BRABHSÁIL
paróiste dlí
Cill Cholmáin Bhric
ginideach: Chill Cholmain Bhric
(Gaeilge)
Kilcolmanbrack
(Béarla)

Gluais

Béarla church

Ordlathas

contae

barúntacht

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the church of Colmán Breac
    ? atuiscint < Cill Chluain Broic “the church of Cluain Broic (“the pasture of Broc”; “pasture of (the) badger”)”

    Ar an gcéad fhéachaint bheadh sé réasúnta a mheas gur bheirt naoimh, mar atá Colmán Bán “white Colmán” (cf. ‘Colmán BánCorpus Genealogiarum Sanctorum Hiberniae 707.101) agus Colmán Breac “speckled Colmán”, a thug ainm don dá pharóiste teorantacha seo Kilcolmanbane agus Kilcolmanbrack (cf. ‘the adjoining parish of Kilcolmanbrack was probably named from the same saint under a slightly different guise’ Dictionary of Irish Saints 202 s.n. Colmán). Ach féach nach bhfuil an aidiacht bán “white” luaite leis an bparóiste ó thuaidh sna tagairtí is luaithe dá dtagann anuas chugainn (#1438, #28497) agus le fírinne is cosúil nach dtéann an t-ainm Kilcolmanbrack féin siar rófhada.

    Ní réitíonn 1563c ‘Killcloenbric’ ar léarscáil Cotton go rómhaith le Colmán, go háirithe os coinne ‘Kilcolma’ [sic] san fhoinse céanna = Cill Cholmáin Bháin (#28497). Téann an litriú seo go maith, áfach, leis na tagairtí stairiúla i ngníomhais talún de chuid an 16ú haois (‘Clonebrike’, ‘Clonebricke’) agus i gcáipéisí eaglasta ó dheireadh an 15ú haois (‘Colymbruych’, ‘Clonbrye’, ‘Clobruych’). Tá an t-ainm 1587c ‘Kilcanbroge’ le fáil ar liosta de níos mó ná 100 séipéil scriosta ar fud dheoise Leithghlinne (a gcuirtear síos air in Cal. Carew MSS (i gcló) II 458). Deimhníonn 1615 ‘Rectoria seu Capella de Kilclonebrocke’, ‘Kilclonbroik’ as Leabhar na gCuairteanna Ríoga nárbh aon fhoirm bhréige í foirm léarscáil 1563c in Kill-.

    Is cosúil mar sin nach raibh an paróiste seo ó dheas tiomnaithe do Cholmán Breac ná d’aon Cholmán eile. Ní amháin nach ann dá leithéid de naomh sna Féilirí, faoi mar a luann Ó Donnabháin (LSO I 256), ach féach go ndéantar tagairt sna cáipéisí eaglasta thuasluaite do ‘the rectory of the parish church of St. Brigid (sancte Brigide), Colymbruych, in the diocese of Leighlin’ (CPL XIV 125). Is ionann an teampall sin agus an teampall sna tagairtí eile thuas, atá luaite le paróiste teorantach Bhaile Átha an Róine (‘Arone’, ‘Harone’ (#27779)) laistiar ó dheas (CPL XV §303). Is féidir talamh slán a dhéanamh de gurb ionann é is paróiste Kilcolmanbrack idir chamáin.

    Dhealródh sé mar sin gurbh é Cill Chluain Broic “the church of Cluain Broic” ainm an teampaill seo ó cheart, bunaithe ar logainm eile Cluain Broic (?) “the pasture of Broc” nó “pasture of (the) badger” (tugann 1486 ‘ bruych’, 1615 ‘ brocke’ r-leathan le fios). Féach gur minic cluain-ainmneacha luaite le láithreacha eaglasta (cf. Ó Cearbhaill, Logainmneacha na hÉireann III). Is ar éigean a gheobhadh * Colmán Breac < * Cill Cholmáin Bhric seasamh ina logainm aonair mar seo.

    Faraor tá bearna mhór san fhianaise ó thús an 17ú haois ar aghaidh. Tá cúpla tagairt dó i ngníomhais talún a dhéanann aithris ar cháipéisí de chuid an 16ú haois, e.g. 1610, 1624 ‘Clinbrick’, agus tá na tagairtí thuasluaite don teampall féin againn ó 1615 ‘Kilclonebrocke’, ‘Kilclonbroik’; ach ní luaitear é sa Census (1654) ná ní raibh in úsáid mar ainm an pharóiste sa BSD ach ‘Creymorgan Parish’ (.i. ainm an aon bhaile fearainn amháin atá ann istigh, bf Críoch Mhuireagáin (#28117)).

    Is léir gur éirigh an dá pharóiste fite fuaite lena chéile sa traidisiúin áitiúil idir sin agus an 19ú haois. (Féach leis gur Thomas Haslam a bhí ina viocáire ar an dá theampall de réir Leabhar na gCuairteanna.) Scríobhann Ó Donnabháin: ‘called by old natives Kilcolmanbrock, -brock being added to distinguish this from the adjacent parish of Kilcolman-baun. It is generally supposed that these two parishes received their names from two saints of the name Columban [.i. Colmán]’ (LSO I 255). Tagann an cuntas áitiúil seo salach ar an bhfianaise stairiúil thuas, áfach.

    Tá sé le tuiscint as an bhfuaimniú Ghaeilge (más féidir braith air) a bhreac Tomás Ó Conchúir síos sa pharóiste eile lastuaidh .i. ‘Cill Clumhain Bán recte Cill Cholmáin Bháin’ (LSO I 186) gur imir meititéis ar an gcáilitheoir sa logainm úd. Is beag a bheadh idir an fuaimniú seo ‘Clumhain’ (< * C’lomáin < Colmáin) ó thuaidh agus cluain sa bhun-logainm * Cluain Broic ó dheas. D’fhéadfadh sé gur éascaíodh an meascán idir an dá ainm de thoradh na meititéise seo. Cf. bf Baile Uí Chlúmháin > Colmanstown (#19761) agus 1838 ‘Poll Cholomhain (pronounced Clumháin) i.e. the well of St. Colman’ LSO (Ga) II 529 i gCluain Rois, Contae an Chláir.

    Mar sin, nuair a deir O’Hanlon ‘1616, Kilclonebrock—a former false spelling for Kilcolmanbrack’ (History of the Queen’s County I 246) is amhlaidh is dóichí gur a mhalairt atá fíor.

    Bhí an cléireach Conchúr Ó Leathlobhair i mbun an teampaill seo ‘Colymbruych’ ag deireadh an 15ú haois ‘without any title or right’ (CPL XIV lch.125). Sa bhliain 1513 tuairiscítear go raibh Dáibhí Ó Leathlobhair i mbun Chill Cholmáin Bháin ó thuaidh, Eoin (‘John’) Ó Leathlobhair i mbun theampall Shrúbh Bó (#1460) lastuaidh de sin arís, agus Giolla Phádraig Ó Leathlobhair i mbun theampall paróiste Dhíseart Aonghais (#1433) lastoir — mar ‘unlawful detainers’ freisin. Cléirigh iad seo de mhuintir Leathlobhair as ar ainmníodh an dúiche Fearann Ó Leathlobhair ina raibh Cill Cholmáin Bháin suite. Féach go raibh sé de cháiréis ag na húdaráis eaglasta a mholadh go gcuirfí san áireamh ‘the possibility that the alleged detainers are of noble birth’ (CPL XX §141).

Lárphointe

52.9749, -7.22293domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1486
Colymbruych
CPL Imleabhar: XIV, Leathanach: 125
1489
Clonbrye
CPL Imleabhar: XV, Alt: 303
1491
Clobruych
CPL Imleabhar: XV, Alt: 672
1563
Clonebrike
F Alt: 495
1563
Killcloenbric
Cotton Map
1565c
Kilchobenrick
Map (TCD)
1566
Knockbrek
sic
F Alt: 971
1569
Clonebricke
F Alt: 1376
1587c
?Kilcanbroge
Tagairt i nótaí Price agus comhartha ceiste leis.
Carew Mss. Leathanach: 87, Imleabhar: 635
1610
Clonbrick
Inq. Lag. Alt: 24 Jac. I
1615
Kilclonebrocke
Rectoria seu Capella de Kilclonebrocke - vacat
bunfhoinse RVis.
1615
Kilclonbroik
RVis.
1623
Clonbricke
Inq. Lag. Alt: 24 Jac. I
1624
Clinbrick
Inq. Lag. Alt: 25 Jac. I
1660c
Creymorgan Parish
BSD (La) Leathanach: 103
1838
[Kilcolmanbrock]
"It is generally supposed that these two Parishes [Kilcolmanbane, Kilcolmanbrack] received their names from two Saints of the name Columban or Colman, one of whom was Ban or Fair and the other Breac or the Freckled"
LSO (La) Imleabhar: I, Leathanach: 255
1838
Kilcolmanbrock
"by the old natives"
LSO (La) Imleabhar: I, Leathanach: 255
1907
Parish of Kilcolmanbrack or Cremorgan
Hist. Queen's Co.: O'Hanlon Imleabhar: I, Leathanach: 246
1907
Kilclonebrook
"the parish is also called by the latter name [sc. Cremorgan], while it likewise bears the spelling of Kilclonebrook"
Hist. Queen's Co.: O'Hanlon Imleabhar: I, Leathanach: 246

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm