Léim go dtí an bosca cuardaigh
Á lódáil
Léarscáil á lódáil...
Cúil an Bhuachaláin
ginideach: Chúil an Bhuachaláin
(Gaeilge)
Coolaboghlan
(Béarla)
Gluais
cúil corner, nook
Nóta mínithe
  • Gaeilge

    the corner, nook of the ragwort

    Tagann cuid mhaith tagairtí stairiúla anuas chugainn. Díol spéise, freisin, fuaimniú áitiúil amháin .i. 1997 /ˌkuːləˈbuːglən/ a chur i gcomparáid le bf Bróglach (#28371), nach bhfuil ach 2km slí siar uaidh seo.

    Measaimid gurb é an lus buachalán atá sa cháilitheoir anseo. Ach díol spéise an sloinne a luann Ó hUidhrín leis an dúiche teorantach lastuaidh (1400c):

    Tuath ríogha Rátha Droma
    ní tuil innti a hiothlanna
    cosg orchra cuanna a cabháin
    tolcha buadha Uí Bhaothghaláin

    (Topographical Poems, líne 997–1000)

    Tuath ... Rátha Droma’ = 1563c ‘Tovoradrummon’ Cotton Map = bf Ráth Dromainne (#41940) i mbarúntacht an Daingin Íochtaraigh (UF). Cf., b’fhéidir, muintir Boland sa cheantar céanna i gContae Uíbh Fhailí agus Boland i Móinteach Mílic. Cf. leis 1821 ‘William Boaghely’ in bf Baile Mhic Giolla Chaoin (#28630) 6km soir uaidh seo.

    Ainmneacha stairiúla:
    Ainm ‘quarter’ ab ea é seo. Tagairtí eile dó is ea 1593 ‘Clanmurchoe alias Coulbohelan’, 1607 ‘Clanmorchowe alias Cowlevoghlan’, 1608/9 ‘the quarter of Clanmorchowe alias Cowlevoghlan’ 78 < Clann Mhurchú (?) “the descendants of Murcha”. Is minic clann-ainmneacha mar mhalairt ainm ar na seancheathrúna seo, m.sh. Clann Con Maí, Clann Chearúill, Clann Mochua (?).

Eangach Náisiúnta

N 31601 12766

Taifid chartlainne
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28398.aspx

Sonraí oscailte