Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile
fo-aonaid
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
Baile fearainn, toghroinn agus baile mór is ea Cill Droichid i gCo. Chill Dara. Tá an baile fearainn suite i bparóiste dlí Kildrought agus tá an chuid is mó den bhaile suite sa pharóiste céanna. Tá go leor tagairtí don ainm Kildrought i gcáipéisí meánaoiseacha, mar shampla, Kildroicht in ‘Crede Mihi’ (1280 circa), Kildroicht, Kyldroght in The Ecclesiastical (‘Papal’) Taxation (1302-1306 circa), Kildroght ‘Repertorium Viride’, John Alen (1533). Is traslitrithe iad na leaganacha seo ar fad ar an ainm bunaidh Gaeilge Cill Droichid, agus is leathaistriúchán é Celbridge ar an ainm céanna.
Níl an t-aistriúchán ‘bridge’ ← droichead san ainm Celbridge an-sean in aon chor. In The Civil Survey, Co. Kildare (ar cuireadh tús leis in 1654) ní úsáidtear ach an leagan traslitrithe amháin, Kildrough(t). Tá tagairt shuimiúil san fhoinse chéanna do ‘one bridge over the River Liffie…in Kildrought’. In An Atlas of the Roads of Ireland le George Taylor agus Andrew Skinner, a cuireadh i gcló sa bhliain 1778, tá Celbridge in úsáid tríd síos. Tá tagairt don athrú ó Kildrought go Celbridge in Ordnance Survey Letters, Co. Kildare (1837): ‘Kildrought Parish is now commonly called Celbridge Parish, which appears to be a translation of Kildrought into English’. Cé gur admhaigh údar na litreach seo, Tomás Ó Conchúir, a bhí fostaithe i rannóg topagrafaíochta na Suirbhéireachta Ordanáis, nárbh fhéidir fuaimniú Gaeilge an logainm a aimsiú – toisc go raibh an Ghaeilge dulta in éag sa cheantar cheana féin – dúirt sé ‘the ancient name given by the people for Celbridge is Kildroghel, the signification of which is not understood by them’.
Tá an t-athrú ó droichid na Gaeilge (ainmneach, droichead) go siolla amháin sna luathfhoinsí Laidine thuasluaite suntasach. Tá athrú den sórt céanna le sonrú i dtagairtí éagsúla ón 17ú haois don bhaile fearainn Drehid (← Droichead) i gCo. Chill Dara (paróiste na hArdchoille) a litrítear ní amháin mar Drehid (1638), ach mar Dirite (1600), Dritt (1654) srl. chomh maith. D’fhéadfadh foirmeacha mar seo cailleadh an -ch- carballach idir dhá ghuta sa Ghaeilge labhartha a léiriú.
Moladh dúinn chomh maith gurb é *Cill Bhríde, a bhfuil an bhrí ‘séipéal Bhríde’ leis, an díorthú ceart ar Celbridge. Tá sé soiléir go bhfuil an léamh seo ar an logainm mícheart, áfach.
- English
Celbridge is the name of a townland, an electoral division and a town in Co. Kildare. The townland is situated in the civil parish of Kildrought and the town is largely situated in the same parish. There are many references to the latter name in Medieval documents, such as Kildroicht in ‘Crede Mihi’ (1280 circa), Kildroicht, Kyldroght in the Ecclesiastical (or ‘Papal’) Taxation (1302-1306 circa), Kildroght ‘Repertorium Viride’ of John Alen (1533). These are transliterations of the underlying Irish name Cill Droichid, whereas Celbridge is a part translation of the same name.
The translation of droichead to ‘bridge’ in the name Celbridge is not very old. In The Civil Survey, Co. Kildare (which was initiated in 1654) the earlier transliterated form only is used, Kildrough(t). There is also an interesting reference in the same source to ‘one bridge over the River Liffie…in Kildrought’. In An Atlas of the Roads of Ireland by George Taylor and Andrew Skinner, which was printed in 1778, Celbridge is used throughout. The change from Kildrought to Celbridge is referred to in the Ordnance Survey Letters, Co. Kildare (1837): ‘Kildrought Parish is now commonly called Celbridge Parish, which appears to be a translation of Kildrought into English’. The writer of this particular letter, Thomas O’Conor who was employed by the topographical section of the Ordnance Survey, while noting that the Irish pronunciation of the placename could not be obtained – as Irish had already become extinct in the area – stated that ‘the ancient name given by the people for Celbridge is Kildroghel, the signification of which is not understood by them’.
The reduction of Irish droichid (nominative, droichead) to one syllable in the earlier Latin sources, as outlined above, is noteworthy. A similar reduction is also noticeable in various seventeenth century references to the townland of Drehid (← Droichead) in Co. Kildare (parish of Ardkill), which was spelt Drehid (1638) but also as Dirite (1600), Dritt (1654) etc. Such spellings may reflect the loss of intervocalic palatal -ch- in spoken Irish.
It has also been suggested to us that the correct derivation of Celbridge is *Cill Bhríde, meaning ‘St. Bridget’s church’. This interpretation of the placename is obviously incorrect.
Lárphointe
Airíonna
Tagairtí stairiúla
1212-28 |
Kildroicht (ecclesia de)
|
Crede Mihi Leathanach: 148
|
1212-28 |
Kildroight
|
Crede Mihi Leathanach: 156
|
1302-6 |
Kyldroght or Celbridge, vicarage de [Par.]
|
Pap. Tax. Leathanach: 240
|
1328 |
Killdrought [Par.]
|
Alen's Reg. Leathanach: 198
|
1328 |
Kildroght
|
Alen's Reg. Leathanach: 198, 199
|
1444 |
Kyldroght [Par.]
|
COD Leathanach: III, 135
|
1475 |
Kildroght [Par.]
|
COD Leathanach: III, 242
|
1518 |
Kyledroght
|
Kildare Rent. Leathanach: 284
|
1530c |
Kildroicht [Par.]
|
Rep. Vir. Leathanach: 215
|
1536 |
Kyldroght, the manor of
|
F Leathanach: 57 Hen
|
1537 |
Kildrought [Par.]
|
|
1540 |
Kildraght [Par.]
|
Ir. Mon. Poss. Leathanach: 41
|
1540 |
Kildroughe [Par.]
|
Ir. Mon. Poss. Leathanach: 48
|
1550 |
Kyldroght, Castleton by K.
|
F Leathanach: 445 Ed.
|
1552 |
Kildroghte
|
F Leathanach: 1028 Ed
|
1552 |
Kildrought
|
F Leathanach: 1095 Ed
|
1558 |
Kyldroght
|
|
1558 |
Kyldrogheyt
|
Inq. Lag. Leathanach: 1 P&M
|
1565 |
Kildrought, burgagery of
|
F Leathanach: 766
|
1569 |
Kildroughte
|
F Leathanach: 1328
|
1575 |
Kildroght, parsonage of
|
F Leathanach: 2698
|
1577 |
Kildrought
|
F Leathanach: 3126
|
1577 |
Kildroghte
|
F Leathanach: 3137
|
1583 |
Kildroght
|
F Leathanach: 4180
|
1583 |
Kildroght, the manor of
|
F Leathanach: 4181
|
1584 |
Kildroght
|
F Leathanach: 4336
|
1588 |
Kildroght alias Castletone Kildroght
|
F Leathanach: 5208
|
1588 |
Kildroght, the mill of
|
F Leathanach: 5208
|
1588 |
Kildrought
|
F Leathanach: 5208
|
1597 |
Kildroght, the rectory of
|
F Leathanach: 6132
|
1600 |
Killdroght
|
F Leathanach: 6400
|
1603 |
Killdroght
|
F Leathanach: 6755
|
1603 |
Kildrought
|
Inq. Lag. Leathanach: 15 El.
|
1604 |
Kildrought
|
Inq. Lag. Leathanach: 2 J I
|
1606 |
Kildroght
|
CPR Leathanach: 81
|
1607 |
Keldrought
|
Inq. Lag. Leathanach: 4 J I
|
1610 |
Kildrought
|
CPR Leathanach: 193
|
1611 |
Kildroght
|
CPR Leathanach: 197
|
1611 |
Kildrought al Castletown de Kildrought
|
Inq. Lag. Leathanach: 7 J I
|
1613 |
Kildrought
|
CPR Leathanach: 244
|
1613 |
Sale's farm in Kildrought
|
CPR Leathanach: 244
|
1615 |
Kildroght
|
CPR Leathanach: 297
|
1617 |
Kildroght
|
CPR Leathanach: 311
|
1618 |
Kildrogh
|
Inq. Lag. Leathanach: 20 J I
|
1618 |
Kildrought
|
Inq. Lag. Leathanach: 20 J I
|
1623 |
Killdrought
|
Inq. Lag. Leathanach: 41 J I
|
1624 |
Kildrought
|
CPR Leathanach: 577
|
1624 |
Killdrought
|
CPR Leathanach: 578
|
1627 |
Kildroght
|
Inq. Lag. Leathanach: 15 C I
|
1638 |
Killdrought
|
Inq. Lag. Leathanach: 74 C I
|
1654 |
Kildrought
|
CS VIII Leathanach: 20, 21
|
1654 |
Liberties of Kildrought
|
CS VIII Leathanach: 24, 25
|
1655 |
Bridg of Kildrogh
|
|
1655 |
Kildrough
|
|
1659 |
Kildrought
|
Cen. Leathanach: 402
|
1660c |
Killdingan P.
|
BSD (CD) Leathanach: 2
|
1660c |
Killdrough
|
BSD (CD) Leathanach: 2
|
1660c |
Killdrough Par.
|
BSD (CD) Leathanach: 2
|
1660c |
Kildrough
|
|
1660c |
Kildare Par.
|
BSD (RIA) Leathanach: Index
|
1660c |
Kildrough Par.
|
BSD (RIA) Leathanach: Index
|
1667 |
Killdrought, and the liberty of Killdrought
|
ASE Leathanach: 130
|
1667 |
Killdrought
|
ASE Leathanach: 200
|
1669 |
Kyldrought, manor; parish
|
ASE Leathanach: 200
|
1685 |
Killdrough [Par.]
|
|
1689 |
Kildraught
|
|
1723c |
Kildrohod
Litir ó Swift
|
JKAS Imleabhar: II, Leathanach: 200
|
1752 |
Cellbridge
|
|
1783 |
Celbridge
|
|
1783 |
Kildraught P.
|
|
1795 |
Kildroghill
|
|
1807 |
Celbridge
|
Stat. Surv. (CD) Leathanach: 214
|
1837 |
Celbridge
|
Stat. Survey (CD):AL Leathanach: 1,10
|
1837 |
Celbridge
|
Co. Map 1752:AL Leathanach: 1,10
|
1837 |
Celbridge
|
Bar. Coll. List:AL Leathanach: 1,10
|
1837 |
Celbridge
|
Applot. Cess 1836:AL Leathanach: 1,10
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/25290.aspxTuilleadh eolais faoin áit seo
Béaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML