BRABHSÁIL
baile fearainn
Cluain Deirg
ginideach: Chluain Deirg
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Clondarrig
(Béarla)

Gluais

cluain, cluaine
Béarla meadow, pasture
dearg, deirg, deirge
Béarla red, red one

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the pasture of Dearg?
    Dearg — ainm pearsanta?

    Tá éiginnteacht ag baint leis an gcáilitheoir anseo. Is léir gur giorrú é ainm an lae inniu ar an mbunainm fada atá le feiscint in iontrálacha 1549–1660c (déanann 1593/4 agus 1595 aithris ar fhoirm 1576), ach is deacair a bheith cinnte faoin ainm sin féin. Más ainm pearsanta atá sa dara heilimint (faoi mar a mheastar atá i gcás bf Cluain Deirg (#41356) (UF 6)), ní léir cé acu Cluain Deirg Mhaoil “the pasture of bald Dearg” nó Cluain Deirg Maol “the bare Cluain Deirg” ba cheart a thuiscint san ainm fada. Ní fios cé chomh hiontaofa is atá an w- in iontráil 1549. (Toisc go mbíonn cluain le fáil mar ainmfhocal baininscneach i logainmneacha ar uairibh, d'fhéadfaí Cluain Deirg “red pasture” a thuiscint freisin, ina bhfuil an aidiacht bhaininscneach sa logthuiseal.)

    D’fhéadfaí an t-ainmfhocal dearg “red cow” agus an aidiacht maol “hornless” a chur san áireamh agus Cluain Deirge Maoile “pasture of the hornless red cow” a léamh (cf. ‘hi rricht bó deirge maílewww.dil.ie s.v. 1 mael (c); cf. FGB s.v. 1 dearg “6. f. … (Name for) red cow”), nó a mhalairt de struchtúr, ina bhfuil comhfhocal bunaithe ar an aidiacht dearg agus an t-ainmfhocal maol “hornless cow” .i. Cluain Deargmhaoile “pasture of the red hornless cow” (cf. www.dil.ie s.v. 2 mael (d)).

    B’fhéidir fós Cluain Deargmhaol “completely bare pasture” (cf. deargnocht “stark naked”) — féach bf Cluain Maol “bare pasture” i nGaillimh (#21750) agus i gCorcaigh (#9787; #11341).

Lárphointe

53.0537, -7.35588domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

1549
Clondergwoill
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 67
1570c
Clondergmoyle
Carew Mss. Leathanach: 635, 87
1576
Clandergermoyle
Anthony Hungerfoorde, gent
F Leathanach: 2778
1593/4
Clonedergermoyle
Lodowick Briskett, gent
F Leathanach: 5845
1595
Clondergermoyle
F Leathanach: 5931
1659
Clonderigmoyle
Cen. Leathanach: 497
1660c
Cloandermoyle
BSD (La) Leathanach: 96
1838
Clonderrig
CM:AL Leathanach: LA014,41
1838
Clondarrig
Survey 1747 (Waller):AL Leathanach: LA014,41
1838
Cluain dearg, 'red lawn or meadow'
OD:AL Leathanach: LA014,41
1838
Clondarrig
BS:AL Leathanach: LA014,41
1838
Clondarrig
"Made 'Clonderg' hitherto. I fear we must adopt 'darg' and sometimes 'darrig' in 'Leath Mhogha'." [Nóta OD] "Clondarg" [scriosta]
OD:AL Leathanach: LA014,41
2005
klənˈderig
Áit.
2005
klənˈdarig
Áit.
2005
klonˈdarig
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm