Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
top of (the) brown animal?; the top of Donn?
Donn — ainm pearsanta?Tá bunús an logainm seo éiginnte.
Is léir gur mar Bord-owin a thuig an Donnabhánach na foirmeacha scríofa a bhí os a chomhair san Ainmleabhar (féach 1838 ‘Bord abhann’ aige). Ach is cosúil gur cheart an Bordowin seo a léamh mar Bor-d(o)win agus gur guta cúnta faoi ndear an -o- idir -d- agus -w-. Tá an baile fearainn seo suite ar thaobh sléibhe le hais bf An Barr Riabhach (#28354). Tá an fhoirm 1838 ‘Bordween’, a breacadh síos ón gcaint, ag teacht leis an bhfoirm scríofa is luaithe dá maireann, 1726 ‘Bardwin’, atá féin ar aon fhocal leis an bhfuaimniú áitiúil 2004 /bɑːrdwin/. Measaimid dá bharr sin gurb iad na foirmeacha seo is iontaofa.
Dhealródh sé gur réadú ar an bhfocal doinn atá sa dara heilimint anseo. Sa chuid is mó d’Osraí dhéantaí fadú ar i roimh -nn caol, m.sh. 1667 ‘Garrincreene’ faoi bf Garraí an Chrainn (#26912) (CC) (cf. tinn /tʹiːŋʹ/ LASID II, crainn /kriːŋʹ/ Éigse XXVI; cf. freisin 1540 'Drowyn' Ir. Mon. Poss. [< Droinn] faoi bf Cnoc Droinne (#41714) (UF 3, 4)). Thaobhaigh barúntacht Uíbh Eirc, in iardheisceart Chill Chainnigh, leis an gcóras défhoghraíochta a bhí i réim i bPort Láirge: féach 1838 ‘muin chadhain’ faoi bf Móin Choinn (#1411897) (CC) agus bf Sceach an Chrainn > Skehacrine (#49669) (PL) (cf. LASID I). Mar léiriú ar an difríocht seo cuir i gcás an dá fhuaimniú éagsúla a d’aimsigh an Corragánach ar ainm an chnoic Sliabh gCruinn i ndeisceart Chontae Chill Chainnigh: ‘Shleea(v)-gryng’ in Uíbh Eirc, ‘Shleea(v)-greeng’ sa chuid eile de dheisceart an chontae (History and Antiquities of the Diocese of Ossory IV 177–8).
Féach bf An Barr Riabhach (#28354); cf. par Bordaíol/Bordwell (#1423) i gClann Donncha.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1726 |
Bardwin
|
CGn. Leathanach: 50.160.32424
|
1838 |
Bordowin
|
Rour, G. :AL Leathanach: La045,20
|
1838 |
Bordowin
|
Smith:AL (La) Leathanach: La045,20
|
1838 |
Bordowin
|
Despard:AL Leathanach: La045,20
|
1838 |
Bord abhann, 'border of a river'
|
OD:AL Leathanach: La045,20
|
1838 |
Bordowin
"Another authority for this." [Nóta OD]
|
OD:AL Leathanach: La045,20
|
1838 |
Bordowin
|
Hamilton, W. :AL Leathanach: La045,20
|
1838 |
Bordween
|
BS:AL Leathanach: La045,20
|
2004 |
bɑːrdwin
|
|
2004 |
ˈbɑːrwin
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28516.aspxBéaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML