BRABHSÁIL
Dún Seachlainn
ginideach: Dhún Seachlainn
(Gaeilge)
Dunshaughlin
(Béarla)

Ainmneacha eile

Domhnach Seachnaill
ainm stairiúil (Cad é seo?)
(Gaeilge)

Gluais

dún, dúnaibh
Béarla fort

Ordlathas

contae

barúntacht

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Dún Seachlainn "the fort of Seachlann" < Domhnach Seachlainn "the church of Seachlann"
    < Meán/Sean-Ghaeilge Domnach Sechnaill (Domhnach Seachnaill sa Nua-Ghaeilge) "the church of Seachnall"

    Seachlann — ainm pearsanta ar foirm mheititéisithe é de Seachnall (< Secundinus)
    ​ ​ D’imigh claochlú nach beag ar an ainm seo le caitheamh na haimsire. Is í an tagairt is sine atá againn don áit ná iontráil in Annála Uladh ón mbliain 801, abbas Domnaig Sechnaill. Iasacht luath ó dominicum na Laidine is ea domnach agus baineann na heaglaisí a bhfuil an t-ainm seo orthu le tréimhse thosaigh na Críostaíochta in Éirinn. ​ Mar leis an dara cuid den logainm, Sechnall, iasacht atá ann ón ainm Laidine Secundinus. Bhí seisean ar dhuine de na heaspaig a bhí ag craobhscaoileadh na Críostaíochta in Éirinn sa 5ú haois. Taispeánann na samplaí stairiúla den logainm atá caomhnaithe i gcáipéisí eaglasta Laidine go ndearnadh Seachlainn de Seachnaill (gin.) de bharr meititéise faoi dheireadh an 12ú haois, e.g. ‘Douenhagsachlin’ (1187), ‘Dounaghsachlayne’ (1248). Tá an t-athrú céanna le feiscint san ainm pearsanta Mael Sechnaill > Maol Seachlainn. ​ Faoi dheireadh an 14ú haois bhí Dún curtha in ionad Domhnach i dtosach an logainm, e.g. ‘Dunshaglyn’ (1374), ‘Donshaghlyn’ (1437). Tá an t-athrú céanna le feiscint i lámhscribhinní déanacha Gaeilge, ‘inghean an giúisdís Díolún ó Dhún Seachloinn’, cuir i gcás, in RIA 23 F 12 (18ú haois). Tá an méid a scríobhadh i Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis (LSO) (1836) faoin fhoirm Ghaeilge a bhí in úsáid ag cainteoirí Gaeilge an cheantair an tráth úd ag cur leis sin:

    Dunshaughlin is always in Irish called Dún Seachlain (pron. Shoghlin) (or Duin S.——) for which they can assign no meaning — never Domhnach S ’ ... ‘In the townland of Bonestown [parish of Dunshaughlin] there is a holy well called Tobar Saint [sic] Seachlain.’
    [—Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis (Co. na Mí) 263–4]

  • English

    Dún Seachlainn "the fort of Seachlann" < Domhnach Seachlainn "the church of Seachlann"
    < Old/Middle Irish Domnach Sechnaill (Modern Irish Domhnach Seachnaill) "the church of Seachnall"

    Seachlann — personal name (metathesized form of Seachnall (< Secundinus))

    This Irish placename has undergone a significant transformation over the centuries. The earliest surviving reference we have is from Annála Uladh [The Annals of Ulster] under the year 801, abbas Domnaig Sechnaill [“the abbot of Domnach Sechnaill”]. The word domnach is an early borrowing from Latin dominicum and is found in the names of churches founded in the earliest Christian period in Ireland.

    The second part of the Middle Irish placename, Sechnall, is another loan from Latin. Secundinus was the name of one of the bishops who spread Christianity in Ireland in the 5th century. The historical forms (from Latin ecclesiastical records) show that the genitive form Seachnaill was metathesized to Seachlainn by the end of the 12th century, e.g. ‘Douenhagsachlin’ (1187), ‘Dounaghsachlayne’ (1248). The same change is attested in the related Middle Irish personal name Mael Sechnaill which became *Maol Seachlainn by the early modern Irish period.

    The word Domhnach had been replaced by Dún at the beginning of the placename by the end of the 14th century, e.g. ‘Dunshaglyn’ (1374), ‘Donshaghlyn’ (1437). This change is also reflected in Irish-language manuscripts, e.g. ‘inghean an giúisdís Díolún ó Dhún Seachloinn’ in RIA MS 23 F 12 (*c.*1700). The following account of the name used by local Irish-speakers in 1836 is further evidence of the fact that this change had become established in the Irish form of the name:

    Dunshaughlin is always in Irish called Dún Seachlain (pron. Shoghlin) (or Duin S.——) for which they can assign no meaning — never Domhnach S ’ ... ‘In the townland of Bonestown [parish of Dunshaughlin] there is a holy well called Tobar Saint [sic] Seachlain.’
    [—Ordnance Survey Letters (Co. Meath) 263–4]

Lárphointe

53.511, -6.54529domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1836
Dunshaughlin is always in Irish called Dun Seachlain (or duin S- [with macron over u]) [squeezed above this comes] can asign no meaning - never Domhnach S:
Yesterday I left Navan at 1/2 past one O'Clock, and came on the Coach to Dunshaughlin, where I got the Irish names of the townlands in the parish of Dunshaughlin from Patk. Clarke ['P. a Cléirigh' squeezed above the English name, an unusual feature in this source], a native of Galtrim, but who has resided these 50 years in this parish, and Thomas Corcoran a native of this parish.Dunshaughlin is always in Irish called Dun Seachlain (or duin S- [with macron over u]) [squeezed above this comes] can assign no meaning - never Domhnach S: ... This Church is said to have been built by St Patrick, who (they say) left St Seachlainn to preside over. This Corcoran told me in part but indeed I was obliged to help him out with this ... In the T. L. of Bonestown there is a holy well called Tobar Saint Seachlain (St Seachlains well).
LSO (Mí)

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm