BRABHSÁIL
toghroinn
Coill Ghort Riain
ginideach: Choill Ghort Riain
(Gaeilge)
Kyle South
(Béarla)

Gluais

Béarla church
coill, coillidh, coillte, coille
Béarla wood
gort, gart
Béarla field

Ordlathas

contae

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the wood of the field of Rian?
    wood of (the) field of (the) path?
    Ní léir cé acu an t-ainm pearsanta Rian nó an t-ainmfhocal rian atá san eilimint deiridh. Is deacair leaganacha béarlaithe de cill agus coill a idirdhealú uaireanta. Faightear défhoghar (~/əi/) sa dá fhocal seo araon i logainmneacha na háite seo (e.g. bf Coill tSaileoige (#28042) agus bf Cill Deilge (#28033) i bparóiste Achadh Bhó) agus gan amhras is fíorannamh is féidir brath ar ortagrafaíocht an Bhéarla i dtaobh chaoile nó leithne c- tosaigh na Gaeilge. Ní mór mar sin dul i muinín leis an bhfianaise seandálaíochta. Deir an Corragánach ‘There was a church here in early times, but nothing remains to mark its site save a very small obsolete graveyard’, ach níl a rian seo le fáil san Fhardal Seandálaíochta. (Tá na tagairtí do na bailte fearainn sa bharúntacht seo darb ainm Béarla Kyle measctha sa leagan clóite den Fhardal Seandálaíochta; ní bhaineann leis an mbaile fearainn seo ach §5 ‘megalithic structure’ agus §462 ‘enclosure’; cf. www.archaeology.ie.) Moltar coill anseo. Mar leis an eilimint deiridh, ní féidir trian “third part; division, quarter” a chur as an áireamh. Cf. bf An Choill Bheag (#28710).

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm