Nóta mínithe
- Gaeilge
fort of pride, height?
atuiscint (?) < Dún (n)Doghair “the fort of Doghar (ainm pearsanta)?”
Tá an fhianaise stairiúil don ainm seo an-ghann. Logainm comónta go leor is ea Dún Uabhair “fort of pride, height?” (samplaí in CD, Ce, Ci, Co, Lú, Mí, TÁ) agus is é is dóichí ná gurb in atá sa dara heilimint anseo. Ach tá seans ann gur atuiscint is bunús leis an logainm sin sa chás seo. Tabhair faoi deara an tagairt stairiúil 1160c ‘lotar Laigin dar Áth Dúne Dogair’ ‘chuaigh na Laighin thar Áth Dúine Doghair (“the ford of Dún (n)Doghair”)’ i gcur síos ar chatha a bhris Éanna Cinnsealach ar na Muimhnigh. Féach go bhfuil bf Donore suite cois na Feoire ar theorainn bharúntachta, leathshlí idir an dá bhaile eile a luaitear sa chuid seo den téacs, mar atá b Caiseal (TÁ) (‘dar múr Casil chliaraig’) agus bf Mullach Maistean (CM) (‘co Mastin miadglain’), cé go bhfuil sé tamaillín ón bpríomhbhealach. D’fhéadfadh sé, mar sin, go ndearnadh an logainm Dún (n)Doghair a athmhíniú mar Dún Uabhair. Cuir i gcás an atuiscint a rinneadh go háitiúil ar an mionainm Cora Dhoghair i Luimneach (#1393755) (1175 ‘a caraigh Doghair’) mar Cora an Ghabhair “the weir of the goat”. Níl go leor fianaise againn chun deimhin a dhéanamh den ionannú seo in aon chor, áfach.
Lárphointe
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1373522.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML