BRABHSÁIL
ionad daonra
Droichead an Chláir
ginideach: Dhroichead an Chláir
ainm deimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Clarecastle
(Béarla)

Gluais

Béarla plank bridge; plain
Béarla bridge

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Is é Droichead an Chláir an leagan dlíthiúil Gaeilge den logainm seo ó rinneadh An tOrdú Logainmneacha (Lárionaid Daonra agus Dúichí) 2005 faoi Chuid 5 de Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Bhí an fhoirm Ghaeilge sin socraithe cheana in An tOrdú Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge) (Uimh. 1) (Postbhailte) 1975 a rinneadh faoi An tAcht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge) 1973. (Tabhair faoi deara nach raibh d’fheidhm ag foirmeacha Gaeilge logainmneacha faoi Acht 1973 ach na logainmneacha dlíthiúla Béarla (sa chás seo Clarecastle) a chur in iúl as Gaeilge chun úsáid oifigiúil.) Dhearbhaigh Ordú 1975 na foirmeacha Gaeilge a bhí molta ag an gCoimisiún Logainmneacha in Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist (1969), mar thoradh ar an athbhreithniú oifigiúil ar ainmneacha Gaeilge phostoifigí an Stáit a bhí bunaithe ar bhlianta fada diantaighde agus comhairliúcháin phoiblí. Ba é a bhí curtha roimh an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an taighde cuimsitheach a chuir an Brainse Logainmneacha faoina bhráid, agus teacht ar an leagan den logainm is deireanaí a bhí i ngnáthúsáid ag muintir na háite fad is a bhí an Ghaeilge ina teanga phobail sa cheantar. (Tabhair faoi deara nach raibh sé d’aidhm ag an gCoimisiún an leagan is clasaicí ná an leagan is sine den logainm Gaeilge a athbheochaint.) Is amhlaidh a chuir an Coimisiún Droichead an Chláir os comhair an phobail den chéad uair in Ainmneacha Gaeilge na mBailte Poist i gCúige Mumhan — Liosta sealadach (1960).

    Is léir ar an bhfianaise a thagann anuas chugainn go dtugtaí ainmneacha eile ar an áit seo sa Ghaeilge thar na blianta. Níl an fhianaise sin rófhlúirseach ach de réir gach dealraimh is é Áth Dá Chara “ford of (the) two weirs” an t-ainm Gaeilge is luaithe a bhí ar an áit (malairt choitianta ar cora “weir” is ea cara), agus é ag tagairt don trasnú thar an bhForghas anseo mar a bhfuil dornán oileán. Féach mar shampla an blúire seo a leanas as lámhscríbhinn ar a dtugtar ‘An Seanchas Mór’ (TCD LS 1336), a cóipeáladh sa 16ú haois, ar sliocht é as seanchur síos ar theorainneacha Thuamhan: ‘…do ath dea chara airm a teit in forgas i muir’ [do Áth Dá Chara, áit a dtéann an Fhorghas san fharraige].

    Sa lámhscríbhinn chéanna tá cóip den téacs Meán-Ghaeilge Cert Ríg Caisil [Ceart Ríthe Chaisil] (c.1100), cuntas ar an gcáin a bhí ag dul do rí Chaisil as na ceantair éagsúla a bhí faoina smacht. Sa chuid den téacs a bhaineann leis an taobh seo tíre .i. an tseandúiche darbh ainm Corca Bhaiscinn, sonraítear ‘A chís ó Chorco Baiscinn … ó tá Lém Chon Culainn co Clár Átha Dá Chara’ [A chíos ó Chorca Bhaiscinn … ó Léim Chon Culainn go Clár Átha Dá Chara] (in eagar ag Hull, Mediaeval Studies 11 (1949) 236). Ar ndóigh, ba é Léim Chon Culainn “the leap of Cú Chulainn” an seanainm a bhí ar Ceann Léime / Loop Head, imeall thiar na dúiche sin a bhí idir chamáin. (Tá cóip níos luaithe den téacs céanna le fáil i Leabhar Bhaile an Mhóta (c.1400).) Faighimid an nath ceannann céanna ag Aindrias Mac Cruitín agus é ag caoineadh duine ó Chorca Bhaiscinn a cailleadh i 1738: ‘…Is do shamhailtse níl eatortha / Is do mheathadar ó Chlár go Léim’ (1738). An t-achar idir Droichead an Chláir agus Ceann Léime, arís, atá i gceist ag Mac Cruitín.

    Cuireann eagarthóir an téacs úd Cert Ríg Chaisil an dáta c.1100 ina leith (Hull 1949). Is féidir linn a thuiscint, más ea, go raibh an eilimint clár curtha roimh an mbunainm úd Áth Dá Chara faoin tráth sin.

    Cé gurb é “level place, plain” an bhrí is iondúil a bhíonn le tuiscint as an bhfocal clár i logainmneacha (m.sh. Clár Maí Locha (#122) i gContae Laoise, Clár Chlainne Mhuiris (#175) i gContae Mhaigh Eo, srl.; féach eDIL s.v. clár), d’fhéadfaí príomhbhrí an fhocail “board, plank” a chur san áireamh anseo, agus feabhsuithe nó neartuithe ar an áth trasna na habhann i gceist. Ag scríobh dó sa 19ú haois, dúirt P.W. Joyce i dtaobh an logainm An Clár: ‘the tradition of the people is, that it was called Clare from a board formerly placed across the river Fergus to serve as a bridge’ Irish Names of Places I 428 (1869). Mar is minic a rinne Joyce, is amhlaidh a d’aimsigh sé an t-eolas áitiúil sin i gcáipéisí na Suirbhéireachta Ordanáis gan an foinse sin a lua os ard. Is é Eoghan Ó Comhraí, scoláire Gaeilge ó iarthar Chorca Baiscinn, a bhí ar obair pháirce ar son na Suirbhéireachta sa cheantar seo i 1839, gur scríobh: ‘The name of this parish (Clare) [i.e., Clareabbey], as well as of the county, is popularly believed, and I think with good reason, from [sic] a board or plank which was placed across the river Fergus at this place, for passengers to cross on, before a bridge had been built there’ Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis (Contae an Chláir) II 113.

    Ní foláir dúinn a bheith cáiréiseach i dtaobh a leithéid d’fhoinsí Gaeilge sa mhéid is nach féidir talamh slán a dhéanamh de i gcónaí gur *Clár Áth Dá Chara a bhí mar ghnáthainm ar an áit sa chaint an uair úd — d’fhéadfadh sé gur (An) Clár leis féin a bhí air, mar a bhí ar a lán áiteanna eile, agus gur brí ar nós “the place called An Clár situated at Áth Dá Chara” atá le tuiscint as na tagairtí liteartha seo. Ach bíodh sin mar atá, is é an leagan fada céanna atá againn sa chéad tagairt Ghaeilge a thagann anuas chugainn don chaisleán a tógadh anseo: féach ‘Brian Ruadh Ua Briain d’iompúdh for Gallaibh. Airgthi aidble do dénamh dó orra, ⁊ caislén Cláir Átha Dá Caradh do gabháil dó’, an tuairisc in Annála na gCeithre Máistrí s.a. 1270. Ach is éard atá ag freagairt dó sin in Annála Chluain Mhic Nóis faoin mbliain chéanna — annála nach maireann ach mar aistriúchán Béarla a rinne scoláire Gaeilge sa 17ú haois ar bhunfhoinsí atá caillte ó shin — ná ‘Bryan Roe o’Bryan made a retraite on the Englishmen, tooke greate spoyles from them & tooke the Castle of Athdacara’.

    Pé ar domhan de, tá sé le tuiscint go raibh an logainm simpléacsúil An Clár ag glacadh ionad an tseanainm sa Ghaeilge faoin 14ú haois. Féach tagairt eile as annála dúchasacha: ‘Donatus O Briain cepit eis praedam magnam ultra Clar, ubi aliqui interfecti sunt & aliqui capti & multi spoliati’ Annála Inis Faithlinn s.a. 1314. An Clár, freisin, a thug ainm Gaeilge don mhainistir a tógadh anseo ag deireadh an 12ú haois: féach ‘i mainistir in Chláir’ in Caithréim Thoirdhealbhaigh (c.1350), cé gurb é ainm na habhann féin atá le fáil sna tagairtí is luaithe Laidine don láithreach eaglasta chéanna: ‘…de Forgio’ (1302). (Dála an scéil, déanann scoláirí amach gur sa teach screaptra i Mainistir an Chláir féin a scríobhadh an téacs Gaeilge úd Caithréim Thoirdhealbhaigh.) Tá an dá leagan le fáil i gcáipéisí eaglasta de chuid an 15ú haois, m.sh. ‘monasterii Apostolorum Petri et Pauli de Forgio alias de Clar’ (1464). Ar ndóigh thug Mainistir an Chláir / Clareabbey ainm don bhaile fearainn laistiar ó thuaidh ó bhaile Dhroichead an Chláir, agus don pharóiste dlí ar fad.

    An Clár Mór “the great Clár” ainm eile a bhí ar an sráidbhaile seo de réir mar a bhí a thábhacht ag dul i méid le linn an 16ú haois, agus de réir mar a bhí idirdhealú ag teastáil ó áiteanna eile den ainm céanna ar fud na tíre. (Cf. Corcaigh Mhór na Mumhan “the great Corcaigh in Munster” mar ainm fada fileata coitianta ar phríomhbhaile an deiscirt .i. Cathair Chorcaí an lae inniu, chun é a idirdhealú ar shampla eile den logainm Corcaigh “marsh”.) Féach mar shampla ‘an clár mór’ (1558) ag na Ceithre Máistrí agus an litriú béarlaithe ‘Claremore’ (1580) in Ionchoisne de chuid na dTúdorach. Mar a mhínigh na Ceithre Máistrí — agus iad ag caint ar dhrong a bhí ‘ag ionnsaighidh an Cláir Mhóir’ [ag ionsaí an Chláir Mhóir] arís faoi mbliain 1600 — ‘As ón cClár sin ainmnighthear Conntae an Cláir’ [Is ón gClár sin a ainmnítear Contae an Chláir]. Níor ghreamaigh an úsáid sin rófhada, áfach, agus faoi mar a chonaiceamar thuas bhí (An) Clár in úsáid ag file Gaeilge de bhunadh an chontae sa 18ú haois. Sna foinsí gallda freisin is mar ‘Clare’ leis féin is minicí go mór atá ainm an bhaile le fáil sa tréimhse seo, m.sh. ‘Castell of Clare’, ‘the abby of Clare’ (1585) Composition Book of Connaught; ‘the town of Clare’ (1621) Calendar of Patent Rolls; ‘Clareaby … Clare Town’ (1655) Census; ‘the town of Clare’ (1710) LSS Inse Uí Chuinn; ‘Clare’ (1778) Taylor & Skinner.

    I saol na Gaeilge, áfach — mar chodarsnacht, is cosúil, le Mainistir an Chláir / Clareabbey lastuaidh agus beag beann ar an ngnáthainm i saol an Bhéarla — tháinig ainm eile chun solais, mar atá Droichead an Chláir. Is deacair an t-ainm Gaeilge seo a dhátú go cruinn, ach féach an míniú áitiúil a luamar thuas ‘a board or plank which … before a bridge had been built there’. Tá droichead le dealramh ar an láthair leis na cianta, áfach. (Díol spéise, mar eolas, fobhrí amháin a bhí leis an bhfocal droichead i nGaeilge dhéanach Chontae an Chláir, cé gur dócha nach mbaineann sé le hábhar anseo: ‘D[roichead] abhann = clár amháin nó breis ag gabháil treasna abhannCaint an Chláir I 366 (1940).)

    Chun filleadh ar ais ar an leagan oifigiúil, más ea, tá cáipéis againne sa Bhrainse Logainmneacha a thaispeánann go raibh trí ainm éagsúla le cur san áireamh ag an gCoimisiún Logainmneacha i dtosach an athbhreithnithe oifigiúil sin sna 1950í, mar a bhí ‘Droichead an Chláir’, ‘Caisleán Chláir Átha dá Charadh’ agus ‘An Clár Mór’, agus iad bunaithe ar na foinsí éagsúla a luamar thuas. Is é an chéad cheann acu seo, Droichead an Chláir, a bhí in úsáid i ngasaitéar na Seirbhísí Poist ag an am .i. Eóluidhe an Phuist/Eolaí an Phoist (1923–). (Tabhair faoi deara nach raibh aon stádas oifigiúil ag na foirmeacha Gaeilge a bhí in úsáid ag na Seirbhísí Poist ná ag aon rannán eile Stáit roimh bhunú an Choimisiúin Logainmneacha i 1946, rud nach dtuigtear go forleathan.) Bhí na foirmeacha Gaeilge san Eolaí bunaithe ar Post-sheanchas I (1905) & II (1911), lámhleabhar logainmneacha de chuid Chonradh na Gaeilge a bhí curtha in eagar ag Seosamh Laoide. In ainneoin go raibh claonadh láidir ag an Laoideach ar son seanfhoirmeacha fada fileata logainmneacha ar uairibh, níor ghá dó bacúint le leithéid ‘[Clár] Áth Dá Chara’ a athbheochan mar ainm Gaeilge ar Clarecastle. Mhol sé ‘Droichead an Chláir (An Clár)’ mar leagan(acha) Gaeilge d’ainm na postoifige in Post-sheanchas I (1905) (liosta Béarla–Gaeilge). Mhínigh sé an dúbailt seo in Post-sheanchas II (1911) (liosta Gaeilge–Béarla), mar ar chuir sé an nod ‘N.’ leis an dá iontráil ‘An Clár (=Droichead an Chláir)’ agus ‘Droichead an Chláir’ araon. Sheas an nod seo aige do ‘nua-ainm an bhaile á úsáid sa chaint’. Chloígh Fiachra Éilgeach (Risteárd Ó Foghludha) leis an ainm céanna sin in Log-ainmneacha (1935) freisin. (Ait go leor, mhol an tAth. Pól Breatnach an t-ainm stairiúil ‘An Clár Mór’ ar léarscáil Ghaeilge a d’ullmhaigh seisean (i gcomhar le Fiachra Éilgeach) don tSuibhéireacht Ordanáis i 1938 (‘Éire 1:150,000’).)

    Ní i gcónaí a bheartaigh an Coimisiún Logainmneacha gur chóir cloí leis an bhfoirm Ghaeilge den logainm a mhol Laoide i 1905, ach tar éis an fhianaise go léir a mheas is amhlaidh a bheartaigh i gcás an logainm Droichead an Chláir. Mar a dúradh thuas, tá an t-ainm sin in úsáid oifigiúil ó 1969 i leith agus tá sé ina logainm dlíthiúil Gaeilge ó 2005.

    [AMGC]

Lárphointe

52.8131, -8.96412domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Airíonna

POTá postoifig anseo nó bhí tráth

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilte

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm