BRABHSÁIL
baile fearainn
Móin an Oile
ginideach: Mhóin an Oile
(Gaeilge)
Monelly
(Béarla)

Gluais

móin, mónaidh
Béarla bogland

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the bog(land) of the palisade?

    Tá bunús an cháilitheora éiginnte. Ach is léir nach Móin Éile atá ann mar a mheas Ó Donnabháin: féach an réadú ar an alt i ndiaidh an chéad eilimint in 1655, 1667, 1838 (pl:AL) agus an e-gairid sa siolla leathdheireanach in 2004. Cuir i gcás mar sin www.dil.ie s.v. 2 aile “fence, palisade” agus féach an cur síos ar ‘Castle — motte and bailey’ i ndeisceart an bhaile fearainn (www.archaeology.ie). Díol spéise an fuaimniú a fuair Ó Corragáin, ‘Moonanelly’ (History and Antiquities of the Diocese of Ossory II 151), a thaispeánann an fhorbairt chéanna /oː/ > /uː/ i bhfochair chonsain shrónaigh is atá le sonrú in ainm an bhaile fearainn teorantaigh bf Gleann na Móna (#28278).

    Is ann don logainm Móin Éile “the bog of Éile” (#1416178) gan amhras (cf. Logainmneacha na hÉireann III 187). Dúiche ba ea Éile ar an taobh thoir agus thoir theas de Shliabh Bladhma, in oirthuaisceart Chontae Thiobraid Árann agus in iardheisceart Chontae Uíbh Fhailí an lae inniu (cf. inter alia 1654 ‘the pass of Ballaghmore [bf An Bealach Mór (#28744)] which leades through a great wood lying betwixt the bogg of Monely, and the mountaines of Slewblewmey’, Civil Survey X 33).

Lárphointe

53.0341, -7.61868domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1655
Monanely
DS Par. (Reeves)
1666
Moneley
ASE Leathanach: 76
1667
Monanelly
ASE Leathanach: 96
1685
Monanelly
Hib. Del.
1784
Moynealy
CGn. Imleabhar: 361.104.241519
1838
Moneley
Bar. Cons.:AL Leathanach: La047,27
1838
Monenelly
Hamilton, W. :AL Leathanach: La047,27
1838
Monelly
Rour, G. :AL Leathanach: La047,27
1838
Moynely
Inq. J I:AL Leathanach: La047,27
1838
Monanely
DS Map:AL Leathanach: La047,27
1838
Moin Éile, 'the bog of Ely'
"Móin Almha agus Móin Eile, an dá mhóin is mo a n-Eirinn." [dúch]
OD:AL Leathanach: La047,27
1838
Mo
pl:AL Leathanach: La047,27
1838
Monelly
OD:AL Leathanach: La047,27
1838
[Monelly]
"…a large Danish fort near the centre."
Desc. Rem.:AL Leathanach: La047,27
1838
Monelly
BS:AL Leathanach: La047,27
1905
Moat of Moonanelly
Moonanelly signifies the Bog of the Aileach .i. the stone fort Ibid.
Carrigan Imleabhar: II, Leathanach: 151
2004
moːˈneliˑ
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm