BRABHSÁIL

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

baile fearainn

fo-aonaid

baile fearainn
Maigh Reichead
ginideach: Mhaigh Reichead
ainm neamhdheimhnithe (Cad é seo?)
(Gaeilge)
Morett
(Béarla)

Gluais

maigh, magh
Béarla plain

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the plain of Reichead?
    Reichead — ainm pearsanta mná?

    Ainm mná a bhí i Reichead, más fíor don scéal faoi ‘Tulach Eoghain’ sa Dindshenchas. Ach taispeánann cuid den fhianaise luath gur ainm ceantair ab ea é (ATig., Met. Dinds, srl.).

    Thagair an t-ainm seo anallód do chuid de bharúntacht Phort na hInse agus do pharóiste Shrúbh Bó (#1460) ó dheas. Pléann Ó Murchadha na foinsí Gaeilge in Laois: History and Society agus pléann Fitzgerald na foinsí gallda in JKAS IV 285–296. Cuirtear síos ar roinnt mhaith iarsmaí seandálaíochta san Fhardal Seandálaíochta (www.archaeology.ie).

    Mionainmneacha ar an léarscáil:

    1. Díol spéise 1838 ‘an old grave yard … called Skeagh na Killy' LSO II 239, 1841 Skeaghnakilla Graveyard SO 6″ < Sceach na Cille “the hawthorn of the church” i dtuaisceart an bhaile fearainn. Déanann Ó Donnabháin ‘Skeagh na Killy’ seo a ionannú le 1538 ‘Skenkyll’ Topographica Hibernica (lch. 20 den aguisín), ainm atá le fáil idir ‘Straboo’ agus ‘Kiltale’, an dá pharóiste taobh theas de Mhaigh Reichead. Is i ndeoise Leithghlinne atá na paróistí seo, agus féach go bhfuil lúibíní timpeall ar ‘Skenkyll’, b’fhéidir chun a chur in iúl go raibh conspóid faoin ‘vicaria’ áirithe sin. Is iad ‘Ardea’ agus ‘Oregan’ an t-aon dá pharóiste de chuid Chontae Laoise atá le fáil ar liosta dheoise Chill Dara (ibid. 18). Féach go bhfuil 1638c ‘capella S. Brigidæ de Moyrgath’ i ndeoise Chill Dara de réir an Easpaig Mag Eochagáin (Dinnseanchas II 31).
    2. Lough Akinshellagh SO < Loch an Chinsealaigh “the lake of An Cinsealach (sloinne)” — cf. bf Baile an Chinsealaigh (#50313) “the town of An Cinsealach” i bPort Láirge.
    3. Ní heol dúinn aon tagairt stairiúil don Ancient Road SO ach cf. 13. The Togher SO thíos.
    4. 1518 ‘The lordship of Mayrehit … Balnepairk 25 acres’ Kildare Rental, 1549 ‘Ballynepark’ CarrMS, 1612 ‘Ballyneparky’ Inq., 1841 Ballynapark SO < Baile na Páirce “the town of the park”.
    5. 1549 ‘Downeballefein’ CarrMS, 1549 ‘Ballefein’ CarrMS, 1841 Doon Fort SO < An Dún “the fort” < Dún Bhaile Fhinn (??) “the fort of Baile Fionn”.
    6. Fooraun Well SO < An Fuarán “the spring”.
    7. Erthoughone Well SO < * Tobar Fheartacha Eoin (??) “the well of the miracles of Eoin” (Eoin Baiste, b’fhéidir; cf. 1638c ‘capella S. Joannis Baptistæ de Imo’ lastuaidh).
    8. 1549 ‘Cuniclare’ CarrMS, 1549 ‘ad Warrenium sive Cuniclare’ CarrMS, Rabbit Hill SO < An Coinicéar “the rabbit warren”.
    9. Lough Keeragh SO < Loch Caorach “lake of sheep”
    10. Lough Moore SO < Loch Mhóra (?) “the lake of Móra”
    11. Rathnalulagh (site of) SO < Ráth na Loilíoch (?) “the ring-fort of the milch cows”.
    12. Toberkine SO < Tobar Cinn (?) “well of (the) head, headache cure”. Ní léir ar cheart /kiːn/ nó /keɪn/ a léamh ar an litriú béarlaithe seo. Ní bheifí ag súil le /keɪn/ mar réadú ar cinn sa cheantar seo.
    13. The Togher SO < An Tóchar “the causeway” (cf. bf Baile an Tóchair (#28478) i bparóiste Lé).
    14. Luggatunna Wood SO < Log an tSionnaigh (?) “the hollow of the fox” (féach gur seannach an fuaimniú a bhí ar an bhfocal seo i ndeisceart an chontae (#27767, #28705)).

    Ainmneacha stairiúla:

    1. 1568 ‘Balleclo’ F, 1570 ‘Balleclow’ Inq., 1603 ‘Balliclowe’ CPR 8, 1608 ‘Balliclowe’ CPR 444, 1610 ‘Ballyclowe’ CPR 157, 1612 ‘Ballynecloe’ Inq. < Baile (na) Cloiche “the town of the stone (structure).
    2. 1568 ‘Gragrowahan’ F, 1570 ‘Graigrowahan’ Inq., 1603 ‘Gorgrowhan or Gragrowahan’ CPR 8, 1603 ‘the villages of Gorgrowhan or Gragrowahan, Balliclowe, and Shanganagh’ CPR 8, 1608 ‘Gragrowhan otherwise Gorgrowhan’, 1610 ‘Gragowhan otherwise Graigrowhane’ CPR 157, 1612 ‘Gragevaghan’ < Gráig Ruacháin “hamlet of (the) reddish earth” (cf. bf Ráithín Ruacháin (#28303) i bPort Laoise Thoir).
    3. 1570 ‘Shaneganaghe’ Inq., 1603 ‘Shanganagh’ CPR 8, 1610 ‘Shanganagh’ CPR 157, 1612 ‘Shanganaghmore’ Inq. < An Seangánach “the place of ants”. Cf. bf Seangánach (#28149) i mBaile Adaim.
    4. 1549 ‘Aghekilleffynnen’, ‘Aghekillefinne’ CarrMS < Áth Cille Finnigh “the ford of Cill Fhinnigh”; 1549 Glaishekilleffyne < Glaise Chille Finnigh “the stream of Cill Fhinnigh” (cf. bf, par Cill Fhinnigh (#28506) ó dheas).
    5. 1619 ‘Ballymonin otherwise Ballynmonin’ CPR 427, ‘Ballymonin or Ballinmonin’ CPR 446 < Baile an Mhóinín “the town of the little bogland”.

Lárphointe

53.0788, -7.1947domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Taifid chartlainne

íomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilteíomhá scanáilte

Tagairtí stairiúla

976 [recte 978]
tighearna Leighe 7 Rechet
ARÉ Imleabhar: II, Iontráil: 706
978
ri Leighe 7 Rechet
ATig. Imleabhar: XVII, Leathanach: 340
1100c.
i mMaig Reichet, Ráith Nuí
Dindshenchas, Dún Másc;
LL Imleabhar: III, Líne: 21174
1100c
Co toracht Srúib Bó i n-iarthur Maige Reichet
Dindshenchas, Srúb Bó [> Straboe SO]
LL Imleabhar: IV, Líne: 21186
1100c
Rechet
Tír Úa Failge
MDind. Imleabhar: IV, Leathanach: 260
1100c
Mag Riched
< Riched ingen Dén; dinnsheanchas 'Tulach Eogain a n-Uaib Failghe';
MDind. Imleabhar: IV, Leathanach: 282
1160c.
Mag Rechet
do fhlathiusaib Herend
LL Imleabhar: I, Líne: 1865
1170c
Cúil Bendchuir a Muig Reicheat, hi Crích Hua Fhailge
Remhfhocul
FOeng. Leathanach: 6
1170c
do Chúil Bennchuir a Muig Rechet (i crich Hua Failge add.)
Remhfhocul
FOeng. Leathanach: 6
1200c
Sen-Mag Roichet ingine Déin Meic Dilenn, risa ráidter Magh Ruadh Roichet
AcS Leathanach: 56
1288
Mayrath, Moyrath
CDI Imleabhar: III, Leathanach: 265, 266
1297
Mayreyth
CJR Imleabhar: I, Leathanach: 167
1297
Mayraght
CJR Imleabhar: I, Leathanach: 169
1297
Mareyeth
CJR Imleabhar: I, Leathanach: 178
1297
Moyrath
CJR Imleabhar: I, Iontráil: 193
1302-6
Moyrayth
Pap. Tax. Leathanach: 248
1302-3
Moyrahyd
RBK Alt: 35
1302-3
Moyrayd
RBK Alt: 75
1500
raith naí i muigh reichet i láighes
LS 1339; Féach Ó Murchadha (1999, 56, n. 36)
TCD
1518c
Mayrehit, Moyrehet
Kildare Rent. Leathanach: 289
1537
Morette
Cal. Carew Leathanach: 131
1540
Moyrehyrt, Moyrhyrt
Crown Surv. Leathanach: 171
1549
Moreit
(extent of Irre)
Carrigan MS Imleabhar: 46, Leathanach: 97
1557
Morreyt
F Leathanach: 127
1563c
Muret
Cotton Map
1575
Moyrett
Rich. Fitz Garrett, gent
F Leathanach: 2722
1575
Moireghe
Riccard or Richard Fitz Gerald, gent
F Leathanach: 2727
1592
Morett
F Leathanach: 5701
1600
Moyret
F Leathanach: 6459
1612
Moyrattie
Inq. Lag. Leathanach: 2 J I
1612
Moyrettie
Inq. Lag. Leathanach: 2 J I
1612
Moyritt
Inq. Lag. Leathanach: 2 J I
1612
Moyrittie
Inq. Lag. Leathanach: 2 J I
1612
Moyritty
Inq. Lag. Leathanach: 2 J I
1619
Moyrehett
CPR Leathanach: 446
1619
Moyret otherwise Moyrehert
CPR Leathanach: 427
1627
Moyrched
AClon. Leathanach: 31
1630c.
Magh Reichead i Laoighis
FFÉ Imleabhar: II, Leathanach: 116
1638c
capella S. Brigidæ de Moyrgath
Dinnseanchas Imleabhar: 2, Leathanach: 31
1654-6
Morett
CS X Leathanach: 20
1655
Moret Castle
DS
1659
Moritte
Cen. Leathanach: 503
1660c
Morrett
BSD (La) Leathanach: 119
1685
Moret. C.
Hib. Del.
1807
Morett
Widow Finelly, John Cahill, John Gorman, Tomas Lawler
Freeman's Journal
1838
Morett, Moret
Ledwick:AL Leathanach: LA019,13
1838
B: Mores
Speed Gt Britain:AL Leathanach: LA019,13
1838
Morett
HCSV:AL Leathanach: LA019,13
1838
Morett
Stopford, Rev. G.:AL Leathanach: LA019,13
1838
Morett
Document 1764 (Chetwode):AL Leathanach: LA019,13
1838
Morett
Cahill Co. Map:AL Leathanach: LA019,13
1838
Morett
HCons PR:AL  Leathanach: LA019,13
1838
Moyrattie, Moyrettie, Moyrittie, Moyritt, Moyritty
Inq. J I:AL Leathanach: LA019,13
1838
Magh reta, 'the ploughed or tilled plain'
McFirbis:AL Leathanach: LA019,13
1838
Morett
OD:AL Leathanach: LA019,13
1838
[Morett]
"…in the southern [part] are the ruins of Morett Church and Morett Castle, several pools, forts..."
Desc. Rem.:AL Leathanach: LA019,13
1838
Morett
BS:AL Leathanach: LA019,13
1838
Morett, Moret
Map 1809 (Portarlington, Leathanach: LA019,13
2005
moˈret
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm

Fo-aonaid