Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
fort of pride, height?
atuiscint (?) < Dún (n)Doghair “the fort of Doghar (ainm pearsanta)?”Tá an fhianaise stairiúil don ainm seo an-ghann. Logainm comónta go leor is ea Dún Uabhair “fort of pride, height?” (samplaí in CD, Ce, Ci, Co, Lú, Mí, TÁ) agus is é is dóichí ná gurb in atá sa dara heilimint anseo.
Ach tá seans ann gur atuiscint is bunús leis an logainm sin sa chás seo. Tabhair faoi deara an tagairt stairiúil 1160c ‘lotar Laigin dar Áth Dúne Dogair’ ‘chuaigh na Laighin thar Áth Dúine Doghair [“the ford of Dún (n)Doghair”]’ i gcur síos ar chatha a bhris Éanna Cinnsealach ar na Muimhnigh. Féach go bhfuil bf Donore suite cois na Feoire ar theorainn bharúntachta, leathshlí idir an dá bhaile eile a luaitear sa chuid seo den téacs, mar atá b Caiseal (TÁ) (‘dar múr Casil chliaraig’) agus bf Mullach Maistean (CM) (‘co Mastin miadglain’), cé go bhfuil sé tamaillín ón bpríomhbhealach.
D’fhéadfadh sé, mar sin, go ndearnadh an logainm Dún (n)Doghair a athmhíniú mar Dún Uabhair. Cuir i gcás an atuiscint a rinneadh go háitiúil ar an mionainm Cora Dhoghair i Luimneach (#1393755) (1175 ‘a caraigh Doghair’) mar Cora an Ghabhair “the weir of the goat”.
Níl go leor fianaise againn chun deimhin a dhéanamh den ionannú seo in aon chor, áfach.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1160c |
Áth Dúne Dogair, lotar Lagin dar ...?
perh. near Cora Dhoghair, Lk FSÁG I 129; Tá Donore ar bhruach na Feoire
|
LL Imleabhar: I, Leathanach: 220, Líne: 6566
|
1549 |
Downower
bounds of Twoawewoy
|
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 60
|
1838 |
Donore
|
BS:AL Leathanach: La046,22
|
1838 |
Dun uabhair, 'fort of pride,' 'aix superbia'
|
OD:AL Leathanach: La046,22
|
1838 |
Donore
|
OD:AL Leathanach: La046,22
|
2004 |
doˈnoːr
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.