BRABHSÁIL
baile fearainn
Bostún nó Cúil Bhaile Uí Ógáin
ginideach: Bhostúin, Chúil Bhaile Uí Ógáin
(Gaeilge)
Boston or Coolballyogan
(Béarla)

Gluais

Béarla townland, town, homestead
Béarla corner, nook
Ó, Uí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    Cúil Bhaile Uí Ógáin
    the corner, nook of Baile Uí Ógáin?

    Tá samplaí den sloinne Hogan i bparóiste Mhainistir Laoise in Griffith’s Valuation. Is cosúil gur cúil “corner, nook” atá sa chéad eilimint ach níl cúl “back( hill)” le cur as an áireamh ach oiread; tá an áit seo suite taobh theas de chnoc 136m; cf. bf An Cúlbhaile (#27990) in Achadh Bhó. (Cf. freisin, b’fhéidir, an mionainm Coolasnathawn SO taobh thiar den chnoc céanna 136m sa bhaile fearainn teorannach bf Ceapach Laichnín Cluain Ard (#27918).) D’fhéadfadh sé gur don Baile Uí Ógáin “the town of Ó hÓgáin” céanna seo a thagraíonn na mionainmneacha Clashawolla SO 6ʺ, Clashawalla SO 25ʺ < Clais an Bhaile (?) “the trench of the town” agus Shanavolla SO < An Seanbhaile (?) “the old town” lastoir. Tabhair faoi deara an guta cúnta sa dara hainm díobh seo (cf. bf An Seanbharr (#28340).)

    Cuid scartha de pharóiste Mhainistir Laoise é seo. Is minic a fhágtar smut de pharóiste amháin laistigh de pharóiste eile de bharr tranglam stairiúil riaracháin éigin san eaglais (e.g. bf Cill Rois (#27763)). Níl aon tagairt sna foinsí do theampall a bheith anseo, áfach, ná níl aon iarsma dá leithéid le fáil sa bhaile fearainn (www.archaeology.ie). Ní leor d’fhianaise í an fhoirm mhalartach áitiúil 1838 ‘Kyle-’.

    Bostún — logainm aistrithe ó Shasana. Féach sampla eile in Uí Fhairchealláin (#27923).

Lárphointe

52.9683, -7.45211domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1838
Boston or Coolballyogan
Bell, W.:AL Leathanach: F001,1,13
1838
Boston or Coolballyogan
BS:AL Leathanach: F001,1,13
1838
Boston or Coolballyogan
Butler, J.:AL Leathanach: F001,1,13
1838
Boston or Coolballyogan
Edge, J.:AL Leathanach: F001,1,13
1838
Boston or Coolballyogan school lands
Rec. Name:AL Leathanach: F001,1,13
1838
Boston or Coolballyogan
Swan, E. L.:AL Leathanach: F001,1,13
1838
Boston or Coolballyogan
OC:AL Leathanach: F001,1,13
1838y
Cúl bhaile Uí Ogáin, 'O'Hogan's back town'
"'Boston' is a fancy name."
OD:AL Leathanach: F001,1,13
1838
Cúl-bhaile Uí Ógáin, 'O'Hogan's back-town'
OD:AL Leathanach: LA014,2
1838
Boston or Coolballyogan
OD:AL Leathanach: LA014,2
1838
Boston or Coolballyogan
BS:AL Leathanach: LA014,2
1838
Boston or Coolballyogan
Coote Map:AL Leathanach: LA014,2
1838
Boston or Kyleballyogan
Inhabs.:AL Leathanach: LA014,2

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm

Fo-aonaid