Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
the (oak-)wood of Céirín
Céirín — ainm pearsantaIs dócha gur réadú ar -ín atá le sonrú san fhianaise luath, e.g. 1570 ‘Dyrrekeryne’. Féach ‘m. Ceirine’ (Laighin) agus ‘m. Cerene’, Clann Criomhthainn (Laoighis) in Leabhar Mór na nGenealach 523.11, 519.7. Cuireadh ceithirne, gin. < ceithearn “band of soldiers; woodkern” san áireamh freisin; cf. bf Cnoc na Ceithirne (#28317).
Roinnt iarsmaí seandálaíochta san Fhardal Seandálaíochta anseo (www.archaeology.ie).
Mionainmneacha ar an léarscáil:
- Tá cuma thrédhearcach go leor ar an ainm Raheendonnell SO < Ráithín Dhónaill “the ring-fort of Dónall”.
- Tá an mionainm Kyletabreeheen SO le fáil ar léarscáil 1563 ‘Kiltebrenī’ (‘Kiltebrenin’, is dócha); ainm é seo ar sheanteampall agus ar reilig. Tá na fothracha seo suite ‘on the summit of a gentle N facing slope in an area of tillage and rough pasture’ (Fardal) agus ar imeall pharóiste. Foirmeacha eile ón 16ú haois is ea 1551 ‘Kiltebronyn’, 1552 ‘Kiltibreny’, 1570 ‘Kyltybrownyne’, 1577 ‘Kiltibrownyne’ (sna Fiants) agus 1567 ‘Kyltybriny’ (Inq.). Tá an cáilitheoir an-chosúil leis an logainm stairiúil 1100c 'Lasair ... i Cill Ingin Brainin i Laigis’, 'Lassair nomen septimæ filia Branin, & i Cill ingine Branin i Laigis ata’ in Féilire Aonghasa (féach FSÁG ‘Ceall Inghine Brainín (Ch. of Brainín's daughter) Unident. in Laoighis’). Cf. leis bf Cill Tí Céire (#16621).
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1549 |
Barredirregarryn?
|
|
1570 |
Dyrrekeryne
Barnaby Fitzpatrick
|
F Leathanach: 1642
|
1577 |
Dirrekeryne
Barnard Fitzpatrick, knt
|
F Leathanach: 3050
|
1728 |
Derrykearin
|
CGn. Leathanach: 57.187.37937
|
1838 |
Derrykearn
|
BS:AL Leathanach: LA015,53
|
1838 |
Derrykairn
|
CM:AL Leathanach: LA015,53
|
1838 |
Derrykeran
|
GJP:AL Leathanach: LA015,53
|
1838 |
Doire ceithirn, 'oak wood of the kerne'
|
OD:AL Leathanach: LA015,53
|
1838 |
Derrykearn
|
OD:AL Leathanach: LA015,53
|
2004 |
deriˑˈkeːrn
|
|
2004 |
deriˑˈkeːrən
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28080.aspxTuilleadh eolais faoin áit seo
Béaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML