Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
baile fearainn
Manning
    (Béarla)
  Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Lárphointe
52.1815, -8.32273domhanleithead, domhanfhad
  Eangach na hÉireann (le litir)
    Á ríomh...
  Eangach na hÉireann (gan litir)
    Á ríomh...
  Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
    Á ríomh...
  Tagairtí stairiúla
| n/a | (i)is í Abhainn na Fuinsinn is teora theas do Manning na háite seo; (ii) is ar aghaidh Loch Trasna (< Roaringwater Bay) amach atá Mannin Island in iarthar an chontae chéanna; (iii) is ar aghaidh an Atlantaigh amach atá Cuan Mhanainn na Gaillimhe; (iv)is í an Monksfield River is teora thoir do Mannin sa chontae céanna, agus (v) is i gcóngar Mannin, i gcontae Mhaigh Eo, atá Mannin Lake suite. Eisceacht is ea Mannin chontae Laoise, is cosúil, áit ar ina goire nach léir uisce. | |
| n/a | In ainneoin go luaitear Hi Mhannog (CrC 175.7) le Magh Drisein (I 172,10), áit i bhfoisceacht chúpla míle siar ó Manning, ní haon chúis é sin lena cheapadh gurbh ó ainm na tseantreabhchais (nach maireann) a tháinig ann don logainm, mar a tuigeadh an scéal go neamheaglach agus go hiomrallach do Revd. C. Rice:          ... the connection between Mannan and Hy Manoge.  The name is quite obsolete.  They were, I suggest, Britons, like the Hy Brittain of Manann and the Mic Breathnaigh and Hy Arthuir of Tuath O Cuscraighe.  Manoge and Mannan are identical.         (Rice 1921 17)      | |
| n/a | Is spéisiúlade buntéis an Ollaimh (is é sin, gurb ainmneacha topagrafacha iad seo go léir a bhfuil baint acu le huisce, ibid.) í a bheith á tomhas anseo i gcoibhneas a bhfuil d’áiteanna darb ainm Mannin/Manning in Éirinn: | |
| n/a | MANAINN (logthuiseal mana, q.v. DIL, s.v. 2. mana). | |
| n/a | Ní foláir leis an Ollamh Wagner nó is focal é Manannán (na farraige) a bhfuil baint aige le Mana na Sean-Ghaeilge, focal arb ionann é féin agus Manaw, is é sin, ainm na Breatnaise ar Oileán Mhanann (Wagner 1979 32) agus dhá shampla chomhghaolmhara eile, dar leis, is ea Menai (a dtugtar ar an uisce sin a shníonn idir Anglesey agus an Mhíntír) agus Môn (- ainm na Breatnaise ar Anglesea). | |
| g.d. | Dún Máighe go Manainn? | Dioghl. D Leathanach: 332, Véarsa: 20
           | 
| 1300-1 | Manynmor | CPlR Leathanach: IX 80
           | 
| 1301 | Mamyn (sic) | CPlR Leathanach: 5
           | 
| 1301 | Mannyne | CPlR Leathanach: 40
           | 
| 1400c. | Dúin Manann (g.) | Top. Poems Leathanach: 46.1238
           | 
| 1460c. | Manann | CrC 2 Leathanach: 174.5
           | 
| 1580c. | ar Mhionmhanainn | CDhonn. Leathanach: 511.122
           | 
| 1587 | Manninge | |
| 1587 | Mannyngcreighe; | F Leathanach: 6792
           | 
| 1587 | Mannynvicke Jordan | F Leathanach: 6792
           | 
| 1589 |  the castle ... of Manoge alias  Manning | F Leathanach: 5291
           | 
| 1610 | Manyne orse  Manynge | CPR Leathanach: 194-a
           | 
| 1612 | Manninge | CPR Leathanach: 235-b
           | 
| 1627 | East Manninge et west (sic) Manninge (AL:  Car. 1) | Inq. Leathanach: III 223
           | 
| 1628 | Maninge | CPCR Leathanach: 384
           | 
| 1637 | Manninge;  East and West Maning | Lodge MSS Leathanach: XVIII 153
           | 
| 1642 | Manning | Dep. 1641 Leathanach: III 158r
           | 
| 1659 | Manning (p. Cariganeady) | |
| 1660c. | Mannin | BSD (Co) Leathanach: 135
           | 
| 1683 | Maning | |
| 1709 | Manning(s.n. Algernon Fennell) | OG: Welpy Leathanach: 530.61
           | 
| 1723 | Manning | CGn. Leathanach: 41.106.24783
           | 
| 1757 | Mannin | |
| 1768 | Manain | O'Br. Leathanach: 236
           | 
| 1801 | Mannin | CGn. Leathanach: 533.142.352018
           | 
| 1811 | Manning (AL) | |
| 1812 | Manning (T.L.) | Post. Towns Leathanach: II 10
           | 
| 1825 | Manning | TAB Leathanach: 67
           | 
| 1839 | Manning | BS:AL Leathanach: 1 35
           | 
| 1839 | “meaning uncertain” | |
| 1839 | mainíng | 
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/10147.aspxTuilleadh eolais faoin áit seo
Béaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
 
                            