BRABHSÁIL
baile fearainn
Leacach Mór
ginideach: Leacach Mór
(Gaeilge)
Lackamore
(Béarla)

Gluais

Béarla great, big

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    big place of flagstones

    Is ann don fhocal leaca “hillside” i logainmneacha, m.sh. bf An Leacain (#28549) (foirm chalctha den logthuiseal) i bpar. Ros Fhionnghlaise. Ach tá na samplaí luatha chomh láidir sin ar son -ach na Gaeilge (go háirithe 1607/8 ‘Lackaghemore’ agus litriú Gaeilge 1608/9 ‘Lacagh mor’ [sic! -gh]) gur féidir talamh slán a dhéanamh de gur leacach atá anseo. Is cosúil mar sin go dtagraíonn an logainm do cháilíocht na talún seachas don bhaile fearainn a bheith suite ar leirg cnoic. Cf. paistí ‘Lithosols’ anseo (www.epa.ie) agus ainm Béarla an bhaile fearainn bf Leamhach/Quarrymount (#28352) laistiar.

    Ainmneacha stairiúla:
    Bhí dhá áit darbh ainm Leacach Beag “small place of flagstones” sa bharúntacht. Bhí ceann díobh, 1607 ‘Laackagh begge’, et var., gairid don bhaile fearainn seo idir chamáin. Bhí ceann eile, 1593 ‘Lackaghbegg’, ‘Kappaghbegge’ [sic], 1608 ‘Lackaghbegg’, 1612 ‘Laccagbegg’, suite 1593 ‘in the quarter of Lackaghe’ < Leacach — seo ainm eile ar an gceathrú talún timpeall ar bf Ceapach Bhrógáin (#28392) i bpar. Chill Bhanbháin thiar.

    Tabhair faoi deara gur imigh -agh (iarsma de -ach seo na Gaeilge) i léig sna foirmeacha béarlaithe de bf Leacach (#28521) in Uí Fhairchealláin i rith an 17ú haois freisin.

Lárphointe

53.1914, -7.40822domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1593
Laccagbeg
Teig O Duin > Cahir mcFir O Molloy
O Doyne Ms.
1607
Lackaghmore
O Doyne Ms. Leathanach: 3
1607–8
Lackaghemore
O Doyne Ms. Leathanach: 38
1607–8
the Lauaghmore
recte Laccaghmore
O Doyne Ms. Leathanach: 41
1608–9
Lakamore alias Lackaghemore
O Doyne Ms. Leathanach: 75
1608/9?
Lacagh mor, 30 acra
margin
O Doyne Ms.
1609
Lackamore or Lackaghmore
CPR Leathanach: 123
1616/7
Leacamore
O Doyne Ms. Leathanach: 168
1618
Lackamore
O Doyne Ms. Leathanach: 173
1622
Lackamore
CPR Leathanach: 560
1627/8
Lackamore
O Doyne Ms. Leathanach: 176
1638
Lackamore
O Doyne Ms. Leathanach: 179
1638
Lackamore
O Doyne Ms. Leathanach: 180
1642
Lackamore
Phelim Dune
Dep. 1641 Leathanach: 180r (UF)
1642
Laccomoore
Phelem Doyne
Dep. 1641 Leathanach: 268v
1660c
Laghcaghmore
BSD (La) Leathanach: 125
1662
Lackamore
Inq. Lag. Leathanach: 2 C II
1682
Lackaghmore
Dunne Papers Leathanach: 136
1819
Laceamore
"Great ploughland."
Par. Stat. Leathanach: 331
1833
Lackamore
TAB
1838
Lacken
BS:AL Leathanach: LA013,14
1838
Lackamore
CM:AL Leathanach: LA013,14
1838
Laceamore
HCons PR:AL  Leathanach: LA013,14
1838
Lackamore
Inq. C II:AL Leathanach: LA013,14
1838
Leaca mór, 'great hillside'
OD:AL Leathanach: LA013,14
1838
Lackamore
OD:AL Leathanach: LA013,14
2005
lakəˈmoːr
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm