Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
ionad daonra
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Nóta mínithe
- Gaeilge
town of (the) palisade
Cuireadh críoch le lámhscríbhinn leighis anseo sa bhliain 1594:
FINIS anni domini .1594. an seachtmadh la do mi Iúin. A mBaile hi Dhiomusaigh .i. a mBaile Briotáis mo log sccribhinn. Agus ó Risdeard mhac Muircheartaigh [.i. Risteard mac Muircheartaigh Ó Conchúir] fuarus an leabhar as ar sgriobhus, co ccuidhtigh Dia lais é. Misi Eoghan Ua Beitheacain do sgrioph
[Leabharlann Náisiúnta G 414 lch.473; cf. ‘o Eoghan O mBeitheachain’ ibid. lch.493]
Tá an tagairt seo pléite ag Nic Dhonnchadha san alt aici ‘The Medical School of Aghmacart’ in Ossory, Laois and Leinster 2 (cf. #1413). Luann sí 1600 ‘Owen O Beaghan, of the Bracklo … chirurgeon’ F 6439, 1602 ‘Owen O Beaghain, of Bracklain … yeoman’ F 6666 (.i. bf An Bhreac-chluain (#28601) in aice Chaisleán Lé). Anuas orthu seo féach go raibh an fo-bhaile Pollach an Bhaile Nua, atá díreach lastuaidh de Bhaile Briotáis, i seilbh ‘Owen O’Beghan’ i 1617 (pléite faoi bf Ráth Mhaoilis (#28293) thíos).
Is féidir glacadh le Baile Uí Dhíomasaigh “the town of Ó Díomasaigh” mar ainm fileata ar phríomhbhaile seo thiarna Chlann Mhaoilíora. Tá cur síos maith san Fhardal Seandálaíochta (www.archaeology.ie) ar iarsmaí Sheanbhaile Briotáis in iarthar an bhaile fearainn agus ar na fadhbanna a bhaineann le suíomh sheanchaisleán Uí Dhíomasaigh a bheachtú. Tá an baile nua féin suite in bf An Tulachán (#28294) lastoir.
Mionainmneacha ar an léarscáil:
- Truailliú seanbhunaithe sa Bhéarla é Glenmalyre Demesne SO in Glen- ar ainm na seandúiche seo d Clann Mhaoilíora (#1403509) (agus féach sa Ghaeilge féin 1796 ‘sliocht iarlaí mise ó Ghleann Malaoir’ RIA 24 C 57).
- 1600 ‘the Grage’ F, 1602 ‘the Grage’, 1841 Graigue SO < An Ghráig “the village”. Le hais bf Gráig Ó bhFuaráin (#28484) lastoir.
- Timpeall ar Windmill Hill SO, Lea Windmill (in ruins) SO 6″ léiríonn léarscáil Cahill (1805) ‘Bally Knowlard’. Tagairtí stairiúla is ea 1518 ‘Orchardiston 20 acres’ Kildare Rental (cuid de ‘Gaydonsland’), 1540 ‘in villata Ballynolert sunt 20 acre’ Crown Survey, 1569 ‘Ballenowlert’ F, 1575 ‘Orchardston, alias Ballinnoulard’ JKAS 339, 1583 ‘Ballenowlert’ F, 1617 ‘Ballynowlord & Pollaugh’ Inq., 1617 ‘Ballyolarde al’ Orchardston’ Inq., 1666 ‘Ballynowlart alias Catharinestowne’ ASE 84, 1695 ‘Ballynowlart’ Inq. < Baile an Abhalloirt (?) “the town of the orchard”. Is fearr an réitíonn an fhianaise leis an ainmfhocal coitianta in ainneoin struchtúr an leagain Bhéarla luaith ‘Orchardiston’ a thugann sloinne le fios mar a bheadh Baile an Abhallortaigh “the town of An tAbhallortach” (An tAbhallortach < Orchard na nAngla-Normannach) (cf. #48407 i dTiobraid Árann).
- Ní léir bunteanga an mhionainm Brack Hill SO 6ʺ, Brockhill SO 25ʺ in iarthar an bhaile fearainn. Tá sé suite ag bun ardáin ar shuíomh 1655 ‘Timber wood’ DS.
- Scriosadh Ashgrove Rath SO sa bhliain 1997 (www.archaeology.ie).
Lárphointe
Airíonna
Tagairtí stairiúla
1838 |
Ballybrittas
|
Vestry Bk.:AL Leathanach: La041,5
|
1838 |
Ballybrittas
|
|
1838 |
[Ballybrittas]
"…a hamlet…is called 'Old Ballybrittas' and sub-denominations called 'Springfield' and 'Brackhill'."
|
Desc. Rem.:AL Leathanach: La041,5
|
1838 |
Ballybrittas
|
OD:AL Leathanach (AL): La041,5
|
1838 |
Baile briotas, 'town of the speckled land'
|
OD:AL Leathanach: La041,5
|
1838 |
Ballybrittas
|
Inq. G III:AL Leathanach: La041,5
|
1838 |
Ballibrittas
|
Inq. J I:AL Leathanach: La041,5
|
1838 |
Ballibrittas
|
DS:AL Leathanach: La041,5
|
1838 |
Ballybrittas
|
HCons PR:AL Leathanach: La041,5
|
1838 |
Ballybrittas
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach (AL): La041,5
|
1838 |
Ballibrits
|
DS:AL Leathanach: La041,5
|
1838 |
Ballibrittas
[Copy of DS 1761]
|
DS:AL Leathanach: La041,5
|
1838 |
Ballybrittas
|
HCSV:AL Leathanach: La041,5
|
1838 |
Ballybrittas
|
HCPR 1824:AL Leathanach: La041,5
|
1838 |
Ballybrittas
|
BS:AL Leathanach: La041,5
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1413852.aspxTuilleadh eolais faoin áit seo
Béaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML