Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
fo-aonaid
Ordlathas
contae
barúntacht
Nóta mínithe
- Gaeilge
An Chathair / Caher
the stone ring-fortLuaitear an logainm Dún Iascaig i dtéacs Gaeilge a cumadh timpeall 800. Ginideach an ainmfhocail iascach is ea an dara focal. Cnuasainm atá ann agus ‘éisc’ is brí leis. (Tabhair faoi deara go bhfuil caisleán meánaoiseach na Cathrach suite cois taobh na Siúire.) Faightear dornán eile tagairtí do Dún Iascaigh (et var.) sa Ghaeilge, ar nós Dún Iasgaigh (1450), Dún Iasccaigh (1581), Dún Iasc agus Dún Iascaigh. I saothar Shéathrúin Céitinn, arbh as an taobh sin tíre dó, atá an dá sholaoid dheiridh. Dealraíonn se gur tógadh cathair (‘fort’) le hais, nó ar láthair, seandúin. Nuair a luaitear an chathair go sonrach, is foirm fhada den logainm is comónta sna téacsanna luatha, idir Ghaeilge agus Laidin, m.sh. Cathair Duine Iascaig (1100c), Cathair Duine hIascaigh (1100c.), Ratherdunesk (leg. K-) (1260), Katherdunesk (1300), Catherdunesqe (1302-6), Cathyrdonyesk (1309), Kahirdunaheascy, Kahyrdunaheascy, Kahirdiynaheascy (1475). Go deimhin, tá foirm fhada an logainm le fáil go rialta ón bhfianaise is sine anuas go dti iontráil an Ainmleabhair, bliain 1840. Seo cuid dá bhfuil againne ón séú haois déag amach, Cathair Duine hIascighe (1516), Chathrach Dúna hIascaigh (ginideach) (1550c.), Cathair Dúna hIasc (1570c.), Cathair Dúine hIasccaigh (1599), Cathair Dhúna hIasc (1760c), Caithir Dhún Íasg (1829), Cathair Dhun Iasca (1840).
Tá fianaise ann leis, go dtugtaí An Chathair ar an áit, beag beann ar Dún Iascaigh. Is i gcáipéisí Laidine atá na samplaí is luaithe den fhoirm ghairid, Cathir (1302-6), le Cather (1305) m.sh. Seo i mo dhiaidh dornán samplaí as téacsanna Gaeilge den fhoirm ghairid, na Cathrach (ginideach) (1550), An Chathair (1570c), ‘ris an gCathair’ (1570c), na Cathrach (ginideach) (1627, filíocht Shéathrúin Céitinn), ‘on gCathair’ (1827, Cinnlae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin). Tá nóta i gceann de Litreacha na Suirbhéireachta Ordanáis, atá comhaimseartha leis na hAinmleabhair (1840), a léiríonn go raibh an fhoirm ghairid in úsáid an tráth úd: ‘The name of this Parish is pronounced in Irish Cathair...The ancient name was Cathair Dhuna Íasca’. Tá an chuma air go bhfuil an ráiteas sin fíor. An fhoirm ghairid amháin a bailíodh ó na cainteoirí deireanacha a raibh Gaeilge ó dhúchas acu in iardheisceart Cho Thiobraid, timpeall 1963. Ba é an dála céanna é i Sliabh gCua, i gCo. Phort Láirge laisteas, triocha bliain roimhe sin. I gcnuasach béaloidis ón cheantar sin a cuireadh i gcló in Béaloideas (1936), is iad na leaganacha a fhaightear ná ‘go dtí an Chathair’, ‘ón Chathair’. Is don fhoirm fhada amháin a thug Seosamh Laoide aitheantas sa dha eagrán dá shaothar Post-Seanchas, Cathair Dúin Iascaigh (1905) agus Cathair Dhúin Iasgaigh (1922). Go deimhin chuir an Laoideach roimhe leaganacha fada logainmneacha a úsáid in ionad na leaganacha gearra.
(P. Ó Cearbhaill) - English
the stone ring-fort
Lárphointe
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/2252.aspxBéaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML