BRABHSÁIL
baile fearainn
Baile Phaoil
ginideach: Bhaile Phaoil
(Gaeilge)
Powelstown
(Béarla)

Gluais

Béarla townland, town, homestead

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the town of Paol
    Paol — sloinne (< Poell na nAngla-Normannach < ap Hywel na Breatnaise)

    Cf. 1550–51 ‘Thomas Apoell, soldier’ a fuair tailte in oirthear na barúntachta (#28154, #28159, #28163); cf. freisin bf Baile Héil (#27121) < Howell i gCill Chainnigh, a thaispeánann gur gaelaíodh an t-ainm céanna gan ap (‘mac’) mar * Haol.

    Ainmneacha stairiúla:
    Bhíodh an baile fearainn seo roinnte ina dhá chuid, 107 acra thoir i bparóiste Dhíseart Aonghais agus 43 acra thiar i bparóiste an Fhosaidh nó Thigh Mochua. Tugann CPR 113 le fios gur leis an bPiogóideach an roinn thiar sa bhliain 1608, ar a dtugtar ‘Tirekiragh’ sa téacs (ní léir an truailliú é seo ar ‘Coolcreagh’ < bf Cúil Chríche (#28491) nó an fíorainm ar leith é < Tír Chaorach (?) “land of sheep”). Bhí an roinn thoir ag Brereton agus ritheadh an teorainn eatarthu ‘through the grove of Blacklone’ (< Breac-chluain (?) “speckled pasture”).

    Sa roinn thiar a bhí an cnoc cn Sián Maí Glaise (#1419166) a luaitear i roinnt seanghníomhais (pointe triantánachta 455′ SO 6″).

Lárphointe

53.0035, -7.21864domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1794
Powelltown
CGn. Imleabhar: 484.512.309457
1838
Powelstown
BS:AL Leathanach: LA023,19
1838
Powelstown
BS:AL Leathanach: La027,26
1838
Powelstown
Robinson Price, J.:AL Leathanach: La027,26
1838
Powelstown
Cosby, Capt.:AL Leathanach: La027,26
1838
Powelstown
Moore, L.:AL Leathanach: La027,26
1838
Powelstown
Wills, J.:AL Leathanach: La027,26
1838
Powelstown
Coote, Capt.:AL Leathanach: La027,26
1838
Powelstown
OD:AL Leathanach: La027,26
2006
ˈpoulztoun
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm

Fo-aonaid