BRABHSÁIL

Ordlathas

contae

toghroinn

fo-aonaid

Tigh na hInse
ginideach: Thigh na hInse
(Gaeilge)
Tinnahinch
(Béarla)

Gluais

inis, inse
Béarla island; river meadow
teach, steach, stigh, tigh
Béarla house

Ordlathas

contae

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the house of An Inis (the river-island)
    Ba é Uí Riagáin (“descendants of Riagán (ainm pearsanta)”) seanainm na dúiche seo, as an treabhchas a bhí i réimeas anseo tráth. Dúiche Ó Riagáin “the district of Uí Riagáin” a bhí air ní ba dhéanaí (e.g. 1593 ‘Dowhie o Regaine’ LS Uí Dhuinn 49), agus de réir an Donnabhánaigh ba é Dooregan an t-ainm coitianta a bhí ag muintir na háite ar an mbarúntacht sa 19ú haois (LSO II 123). Ag seo Ó hUidhrín:

    *Ar Uíbh Riagáin na ruag ttrom* *gasraidh mhear mhuidheas comhlonn*; *Ó Duinn*, *taoiseach na toghla*, *cuing na ccraoiseach ccathordha*.
    **Ó Duinn** (ainmnithe as **Donn**, garmhac an Riagáin thuas de réir na nginealach) an príomhtheaghlach Gaelach sa cheantar. Príomhfhoinse ríthábhachtach le haghaidh logainmneacha thuaisceart Chontae Laoise is ea na cáipéisí de chuid an teaghlaigh seo a thagann anuas chugainn i lámhscríbhinn i Leabharlann Marsh Z.4.2.19. Tá siad curtha in eagar ag Nicholls in *The O Doyne* (*Ó Duinn*) *Manuscript* [*LS Uí Dhuinn* anseo]. Cuid den tseandúiche Uí Fhailí (Uí Fhailghe) ab ea an dá bharúntacht thuaidh seo Tigh na hInse (.i. Uí Riagáin) agus Port na hInse (#130) (ar chuid é de Chlann Mhaoilíora (#1403509)). Féach *bf* **Tigh na hInse** (#28682), *bar* **Port na hInse** (#130).

Lárphointe

53.1231, -7.49267domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm