BRABHSÁIL

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

baile fearainn

baile fearainn
Garraí Bhácam
ginideach: Gharraí Bhácam
(Gaeilge)
Garryvacum
(Béarla)

Gluais

Béarla garden, court

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the garden of —

    Ní léir bunús an cháilitheora, ach is dócha gur gaelú é ar ainm pearsanta (nó sloinne) gallda.

    Réiteach fuaime é Garraí Bhácam ar iontráil 1518/19 agus ar na hiontrálacha eile ó 1660c anuas. Tugann an fhianaise le fios gur /aː/ a bhí sa chéad siolla den sloinne, gur fhorbair go /eː/, /eɪ/ sna leaganacha déanacha béarlaithe, mar a mbeifí ag súil leis.

    Is mór an trua go bhfuil bearna idir 1575 ‘Garrywackinnus or Garryvakynes’ agus 1660c ‘Garryvacumy’. É sin ráite, tabharfar faoi deara nach bhfuil aon rian de /b/ nó /m/ mar fhréamhchonsan ina bhfuil d’fhianaise againn (m.sh. *Garrey Bakkemys nó *Garrey Makkemys). D’fhéadfadh sé mar sin gur réaduithe iad ‘Vakkem-’, ‘-wakyn-’, ‘-wackinn-’, ‘-vacum-’ ar leagan gaelaithe d’ainm dar tús V-/W- i mBéarla ó cheart. Réiteodh an fhianaise go maith le Wakeham > Garraí an Bhácamaigh, Garraí Bhácam — leithéid ~/ˈwaːkəm/ a bhunfhuaimniú (cf. Reaney Wakeham, Wakem, Whackum; cf. 1840 ‘b. an doramaigh’ < Durhamstown (#38580) sa Mhí). Ach chuaigh dínn aon tagairt a aimsiú i measc na Sean-Ghall don sloinne neamhchomónta sin (atá bunaithe ar logainm i Sasana).

    Níl sé as an áireamh, áfach, go ndéanfaí nach mór an gaelú céanna ar Wakeman (~/ˈwaːkmən/ ó cheart). Sloinne Béarla é seo atá ar taifead go luath sa Pháil (1225–50 ‘Richard le Wakeman’ [BÁC] ag Reaney, 1307 ‘… le Wakeman’ [CD] CJR II 512). Ba inmheasta an fhorbairt Garraí an Bhácamaigh < *Garraí an Bhácamanaigh < Wakeman (cf. an guta cúnta in bf Garraí an Stocadúnaigh (#47478) () < Stockton). (Úsáidtear Bh-tosaigh mar gaelú caighdeánach ar ainmneacha gallda dar tús W-/V-.)

    Ainmneacha stairiúla:

    1. An chuid thuaidh den bhaile fearainn seo atá i gceist le 1617 ‘Rathmolis … lieth between the lands of Kelloge [.i. oirthuaisceart bf Tirehogar] and … “ffarronekelly” south’. Measann Fitzgerald (JKAS IV 187) gur Fearann Ó gCeallaigh atá ansin (cf. an dúiche den ainm céanna faoi bar An Sráidbhaile (#129)). Ach cé go raibh baint ag an sloinne sin le Lé (1400c ‘Ó Ceallaigh Léighe’ ag Ó hUidhrín) ní heol dúinn tagairt ar bith eile dá leithéid de logainm i bhfianaise stairiúil an cheantair seo, agus gach seans nach bhfuil i ‘ffaronekelly’ anseo ach truailliú ar *Garravakeny .

Lárphointe

53.1184, -7.16494domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1518–19
Garrey Vakkemys
Kildare Rent. Leathanach: 289
1540
Carone.wakyne
Forf. (N.L.), leagan de Kildare Rental?
Forf. (N. L.)
1541
Carrowwakyns
anno Hen. VIII 32
Crown Surv. Leathanach: 161
1575
Garrywackinnus or Garryvakynes
Ex.Inq. 192 Eliz. I
JKAS Imleabhar: IV, Leathanach: 339
1617
ffarronekelly?
leg. Garravakeny?
JKAS Imleabhar: IV, Leathanach: 189
1660c
Garryvacumy
BSD
1660c
Garryvacumy
BSD (La) Leathanach: 119
1695
Garrivacom
Inq. Lag. Leathanach: 4 G III
1720
Garraffacre als Garryvacum
CGn. Leathanach: 30.276.17747
1735
Garryvacres als Garryvaccum als Garrymacom
CGn. Leathanach: 84, Leathanach: 160, Uimhir: 58963
1812
Garry-vacum
Leet Imleabhar: I, Leathanach: 281
1814
Garryvechum
Par. Stat. Imleabhar: I, Leathanach: 515, 523, 526, 545, 548
1838
Garryvacum
BS:AL Leathanach: La041,24
1838
Garryvecum
Evans Map 1817:AL Leathanach: La041,24
1838
Garryvacum
HCSV:AL Leathanach: La041,24
1838
Garryvacum
Vestry Bk.:AL Leathanach: La041,24
1838
Garryvecum
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La041,24
1838
Garryvacum
HCons PR:AL  Leathanach: La041,24
1838
Garrivacom
Inq. G III:AL Leathanach: La041,24
1838
Gard[h]aid[h] méc Con, 'Macon's Garden'
"Some think that Maycum was an English family name." [Nóta OD]
OD:AL Leathanach: La041,24
1838
Garry-vay-cum
pron.:AL Leathanach: La041,24
1838
Garryvacum
OD:AL Leathanach: La041,24
2005
gariˑˈveːkəm
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm