BRABHSÁIL
baile fearainn
Baile Uí Ghormaíle Thuaidh
ginideach: Bhaile Uí Ghormaíle Thuaidh
(Gaeilge)
Ballygormill North
(Béarla)

Gluais

Béarla townland, town, homestead
Ó, Uí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the townland of Ó Gormaíle
    Ó Gormaíle — sloinne

    Ainmneacha stairiúla:
    Sníonn abhainn na barúntachta 1654 ‘Shrahannavallagh’, ‘Shrahannavally’ CS X < Sruthán an Bhealaigh “the stream of the way, pass” idir bbf Baile Uí Ghormaíle Thuaidh is Theas. Dhealródh sé go raibh an baile fearainn thuaidh ina chuid de ghabháltas an Phiogóidigh sa 16ú agus sa 17ú haois agus gurbh é an áit seo agus bf Diméin Lamberton (#28492) an lae inniu a bhí i gceist leis na logainmneacha stairiúla ‘Mullinneknawe’ agus ‘Kilcromen’ atá pléite faoi bf Diméin Lamberton (#28492). Faoi 1660c bhí an dá Bhaile Uí Ghormaíle, ar gach taobh den teorainn bharúntachta, i seilbh Thomas Daniell (BSD par. an Fhosaidh nó Thigh Mochua) ach níl mórán leanúnachais le sonrú i dteorainneacha an dá bhaile fearainn agus dealraíonn sé gur dhá aonad ar leith ab ea iad ó cheart.

    Tá áth thar abhainn na barúntachta ag acomhal an dá bhaile fearainn seo le bf An Carraigín (#28254) lastoir a luaití mar mharc teorann, darbh ainm spéisiúil 1608 ‘the ford of Belachalke’, ‘the ford of Ballichalke’ < Béal Átha Cailce (?) “ford-mouth of chalk; the chalk-white ford-mouth”. Cé go mbeadh cuma an athluaiteachais ar leagan 1654 ‘Aghovelacailce’ < Áth Bhéal Átha Cailce (!), tá samplaí eile againn dá leithéid d’atuiscint dhéanach ina bpléitear le hainm an átha mar logainm ar leith, e.g. bf Áth Bhéal Átha Ghéag (#48720) i dTiobraid Árann, a tuigtí mar “the ford of Béal Átha Ghéag” seachas “the ford of the ford-mouth of the bare branch” ní foláir. (Cf. freisin 1654 ‘a foord called Aghvelafeory’ CS X 21.)

    Níor cheart An Bealach Cailce “the way, pass of chalk; the chalk-white way, pass” agus Áth an Bhealaigh Chailce “ford of the way, pass of chalk; ford of the chalk-white way, pass” a chur as an áireamh; d’fhéadfaí gaol a thuairimiú idir sin agus Sruthán an Bhealaigh a dtéann an t-áth thairis anseo (cf. ‘an déad chailcewww.dil.ie s.v. cailc).

    Pé acu bealachbéal átha atá ann, is ar éigean a thabharfaí cailc ar an ngairbhéal aolchloiche sa taobh seo tíre (www.epa.ie). Cf. bf Drom Cailce (#46523) ( 33).

Lárphointe

52.9928, -7.22825domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1549
Ballygormilla
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 61
1551
Ballygoelle
F Imleabhar: Ed., Alt: 716
1552
Ballygormille
F Leathanach: 1131, Imleabhar: Ed.
1557c
Ballygornylawghe
P.R.O.L. Leathanach: 62/1
1563
Ballygormyll
F Leathanach: 495
1566
Ballecormynagh
F Leathanach: 971
1568
Ballygormile
= F Ed. 1131
F Leathanach: 1216
1585
Balligormiella?
Lysagh m'Mortagh oge O Moore
F Leathanach: 4739
1606
Balligormell
CPR Leathanach: 139
1623
Ballegorman, Clonbrick &,
Inq. Lag. Leathanach: 24 J I
1623
Ballegormaell, Clonbrick &
Inq. Lag. Leathanach: 24 J I
1624
Balligormill, Clinbrick &
Inq. Lag. Leathanach: 25 J I
1655
Ballegormoyle
DS
1655
Balligormill
DS
1660c
Ballegormoyle
Par. Timochoe, bar. Maryborrogh
BSD (La) Leathanach: 95
1660c
Ballygormill
Par. Fossey, bar. Cullenagh
BSD (La) Leathanach: 101
1682
Ballygormille alias Ballygormoyle
ASE Leathanach: 276
1805
Ballygormill
Cahill (La)
1838
Baile Ui Gormghail, 'O'Gormill's town'
OD:AL Leathanach: LA027,7
1838
Ballygormill
OD:AL Leathanach: LA027,7
1838
Ballygormill
"Given as two: North & South on engravings." [dúch dearg]
dúch:AL Leathanach: LA027,7
1838
Ballygorman
Wills, J.:AL Leathanach: LA027,7
1838
Ballygorman
Coote, Capt.:AL Leathanach: LA027,7
1838
Ballygorman
HCSV:AL Leathanach: LA027,7
1838
Ballygorman
Inq. J I:AL Leathanach: LA027,7
1838
Ballegormoyle
"Timohoe parish"
DS:AL Leathanach: LA027,7
1838
Balligormill
"Fossey parish"
DS:AL Leathanach: LA027,7
1838
Ballygorman
Cosby, Capt.:AL Leathanach: LA027,7
1838
Ballygormill
Moore, L.:AL Leathanach: LA027,7
1838
Ballygorman
BS:AL Leathanach: LA027,7
1838
Ballygormill
Cahill Co. Map:AL Leathanach: LA027,7
1838
Ballygorman
Robinson Price, J.:AL Leathanach: LA027,7
2006
baliˑˈgɑːrmil
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm