Léim go dtí an bosca cuardaigh
Á lódáil
Léarscáil á lódáil...
An Chathair Á lódáil...
ginideach: na Cathrach
ainm deimhnithe
(Gaeilge)
Caher Á lódáil...
(Béarla)
Ainmneacha eile
Cahir
ainm áitiúil
(Béarla)
Nóta mínithe
  • Gaeilge

    An Chathair / Caher
    the stone ring-fort

    Luaitear an logainm Dún Iascaig i dtéacs Gaeilge a cumadh sa naoú haois meastar. Ginideach an ainmfhocail iascach is ea an dara focal. Cnuasainm atá ann agus ‘éisc’ is brí leis. (Tabhair faoi deara go bhfuil caisleán meánaoiseach na Cathrach suite cois taobh na Siúire.) Faightear dornán eile tagairtí do Dún Iascaigh (et var.) sa Ghaeilge, ar nós Dún Iasgaigh (1450), Dún Iasccaigh (1581), Dún Iasc agus Dún Iascaigh. I saothar Shéathrúin Céitinn, arbh as an taobh sin tíre dó, atá an dá sholaoid dheiridh. Dealraíonn se gur tógadh cathair (‘fort’) le hais, nó ar láthair, seandúin. Nuair a luaitear an chathair go sonrach, is foirm fhada den logainm is comónta sna téacsanna luatha, idir Ghaeilge agus Laidin, m.sh. Cathair Duine Iascaig (1100c), Cathair Duine hIascaigh (1100c.), Ratherdunesk (leg. K-) (1260), Katherdunesk (1300), Catherdunesqe (1302-6), Cathyrdonyesk (1309), Kahirdunaheascy, Kahyrdunaheascy, Kahirdiynaheascy (1475). Go deimhin, tá foirm fhada an logainm le fáil go rialta ón bhfianaise is sine anuas go dti iontráil an Ainmleabhair, bliain 1840. Seo cuid dá bhfuil againne ón séú haois déag amach, Cathair Duine hIascighe (1516), Chathrach Dúna hIascaigh (ginideach) (1550c.), Cathair Dúna hIasc (1570c.), Cathair Dúine hIasccaigh (1599), Cathair Dhúna hIasc (1760c), Caithir Dhún Íasg (1829), Cathair Dhun Iasca (1840).

    Tá fianaise ann leis, go dtugtaí An Chathair ar an áit, beag beann ar Dún Iascaigh. Is i gcáipéisí Laidine atá na samplaí is luaithe den fhoirm ghairid, Cathir (1302-6), le Cather (1305) m.sh. Seo i mo dhiaidh dornán samplaí as téacsanna Gaeilge den fhoirm ghairid, na Cathrach (ginideach) (1550), An Chathair (1570c), ‘ris an gCathair’ (1570c), na Cathrach (ginideach) (1627, filíocht Shéathrúin Céitinn), ‘on gCathair’ (1827, Cinnlae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin). Tá nóta i gceann de Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis, atá comhaimseartha leis na hAinmleabhair (1840), a léiríonn go raibh an fhoirm ghairid in úsáid an tráth úd: ‘The name of this Parish is pronounced in Irish Cathair...The ancient name was Cathair Dhuna Íasca’. Tá an chuma air go bhfuil an ráiteas sin fíor. An fhoirm ghairid amháin a bailíodh ó na cainteoirí deireanacha a raibh Gaeilge ó dhúchas acu in iardheisceart Cho Thiobraid, timpeall 1963. Ba é an dála céanna é i Sliabh gCua, i gCo. Phort Láirge laisteas, triocha bliain roimhe sin. I gcnuasach béaloidis ón cheantar sin a cuireadh i gcló in Béaloideas (1936), is iad na leaganacha a fhaightear ná ‘go dtí an Chathair’, ‘ón Chathair’. Is don fhoirm fhada amháin a thug Seosamh Laoide aitheantas sa dha eagrán dá shaothar Post-Seanchas, Cathair Dúin Iascaigh (1905) agus Cathair Dhúin Iasgaigh (1922).

Eangach Náisiúnta

S 05 25

Airíonna

Tá postoifig anseo nó bhí tráth.

Taifid chartlainne
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1165655.aspx
Béaloideas

Tá ábhar béaloidis a bhaineann leis an áit seo ar fáil i mBailiúchán na Scol (1937-1939) »

Sonraí ríomhaireachta