BRABHSÁIL
ginideach:
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Lea
(Béarla)

Ordlathas

contae

barúntacht

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Ní léir brí an logainm seo, cé go dtagann roinnt tagairtí anuas chugainn ó ré na Meán-Ghaeilge féin.

    Tá cur síos san Fhardal Seandálaíochta ar an gcaisleán agus ar an teampall (www.archaeology.ie). Déantar amach ansin go mb’fhéidir gurb é baile caisleáin Lé a bhí i gceist le 1297 ‘Newtown of Leys’ (CJR I 167), et var.; cf. an mionainm stairiúil 1582 ‘Pullaghballenowe’ < Pollach an Bhaile Nua díreach laisteas (faoi bf Ráth Mhaoilis (#28293)). Ach féach freisin an nóta faoi bf Carraig na Páirce Dún Másc (#28296) i nDíseart Aonghais taobh theas den Fhraoch Mór.

    Ag seo Ó hUidhrín (1400c):

    Aoibhinn an chríoch, cian ro chlos,
    Tuath Léighe na learg solos;
    Ó Ceallaigh Léighe ón tráigh thoir,
    céile an chláir eangaigh iubhroigh.

    Tugann Fitzgerald stair na háite seo in JKAS IV 325–351. Díol spéise fuaimniú béarlaithe an ainm phearsanta Cathaoir sa chomharsanacht lena linn (c. 1903): ‘By the peasantry his name [sc. Cathaoir na gCapall Ó Díomasaigh] is pronounced “Caw-heer”’ (cf. nóta faoi bf Baile Mhadóg (#28222) sa Sráidbhaile). Luann Coote crann fuinseoige suntasach sa bhaile seo in 1801 ‘Near to the castle, in the village, stands the great ash tree, which is by far the largest in the kingdom…’ Stat . Surv. 136 (cf. ainm an bhaile fearainn bf Ráth Rua-uinseann (#28656) tamall ó dheas).

    Mionainmneacha ar an léarscáil:

    1. 1805 ‘Sley na lack’ Cahill, 1814 ‘Mullaghalig’ Par. Stat., 1841 Mullaghlea SO, 1903? ‘Mullaghaleege’ JKAS IV 343 < Mullach Liag (??) “summit of (the) stone”.
    2. Trasna na Bearú tá Cauchamore Ford SO 25ʺ (gan ainm ar SO 6ʺ) nach léir bunús an ainm.
    3. Ní heol dúinn aon tagairt stairiúil do Dempsey’s Island SO.

    Ainmneacha stairiúla:
    1518 ‘Diryeltyn 80 acres’ Kildare Rental , 1814 ‘Derryelton’ Par. Stat. (lastoir de ‘Old Lea’) < Doire Eiltín (?) “(oak)wood of (the) little doe, hind”. Dreelthan an leagan de seo a bhailigh Liam Price c. 1950 (cartlann an Bhrainse Logainmneacha).

Lárphointe

53.1284, -7.11559domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1199
Lega
CDI Leathanach: i, 101
1302-6
Leya
Pap. Tax. Leathanach: 247
1401
Lega, rectory of
CPL Leathanach: 5, 343
1401
Lega, rectory of
CPL Leathanach: 5, 449
1420
Ley
CPL Leathanach: 7, 164
1429
de Lega
CPL
1431
Ley
CPL
1481
Lege, rectory and church of
CPL Leathanach: 13, 771
1540
Lye
Forf. (N. L.)
1612
Leay
Inq. Lag. Leathanach: 2 J I
1619
Lea
CPR Leathanach: 454
1655
Lea, parish of
DS
1660c
Lea Parish
BSD (La) Leathanach: 115
1685
Lea
Hib. Del.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm