Nóta mínithe
- Gaeilge
the hollow of An Currach?
An Currach “the wet land” — logainm
ach rectius Log an Churraoin “the hollow of the —”
Socraíodh Log an Churraigh mar ainm postoifige i 1969 (Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist) agus tugadh stádas oifigiúil dó i 1973. Bhí an fhoirm sin bunaithe go mórmhór ar aon tagairt amháin, 1612 ‘Corragh al’ Loggechurry’ (Inq. Lag. 2 Jac. I) (ní raibh an tagairt ó 1643 ar eolas acu ag an am). De réir dealraimh thagraíodh logainm eile An Currach “the wet land” don talamh anseo timpeall gur ghlac ‘Logg currin’, et var., a ionad ó lár an 17ú haois amach.
Ach taobh amuigh den fhoirm seo ó 1612 tá n deiridh le fáil tríd síos san fhianaise, idir na foirmeacha béarlaithe agus an fhoirm Ghaeilge 1838 ‘Lag a curraoin “hollow of the little moor”’ ag Laurence (Maoileachlainn) Ó Broin (1751–1838), a rugadh san Fhailligh Bheag laisteas. Ba é ‘Logacurren’ in n an litriú ag a athair siúd Gearóid Ó Broin (1716–1780) (Hardiman’s Irish Minstrelsy 189). Réiteodh foirm Ghaeilge an Bhranaigh leis an bhfuaimniú béarlaithe áitiúil i 1838 ‘Luggacurreen’ pl:AL (ar dócha nach é féin a sholáthair é) agus le fuaimniú amháin a breacadh síos c.1960 /ˌlɔgəˈkoˌrin/ (féach 1838 ‘-een’ agus an bhéim thánaisteach ar 1960 /ˌrin/).
Más ea ní cinnte brí an cháilitheoir seo in n. Tá dealramh leis an tuiscint áitiúil gurbh fhoirm dhíspeagtha é de currach “wet land” (cf. b’fhéidir bf Lios Churraoin (#1410396), ainm fo-bhaile i dTiobraid Árann lámh le bf Na Curraithe Glasa (#46012) .i. iolra < currach). Díol spéise go bhfuarthas mionainm áitiúil anseo c.1960 /ðə ˈkoɾoxs/ (‘The Curraghs’). D’fhéadfaí coirrín, foirm dhíspeagtha é de corr, a bhfuil bríonna éagsúla leis, a chur san áireamh freisin agus tá samplaí den mhír aonair curraoin i logainmneacha Dhún na nGall (< corr?).
Ach ní thagann aon fhoirm stairiúil le foirm Ghaeilge Daniel O’Byrne 1851 ‘Lugacurren … (Log-an-chorain), the Hollow of the Hook’ [*Log an Chorráin] sa chur síos aige ar The Dun of Luggacurren SO anseo (Trans. Kilk. Arch. Soc. I 298). Tabhair faoi deara an n deiridh arís mar sin féin.
Ní léir cérbh é an Phelim a thug ainm do Phelim’s Cross Roads SO in airde ar imeall theas an bhaile fearainn. Féach gur de shliocht Fhéilim mhic Fhiacha iad na Branaigh thuasluaite a chuir fúthu anseo sa 17ú haois.
Lárphointe
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1373547.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML