BRABHSÁIL
baile fearainn
An Fhailligh Bheag Láir
ginideach: na Faillí Bige Láir
(Gaeilge)
Fallowbeg Middle
(Béarla)

Gluais

beag, big
Béarla small

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the place of cliffs?
    ?forbairt < An Fhaill “the cliff”

    Níl an bhunfhoirm Ghaeilge den logainm cinnte.

    Réitíonn an chéad eilimint in 1518–19 ‘Neall beag’ (Kildare Rental 287 — cf. #28173) leis an litriú Gaeilge 1565c ‘An Aill’ sa Leabhar Branach, más ionann. Thabharfaidís le fios, b’fhéidir, gurbh é An Fhaill(/Aill) Bheag “the small cliff” foirm an logainm sa 16ú haois. As tús an 17ú haois amach, áfach, léirítear guta idir -l- is -b- sna foirmeacha béarlaithe. Tá iontrálacha 1551 ‘Ynnailebege’ (= 1549 ‘Innailebege’) agus 1558 ‘Aleveig’ débhríoch, agus ní léir an leagan truaillithe den ainm seo atá le fáil in 1549 ‘Rappaghboy’.

    Measaimid *failligh a bheith ina fhoirm chalctha den logthuiseal de *failleach (< faill + -ach) “place of cliffs” agus d’oirfeadh sé sin do shuíomh na mbailte fearainn seo. Cf. an mionainm seo a leanas i bparóiste Chill Abáin (suíomh gan aithint): 1563, 1578 ‘Falloglasse’ Fiants, 1619 ‘Faleglash’ CPR < * An Fhailligh Ghlais (?). (Cf. bf An Fhallach (#49056) i gContae Phort Láirge agus b'fhéidir bf Fallagh, bar. an tSratha Bháin Uachtaraigh, Contae Thír Eoghain.) Féach leis an nóta ar an bhfocal faill faoi bf Garrán na Faille (#27741) i gCuileannach.

    Is san Fhailligh Bheag Íochtarach Lá Nollag 1837 a bhuail Ó Donnabháin le Laurence (Maoileachlainn) Ó Broin (1751–1838), Gaeilgeoir léannta de shliocht Bhranach Chill Mhantáin. Bhí sé i gcomhfhreagras leis an Donnabhánach le blianta beaga roimhe sin maidir le stair na háite seo timpeall (cf. 1838 ‘Laurence Byrne … stated in a letter 4 years ago to Mr. O’Donovan’ LSO Laois I 289). Tá go leor tagairtí dó le fáil i nótaí faoi logainmneacha an cheantair seo; féach leis ARÉ V 1702–1707 n.i; LSO Uíbh Fhailí I 56–63. (Deir Ó Donnabháin in ARE loc. cit. go bhfuair Ó Broin bás sa bhliain 1840, ach féach ‘Old Laurence died soon after my visit to him’ i litir dar dáta 24 Samhain 1838 in LSO Laois I 81.)

    Ainm cine ag na Branaigh seo ab ea Maoileachlainn/Loughlin sa 16ú is sa 17ú haois, a bhéarlaídís mar Laurence ní ba dhéanaí (cf. ARÉ loc. cit.), faoi mar a rinne muintir Cheallaigh sa 17ú haois (cf. Gaelic Personal Names s.nn. Lochlainn, Máel Sechnaill).

    Ainmneacha stairiúla:

    1. Baile Aodha “the town of Aodh (ainm pearsanta)” an logainm eile atá le feiscint san fhianaise, ach ní léir suíomh beacht dó.
    2. In iarthuaisceart an bhaile fearainn An Fhailligh Bheag Uachtarach téann cosán thar shruthán isteach i mbarúntacht Chuileannaí. Seo é 1654 ‘Aghanafarnage’ < Áthán na bhFearnóg “the little ford of the alder-trees” CS X 21.

Lárphointe

52.9539, -7.14835domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1838
Fallowbeg Middle
BS:AL Leathanach: La065,7
2006
faləˈbeg
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm