fraincise) ar r-caol, saintréith de chanúint Ghaeilge Osraí (féach Ó Caoimh in LSO I 1 faoi par. Achadh Bhó (#1412)). Díol spéise go raibh sé le clos san ainm an uair úd.
Tabhair faoi deara gur fianaise indíreach í seo go raibh an -ch- caol in cloich- balbh ar fad san ainm Gaeilge. Dá mba ann d’aon rian d’fhoghar -ch- caol mar /xʹ/, /h/, dhéanfadh sin an r-caol /ʒ/ a dhíghlórú go dtí /ʃ/ agus bheifí ag súil le fuaimniú ar nós *Cloiseán (cf. bóithrín /boːˈʃiːnʹ/, LASID II); féach gur /ʃ/ atá sa logainm sa lá atá inniu ann. Tá cailliúint -ch leathan deiridh /x/ in cloch agus fadú go dtí cló le sonrú san fhianaise dhéanach ar roinnt logainmneacha dar céadeilimint cloch sa mhórcheantar seo (m.sh. bf Cloch Lathaí (#28774) agus cuid mhaith de na logainmneacha dar céadeilimint Cloch in CC, Ce, LG, srl.).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1838 |
Cloarhane
|
Morgan, W.:AL Leathanach: La055,4
|
1838 |
Cloirtheán, 'rocky ground'
|
OD:AL Leathanach: La055,4
|
1838 |
Cloizhaun
"'r' slender nearly like 'z'." [Nóta OD]
|
dúch:AL Leathanach: La055,4
|
1838 |
Clo[.]haún
|
Local:AL Leathanach: La055,4
|
1838 |
Clorhaun
|
OD:AL Leathanach: La055,4
|
1838 |
Clorehane
|
BS:AL Leathanach: La055,4
|
1838 |
Cloarhane
|
Bagnell:AL Leathanach: La055,4
|
2017 |
kləˈʃɑːn
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/27966.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML