BRABHSÁIL
baile fearainn
An Longfort
ginideach: an Longfoirt
(Gaeilge)
Longford
(Béarla)

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the encampment?

    Is minic an logainm chomónta Gaeilge longfort (comhfhocal ón dá ainmfhocal long+port) “encampment” a ionadú leis an logainm Béarla longford (< long (aidiacht) + ford (ainmfhocal)), ní nach ionadh. Agus is é is dóichí ná gurb in a tharla anseo freisin. D’fhéadfadh ceachtar den dá lios sa bhaile fearainn seo a bheith i gceist leis an ainm (www.archaeology.ie).

    Ach bíonn longford le fáil freisin mar logainm Béarla ann féin gan amhras, cé go mb’fhéidir nach mbeifí ag súil le logainm Béarla sa cheantar seo chomh luath le 1597. Ní féidir a chur as an áireamh ar fad go ndéanann longford tagairt anseo do shlí trasna ceann de na srutháin anseo. Cuir i gcás an t-áth atá léirithe ag bun Longford Hill i lár an bhaile fearainn (Ford, Stepping Stones SO 25ʺ), nó an ceann atá léirithe ag Droichead na Duilliúrach i bhfíordheisceart an bhaile fearainn (Ford, Delour Br. SO 25ʺ), nó fiú an Foot Stick agus Ford trasna an tsrutháin díreach taobh thall den teorainn le bf Gairfin lastoir.

Lárphointe

53.0089, -7.58476domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1597
Longford
F Leathanach: 6117
1615
Longford
CPR Leathanach: 298
1621
Longford
Inq. Lag. Leathanach: 19 J I
1655
Longford
DS
1655
Longford
DS (P)
1655
Lowford
DS (Terr.)
1659
Longford
Cen. Leathanach: 496
1660c
Lonford
BSD (La) Leathanach: 149
1685
Longford
Hib. Del.
1838
Longford
BS:AL Leathanach: La047,17
1838
Longford
Bar. Cons.:AL Leathanach: La047,17
1838
Longford
Inq. J I:AL Leathanach: La047,17
1838
Lowford
DS Ref.:AL Leathanach: La047,17
1838
Longford
DS Map:AL Leathanach: La047,17
1838
Longphort, 'a camp, or entrenchment'
OD:AL Leathanach: La047,17
1838
Longford
OD:AL Leathanach: La047,17
1838
[Longford]
"…there is also a Danish fort near the centre and a tree in the south end called 'Monument Tree'."
Desc. Rem.:AL Leathanach: La047,17

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm