Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the hill of the tree
Is dealraitheach go bhfuarthas an fuaimniú Gaeilge 1838 ‘A chruinn’ (pl:AL) ón ‘Old Walsh’ a sholáthair roinnt ainmneacha sa chuid seo den pharóiste (cf. bf An Chlais Bhuí (#27982)). Díol spéise mar sin na foirmeacha béarlaithe 1801 ‘Knockacring’ agus 1838 ‘Knockacring’, a thaispeánann fuaimniú -nn caol /ŋʹ/. Cf. an litriú 1800c ‘don chearing’ = don cheithirn in LSO (La) II 273, as cáipéis a scríobhadh sa cheantar seo.
Gné canúna é seo atá le fáil in áiteanna eile i gCúige Laighean, e.g. 1837 ‘Kingay’ < par Cinn Eich i ndeisceart Chill Dara (#1200); an mionainm 1765 ‘Moneenachring’ < Móinín an Chrainn ar léarscáil Dheilginse, in oirdheisceart Bhaile Átha Cliath; 1825 ‘Carriglingeen’ < Carraig Linnín i lár Chill Mhantáin (#55587).
In Osraí dhéantaí fadú ar i roimh -nn caol freisin, e.g. 1667 ‘Garrincreene’ faoi bf Garraí an Chrainn (CC) (#26912) (cf. tinn /tʹiːŋʹ/ LASID II) — níl sé soiléir ar an bhfianaise a thagann anuas chugainn ar tharla a leithéid d’fhadú sa chuid seo de Laois nó nár tharla (cf. par Tulach Chruinn (Ce) (#348)).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1801 |
Knockacring
|
CGn. Imleabhar: 541, Leathanach: 219, Uimhir: 356726
|
1838 |
A chruinn
|
pl:AL Leathanach: LA027,17
|
1838 |
Knockacrin
|
OD:AL Leathanach: LA027,17
|
1838 |
Knockacrin
|
BS:AL Leathanach: LA027,17
|
1838 |
Knocklinn
|
Bar. Cons.:AL Leathanach: LA027,17
|
1838 |
Knockacrin
|
Robinson Price, J.:AL Leathanach: LA027,17
|
1838 |
Knockacrin
|
Cosby, Capt.:AL Leathanach: LA027,17
|
1838 |
Knockacrin
|
Moore, L.:AL Leathanach: LA027,17
|
1838 |
Knockacrin
|
Wills, J.:AL Leathanach: LA027,17
|
1838 |
Knockacring
|
Coote, Capt.:AL Leathanach: LA027,17
|
1838 |
Cnoc a' chrainn, 'hill of the tree'
|
OD:AL Leathanach: LA027,17
|
2006 |
nɑkəˈkrin
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.