Léim go dtí an bosca cuardaigh
Á lódáil
Léarscáil á lódáil...
Muine Cuid
ginideach: Mhuine Cuid
ainm neamhdheimhnithe
(Gaeilge)
Moneyquid
(Béarla)
Gluais
muine thicket
Nóta mínithe
  • Gaeilge

    (the) thicket of —

    Ní léir bunús cuid anseo. Leagan Gaeilge 1608/9 ‘muini cuid’ atá le fáil in LS Uí Dhuinn 74, dealraíonn sé gur foirm chomhaimseartha í.

    Ní chuirfimis as an áireamh go raibh guta deiridh tite i léig as an leagan Gaeilge féin faoin tráth ar scríobhadh an tagairt sin. D’fhéadfaí cuid (< cuid oíche) a mheas (féach www.dil.ie s.v. cuit 5 ‘freq. cuitig’; cf. an nóta faoi bf Cnoc an Chúipéaraigh (#28828) i Sliabh Mairge, cf. bf Lios na Coda Oíche (#9944) i gCorcaigh agus féach Ó Crualaoich, Logainmneacha na hÉireann IV (LG) s.n. Courtnacuddy); nó b’fhéidir Muine Coide (?) “thicket of hardness, severity” (www.dil.ie s.v. 1 caite (< cotut): ‘Also coite … ‘coitti .i. im cruas’ … ‘cen chaite “without austerity”’).

    Cloímid anseo leis an leagan foghrúil Gaeilge 1608/9 ‘muini cuid’. Tá sé ag teacht leis na foirmeacha béarlaithe go léir ó 1607 ar aghaidh.

    Ainmneacha stairiúla:
    1. Deirtear san Ainmleabhar go raibh áit i dtuaisceart an bhaile fearainn seo darbh ainm 1838 ‘Skeogue’ < Sceitheog “little whitethorn, thorn-bush”; foirm í seo a shamhlaítear le tuaisceart na tíre den chuid is mó.
    2. Téann Ballyclare Bridge SO < Béal Átha an Chláir “the approach to the ford of the plank” trasna na Bearú i ndeisceart an bhaile fearainn. Tagairtí eile don logainm seo is ea 1607/8 ‘[the wood of Mucluain lying next to] Belaclone’ (recte ‘Belaclare’, mar a thras-scríobhtar an tagairt chéanna san Ainmleabhar faoi bf Muc-chluain (#28350)) agus 1607/8 ‘[the woodd of Mucluaine lying next] Bellana nachaine’ (recte ‘claire’?) in LS Uí Dhuinn 40, 44.
    Luaitear cúpla páircainm stairiúla sa cheantar seo (‘lying northward of the Batir and highway leading from the said Castle to Killiffy [.i. Cill Aichidh (UF)] and southwest of the said Parkemore’) san fhoinse céanna, nach bhfuil a mbunús cinnte, mar atá:
    3. 1607/8 ‘Achatry caoynain’, ‘Achachaynaine’ < Achadh [Caonáin?];
    4. 1607/8 ‘the fountain called Tobar differnan’ (cf. 1636 ‘Cooliffernocke’ timpeall ar an áit seo) < Tobar Ifearnóige (??) “well of the treacherous stream” (cf. Ó Cearbhaill, Logainmneacha na hÉireann II 131–2, Ó Crualaoich, Logainmneacha na hÉireann IV 861–2; nó cf. bf Ifearnán (#7028) sa Chlár);
    5. 1607/8 ‘Kapahinellin’ (cf. 1636 ‘Derryhenelly’) < Ceapach —.

Eangach Náisiúnta

N 38937 16456

Taifid chartlainne
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28349.aspx

Sonraí ríomhaireachta