BRABHSÁIL

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

toghroinn

baile fearainn

fo-aonaid

baile fearainn
Míleac
ginideach: Mhílic
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Meelick
(Béarla)

Gluais

Béarla flat stone or rock, flagstone

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    low-lying land beside a river

    Baile fearainn mór é seo (1442 acra SO) sa chuid thiar thuaidh den cheathrúin darbh ainm Móinteach Mílic (cf. 1608 ‘half quarter of Milicke’, 1618 ‘Milick, being half a quarter in Moyntagh Meelick), i dteorainn le paróiste Raoire Mór.

    Ainmneacha stairiúla:
    Tá tagairtí sna foinsí do roinnt logainmneacha sa limistéar seo (m.sh. faoi 1622 ‘the manor of Rossenolis’ CPR 552a), mar atá:

    1. 1622 ‘the wood of Killmilcke … ’ LS Uí Dhuinn 111, 1622 ‘Kiltemeelick alias Kilmalick’ CPR 522a < Coill(te) Mhílic “the wood(s) of Míleac”. Féach an malartú coill/coillte sa mhionainm Coill na Greallcha/Coillte Greallach faoi bf Baile Mhic Ruairí (#28671).
    2. 1607/8 ‘Ardaragh meyle’, 1608/9 ‘Ardarraghmoyle … ard darach moile’ 75, 1609 ‘Ardarraghmoyle’ CPR 123, 1660c ‘Meelick, Garrifollan, Ardraghmoyle & Garriconnogh’ BSD < Ard Darach Maoile “height of (the) bald oak-tree”, in bf Doire (#28543) b’fhéidir.
    3. 1595 ‘Ite 7 Conmaithe’ (?) (cf. 1608/9), 1607 ‘Garroconoughe’, ‘Garricanochoe’, ‘Garruoragh’, 1608/9 ‘Garrycoacha alias Garryconghe … garri co[mh]c(..)’ (léann Price ‘garri coñic([s]o)’ — leg. litriú foghrúil ‘garri conn(a)cho’, b’fhéidir), 1609 ‘Garichoucha or Garicough’, 1612 ‘Gary Donogh’, 1617 ‘Garryconough’, ‘Garriconagha’, 1660c ‘Garriconnogh’, 1662 ‘Garryconnagh’, srl. < Garraí Mhic Dhonncha (?) “the garden of Mac Donncha (sloinne)”; féach 1654 ‘McDonnogh’ i measc na bpríomhshloinnte sa bharúntacht seo (Cen. 506). Ní léir an truailliú air seo atá in 1823 ‘Derrylough’ TAB, 1841 Derry Lough SO, fo-bhaile i lár an bhaile fearainn (.i. < * Garryknough). Níl sé as an áireamh ar fad gur bréagaistriúchán ar na foirmeacha déanacha béarlaithe seo atá in ainm an bhaile fearainn teorantaigh bf Nutgrove.
    4. 1595 ‘…feudi na Sgethi Cuirrthe’ [gin.], 1622 ‘Skahorann’ CPR 560, 1622 ‘Skahorane’ CPR 552, 1627 ‘Skahan’, 1639 ‘Skahorane’ < An Sceach Chorr (?) “the odd/round whitethorn, thornbush” (más féidir brath ar an tagairt Ghaeilge), nach léir suíomh dó.
    5. 1593 ‘Fearay hi Christin’, 1593 ‘Feran Christen’, 1622 ‘Farrenchristen’, 1607 ‘Ferren hucristinne’, 1607/8 ‘FerranehiChristine’, 1608 ‘fearan hychristine’, 1639 ‘Farrechristen’, 1662 ‘Ferrenchristen’ < Fearann (Mhic) Cristín “the land of (Mac) Cristín” ina bhfuil leagan gaelaithe den sloinne gallda Christian le fáil, is dócha. Cf. 1824 ‘Richd. Christian, Naughvalle’ (bar. an tSráidbhaile), 1825 ‘John Christian, Ballyshanduff’ (bar. Phort na hInse), 1825 ‘Richd. Christian, Monescreban’ (bar. Bhaile Adaim) i Leabhar na nDeachúna. Cf. bf Baile Mhic Criostail (#42228) i nGéisill, Contae Uíbh Fhailí, 13km soir ó thuaidh uaidh seo.

    Féach freisin fb Derrykilleen (#1418598).

Lárphointe

53.1539, -7.40801domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1601
Mylick
John McTerence O Dunn, Brian O Dunn
F Alt: 6523
1607
Milicke
O Doyne Ms. Leathanach: 13
1607
Milicke
O Doyne Ms. Leathanach: 55
1617
Milvick
Barnard Dunne
Inq. Lag. Leathanach: 7 J I
1618
Milick
O Doyne Ms. Leathanach: 173
1660c
Meelick
Barnaby Dunn
BSD (La) Leathanach: 126
1682
Meelick
Dunne Papers Leathanach: 136
1774-9
Meelick
Dunne Papers Leathanach: 143
1774-9
Meelick
Dunne Papers Leathanach: 144
1823
Meelick
TAB
1838
Míliuc, 'an insulated spot of land'
OD:AL Leathanach: La056,22
1838
Meelick
OD:AL Leathanach: La056,22
1838
Meelick
BS:AL Leathanach: La056,22
1838
Mointaghe Melicke?
"See p. 36, infra." [Nóta OD]
OD:AL Leathanach: La056,22
1838
Milack
HCons PR:AL  Leathanach: La056,22
1838
Milvick
Inq. J I:AL Leathanach: La056,22
1838
Meelick
Drogheda Map 1812:AL Leathanach: La056,22
1838
Milack
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La056,22
1838
Milack
HCSV:AL Leathanach: La056,22
2005
miːlik
Áit.
2005
ˈmiːlik
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm

Fo-aonaid