Léim go dtí an bosca cuardaigh
Port Laoise (Uirbeach) Á lódáil...
ginideach: Phort Laoise
(Gaeilge)
Portlaoighise (Maryborough) Urban Á lódáil...
(Béarla)
Gluais
port port, bank, fort
Nóta mínithe
  • Gaeilge

    the fort of Laois

    Is mó ainm a bhí ar an mbaile plandála seo i mBéarla (Fort Protector, Newfort, Maryborough, Queenstown) agus i nGaeilge (Campa, Port Laoise). Is féidir an dá ainm Gaeilge 1548 ‘an campa hi Laoighis’ agus 1580 ‘Port Laoighisi’ a chur i gcomparáid leis an tagairt luath Béarla 1549 ‘the fort at Leyx’. Díobh seo is é Port Laoise a chuaigh i dtreis ag lucht na Gaeilge mar ainm ar an mbaile. Díol spéise go bhfuil an guta deiridh ar lár ag Ó Mealláin in 1646 ‘go Port Laoiis’, ‘d’iarradh Port Laoiis’, srl. (Ollscoil Chorcaí LS 3 41, 42 ar www.isos.ie).

    Ba é fianaise Laurence (Mhaoileachlainn) Uí Bhroin (1751–1838) (féach #28176): ‘in his time, the old inhabitants of the county, when speaking Irish, called Maryborough by this name, viz. Port, .i. town, Laoighise, .i. of Laoighis’ (LSO I 168). Féach an leagan clóite de na hAnnála faoin mbliain 1580: ‘This is still the Irish name for the town of Maryborough throughout Leinster’ atá ansiúd (ARÉ V lch.1750 n.g). Níor ghnách leis an Donnabhánach an béal bán mar seo agus is féidir glacadh leis go raibh foinsí eile de bhreis ar an mBranach ina thaobh (cf. par Mainistir Eimhín (#1208) i gContae Chill Dara).

    Sa bhliain 1929 a baisteadh an leagan Gaeilge ‘Portlaoighise’ mar ainm oifigiúil ar an mbaile. Féach leis Bradley, Laois: History & Society 267–271, Cosby ibid. 309–313.

Nasc buan
https://www.logainm.ie/1373561.aspx

Sonraí ríomhaireachta