BRABHSÁIL
dúichebaile fearainn
An Baile Bocht
ginideach: an Bhaile Bhoicht
ainm deimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Ballybough
(Béarla)

Gluais

Béarla townland, town, homestead

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the poor town

    Bhí an baile beag Fairview suite taobh istigh den bhaile fearainn Ballybough ó thaobh chóras riaracháin an 19ú haois de. Logainm Béarla é sin a théann siar go dtí tús an 19ú haois (cf. an séipéal a tógadh anseo i 1817 agus a tiomnaíodh do ‘Our Lady de Pulchro Aspectu vulgo Fairview’). In Post-Sheanchas I (Béarla–Gaeilge) (1905) mhol Seosamh Laoide Baile Bocht mar ainm Gaeilge ar ‘Ballybough or Fairview’ (lch. 27) agus ar ‘Fairview or Ballybough’ (lch. 67). Ar ndóigh, míníonn an Laoideach sa réamhrá leis an saothar céanna gur chuir sé roimhe an t-ainm is Gaelaí a mholadh i ngach cás agus cur suas d'ainmneacha gallda. In Post-Sheanchas II (Gaeilge–Béarla) (1911) is éard atá aige ná ‘Baile Bocht, An … Ballybough or Fairview’. I mblianta luatha an tSaorstáit is ea a tosnaíodh ar (An) Baile Bocht a úsáid ag freagairt do Fairview leis féin, m.sh. in eagráin luatha de Eolaí an Phoist (liosta oifigiúil na Seirbhíse Poist) agus i bhfoinsí eile ar nós ‘Fairview – Baile Bocht’ ag Risteard Ó Foghludha in Log-ainmneacha (1937) (cf. freisin ‘Fairview – Baile Bhoicht [sic!]’ lámh le ‘Fairview-strand – Tráigh Bhaile Bhoicht’ in Thom’s Directory 1937, bunaithe ar na comharthaí sráide ní foláir).

    Is léir nach raibh an scéal seo sásúil, áfach .i. (An) Baile Bocht a úsáid mar leagan Gaeilge de Fairview agus de Ballybough araon. Tháinig an leagan nua Fionnradharc chun solais i lár na haoise seo caite chun Fairview a idirdhealú ar An Baile Bocht/Ballybough sa Ghaeilge (is é a d'úsáid na Bráithre Críostaí a bhí seanbhunaithe sa cheantar, cuir i gcás). Moladh ‘Fairview – Fionnradharc’ in Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist – Liosta Sealadach (Cúige Laighean) sa bhliain 1964 agus tar éis thréimhse fhada comhairliúcháin le pobal na Gaeilge socraíodh an leagan sin go hoifigiúil in Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist (1969). Glacadh leis an leagan sin in Eolaí an Phoist (1971) freisin.

    Mar le Fairview Strand de, ní thugtaí *Ballybough Strand riamh air. Fairview Strand atá ar léarscáil athbhreithnithe na Suirbhéireachta Ordanáis a ghabh le Griffith’s Valuation (*c.*1855), agus Philipsburg Strand a bhí air ar feadh tamaill bhig roimhe sin (cf. SO 1ú eagrán). Níl aon dabht ach gurb é an leagan Gaeilge de Fairview, seachas an leagan Gaeilge de Ballybough, is cuí a úsáid san aistriúchán Gaeilge — is é sin, Fionnradharc.

    Tá ‘Tráigh Baile Bhoicht – Fairview Strand’ le feiscint ar sheanchomhartha fós ach níl ansin ach aistriúchán a rinneadh ar an sráidainm Béarla Fairview Strand le linn don logainm [An] Baile Bocht (.i. bunfhoirm an logainm Ballybough) a bheith in úsáid — go neamhchruinn — mar leagan Gaeilge de Fairview. (Go deimhin tá ‘Baile Bocht – Fairview’ le feiscint ar sheanchomhartha i bhFionnradharc féin sa lá atá inniu ann.)

Lárphointe

53.3613, -6.24235domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1539-40
Ballyboght
Reg. St. Mary's Leathanach: II 44
1540
Ballyboght
Ir. Mon. Poss. Leathanach: 2
1552
Ballyboght
F Leathanach: 1083
1560
Ballyboght
F Leathanach: 284
1577
Ballybought
F Leathanach: 3172
1624
Ballybought
Inq. Lag. Leathanach: 60 J I
1646
Ballybought
Inq. Lag. Leathanach: 80 J I
1654-6
Ballybought
CS VII Leathanach: 178
1660c.
Ballybought
BSD (BÁC) Leathanach: 98
1664
Ballebought
HMR (BÁC) Leathanach: 397
1667
Ballybough
ASE Leathanach: 74
1703
Ballybought
Trustees Leathanach: 387
1728
ag droithchead an baile bhoicht
KIL 20 Leathanach: 157
1760
Ballybough
Rocque
1786 (1510)
Ballibough
Mon. Hib. Leathanach: 143
1821
Ballybough
Duncan
1837
Ballybaugh
BS:AL
1837
Ballybough (The Poor Town)
Revd. C. Boyle
Finnéithe:AL
1837
baile bocht, poor town
OD:AL

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm