Hierarchy
county
barony
civil parish
townland
Explanatory note
- Gaeilge
the garden of —
Ní léir bunús an cháilitheora, ach is dócha gur gaelú é ar ainm pearsanta (nó sloinne) gallda.
Réiteach fuaime é Garraí Bhácam ar iontráil 1518/19 agus ar na hiontrálacha eile ó 1660c anuas. Tugann an fhianaise le fios gur /aː/ a bhí sa chéad siolla den sloinne, gur fhorbair go /eː/, /eɪ/ sna leaganacha déanacha béarlaithe, mar a mbeifí ag súil leis.
Is mór an trua go bhfuil bearna idir 1575 ‘Garrywackinnus or Garryvakynes’ agus 1660c ‘Garryvacumy’. É sin ráite, tabharfar faoi deara nach bhfuil aon rian de /b/ nó /m/ mar fhréamhchonsan ina bhfuil d’fhianaise againn (m.sh. *Garrey Bakkemys nó *Garrey Makkemys). D’fhéadfadh sé mar sin gur réaduithe iad ‘Vakkem-’, ‘-wakyn-’, ‘-wackinn-’, ‘-vacum-’ ar leagan gaelaithe d’ainm dar tús V-/W- i mBéarla ó cheart. Réiteodh an fhianaise go maith le Wakeham > Garraí an Bhácamaigh, Garraí Bhácam — leithéid ~/ˈwaːkəm/ a bhunfhuaimniú (cf. Reaney Wakeham, Wakem, Whackum; cf. 1840 ‘b. an doramaigh’ < Durhamstown (#38580) sa Mhí). Ach chuaigh dínn aon tagairt a aimsiú i measc na Sean-Ghall don sloinne neamhchomónta sin (atá bunaithe ar logainm i Sasana).
Níl sé as an áireamh, áfach, go ndéanfaí nach mór an gaelú céanna ar Wakeman (~/ˈwaːkmən/ ó cheart). Sloinne Béarla é seo atá ar taifead go luath sa Pháil (1225–50 ‘Richard le Wakeman’ [BÁC] ag Reaney, 1307 ‘… le Wakeman’ [CD] CJR II 512). Ba inmheasta an fhorbairt Garraí an Bhácamaigh < *Garraí an Bhácamanaigh < Wakeman (cf. an guta cúnta in bf Garraí an Stocadúnaigh (#47478) (TÁ) < Stockton). (Úsáidtear Bh-tosaigh mar gaelú caighdeánach ar ainmneacha gallda dar tús W-/V-.)
Ainmneacha stairiúla:
- An chuid thuaidh den bhaile fearainn seo atá i gceist le 1617 ‘Rathmolis … lieth between the lands of Kelloge [.i. oirthuaisceart bf Tirehogar] and … “ffarronekelly” south’. Measann Fitzgerald (JKAS IV 187) gur Fearann Ó gCeallaigh atá ansin (cf. an dúiche den ainm céanna faoi bar An Sráidbhaile (#129)). Ach cé go raibh baint ag an sloinne sin le Lé (1400c ‘Ó Ceallaigh Léighe’ ag Ó hUidhrín) ní heol dúinn tagairt ar bith eile dá leithéid de logainm i bhfianaise stairiúil an cheantair seo, agus gach seans nach bhfuil i ‘ffaronekelly’ anseo ach truailliú ar *Garravakeny .
Centrepoint
Historical references
1518–19 |
Garrey Vakkemys
|
Kildare Rent. Leathanach: 289
|
1540 |
Carone.wakyne
Forf. (N.L.), leagan de Kildare Rental?
|
|
1541 |
Carrowwakyns
anno Hen. VIII 32
|
Crown Surv. Leathanach: 161
|
1575 |
Garrywackinnus or Garryvakynes
Ex.Inq. 192 Eliz. I
|
JKAS Imleabhar: IV, Leathanach: 339
|
1617 |
ffarronekelly?
leg. Garravakeny?
|
JKAS Imleabhar: IV, Leathanach: 189
|
1660c |
Garryvacumy
|
|
1660c |
Garryvacumy
|
BSD (La) Leathanach: 119
|
1695 |
Garrivacom
|
Inq. Lag. Leathanach: 4 G III
|
1720 |
Garraffacre als Garryvacum
|
CGn. Leathanach: 30.276.17747
|
1735 |
Garryvacres als Garryvaccum als Garrymacom
|
CGn. Leathanach: 84, Leathanach: 160, Uimhir: 58963
|
1812 |
Garry-vacum
|
Leet Imleabhar: I, Leathanach: 281
|
1814 |
Garryvechum
|
Par. Stat. Imleabhar: I, Leathanach: 515, 523, 526, 545, 548
|
1838 |
Garryvacum
|
BS:AL Leathanach: La041,24
|
1838 |
Garryvecum
|
Evans Map 1817:AL Leathanach: La041,24
|
1838 |
Garryvacum
|
HCSV:AL Leathanach: La041,24
|
1838 |
Garryvacum
|
Vestry Bk.:AL Leathanach: La041,24
|
1838 |
Garryvecum
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La041,24
|
1838 |
Garryvacum
|
HCons PR:AL Leathanach: La041,24
|
1838 |
Garrivacom
|
Inq. G III:AL Leathanach: La041,24
|
1838 |
Gard[h]aid[h] méc Con, 'Macon's Garden'
"Some think that Maycum was an English family name." [Nóta OD]
|
OD:AL Leathanach: La041,24
|
1838 |
Garry-vay-cum
|
pron.:AL Leathanach: La041,24
|
1838 |
Garryvacum
|
OD:AL Leathanach: La041,24
|
2005 |
gariˑˈveːkəm
|
Please note: Some of the documentation from the archives of the Placenames Branch is available here. It indicates the range of research contributions undertaken by the Branch on this placename over the years. It may not constitute a complete record, and evidence may not be sequenced on the basis of validity. It is on this basis that this material is made available to the public.
Archival and research material provided on this site may be used, subject to acknowledgement. Issues regarding republication or other permissions or copyright should be addressed to logainm@dcu.ie.
Permanent link
https://www.logainm.ie/28289.aspxOpen data
Application programming interface (API)
Linked Logainm
Formats: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML