BRABHSÁIL

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

baile fearainn

baile fearainn
An Tulachán
ginideach: an Tulacháin
(Gaeilge)
Tullaghan
(Béarla)

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the little hillock

    Ainmneacha stairiúla:
    Luaitear sa Dindshenchas Tulach Eoghain, mórionad adhlactha ag sliocht Chathaoir Mhóir in Uí Fhailghe. Sa dán úd (Leabhar Laighean 192b–193a (Metrical Dindshenchas IV 284–8)) tugtar faoin logainm sin agus an logainm bf Maigh Reichead (#28464) a mhíniú in éineacht: ba í ‘Rechet’ a d’altramaigh an tEoghan seo agus bhronn seisean an mhá sin uirthi mar chúiteamh.

    Deir an file faoi na laochra atá curtha i dTulach Eoghain: ‘sin bothur eter da mag, tát sin tóchur na tathum’ [“sa bhóthar idir dhá mhaigh, tá siad sa tóchar ina dtámh”]. De bharr an leathrainn seo a ionannaíonn Hogan agus FSÁG an ‘bóthar idir dhá mhaigh’ seo le ‘Tóchar eitir dá Magh’, áit a luaitear le Géisill (#42060) i gContae Uíbh Fhailí, 21km siar ó thuaidh ó Mhaigh Reichead (féach FSÁG II s.n. Bóthar idir dhá Mhagh ‘see Tóchar idir dhá Mhagh’; cf. Brí Dhamh). B’fhéidir go bhfuil an t-ionannú cruinn. Ach más amhlaidh nach tagairt indíreach don logainm eile atá ann ach tagairt shimplí do bhóthar agus do thóchar, b’fhéidir gurb í an tulachán seo idir chamáin, lámh le bf Baile an Tóchair (#28478), atá i gceist sa dán. Féach an seanbhóthar a ritheann comhthreomhar leis an N7 ó bf Coill an Iúir (#28477) (mar a raibh maigh-ainm, is cosúil, atá béarlaithe ‘Mackadawra’, et var.) siar ó dheas trí Bhaile an Tóchair, ar feadh teorainn thuaidh an bhaile fearainn seo idir chamáin, siar go Seanbhaile Briotáis, agus as sin siar ó dheas thar bhráid Killeenatogher SO (bf Páirc Ioma (#28462) isteach i Maigh Reichead.
    An cnocán beag darb ainm Cromwell’s Hill SO an tulachán atá i gceist in ainm an bhaile fearainn.

    Mionainmneacha ar an léarscáil:

    1. Gan dabht is mór an botún é Pass of the Plumes SO a bheith léirithe anseo. Féach bf An Bhearna < Bearna na gCleití (#27896) i gCuileannach.

Lárphointe

53.1098, -7.13117domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1518-19
Tulhan
Kildare Rent. Leathanach: 289
1549
Tolghan
Irre, extent of
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 98
1570
Tologhan
John Harres
F Leathanach: 1629
1578
Tologhan
Rich. Fitz Garret, gent, taken from O Mores
F Leathanach: 3315
1838
Tullaghan
BS:AL Leathanach: La041,39
1838
Tullyhane
Johnston Map 1826:AL Leathanach: La041,39
1838
Tulchán, 'a hillock'
OD:AL Leathanach: La041,39
1838
Tullaghan
OD:AL Leathanach: La041,39
1838
[Tullaghan]
"Cromwell's Hill is in the northern part…the village of Ballybrittas was, in the year 1598, the scene of an engagement between the troops of the Lord Deputy Essex and those of O'Moore in which the former was defeated: the place is called 'The Pass of the Plumes' from the gay plumes worn on the helmets of the English knights."
Desc. Rem.:AL Leathanach: La041,39
2004
toləˈhɑːn
Áit.
2005
toləˈhɑːn
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm