Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
fo-aonaid
Nóta mínithe
- Gaeilge
the church of Finneach?
Finneach — ainm naoimhNíl cinnte bunús an cháilitheora.
Tá leagan ginideach den logainm seo calctha in ainm an tsrutháin 1608 ‘Clashekilfimaghe’, 1654 ‘Glassykillefenny’. Léiríonn na foirmeacha seo gur f- (séimhithe) is túschonsan don cháilitheoir. Féach leis gur 1837 ‘Cill Fhionna’ an litriú Gaeilge a bhreac an Donnabhánach síos ó Laurence (Maoileachlainn) Ó Broin. Cf. na naoimh darb ainm Finneach sna ginealaigh: ‘Findech’ (deochain), ‘Findech’ (easpag).
Tá baint ag an mban-naomh Finneach le paróiste Achadh Mhic Airt i ndeoise Osraí ach ní léir aon bhaint a bheith aici siúd leis an bparóiste seo idir chamáin (féach bf Tobar Baoith nó Cill Fhinnche Mhór (#27758)). Tá tagairtí eile do bhan-naoimh den ainm céanna in CGSH 670.47, 670.54; is ann fós d’fhoirmeacha malartacha in -nd- leathan (‘Findaith, Finda(i)ch’ CGSH 670.32) a réiteodh leis an leagan Gaeilge úd 1837 ‘Cill Fhionna’ b’fhéidir. Cf. 1100c ‘la Findig nduirn ndígrais’ (Féilire Aonghasa 2 Feabhra). Cf. an nóta faoi bf Baile Mhadóg (#28222).
Tá cn Carraig Oisín (#1417883) i ndeisceart an bhaile fearainn. Ní fios an malairt ainm ar an gcnoc seo atá i gceist le 1654c ‘Knockanakilly’, 1660c ‘Knockakilly’ < Cnocán na Cille (?) “the hillock of the church”. Dealraíonn sé, ar an gcur síos ar theorainn na barúntachta, go raibh an cnocán úd laisteas den teampall ar aon chuma.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1302-6 |
Kyllen
|
Pap. Tax. Leathanach: 250
|
1570c |
Kyllenna
|
Carew Mss. Leathanach: 635, 87
|
1660c |
Killenny Parish
|
BSD (La) Leathanach: 107
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/1441.aspxSonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML