BRABHSÁIL
baile fearainn
Loch an Cheo
ginideach: Loch an Cheo
(Gaeilge)
Loughakeo
(Béarla)

Gluais

Béarla lake; inlet

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the lake of the mist

    Ainmneacha stairiúla:
    Níl fágtha ach smut beag den loch in oirdheisceart an bhaile fearainn a thug ainm don áit, ach léiríonn léarscáil www.epa.ie achar mór de thalamh lochach mórthimpeall air sin, agus cuid de sa bhaile fearainn teorantach bf An Ghráinseach Uachtarach lastoir. Sa bhliain 1608 thagadh teorainn thailte an Phiogóidigh an cnoc anuas ‘to a stone in the middle of Loughchoe’ CPR — tá sé le tuiscint gurb é lár an locha féin atá i gceist ansin. Is é ‘Rathbegg’ < An Ráth Bheag “the small ring-fort” an t-ainm a úsáidtear sna gníomhais ar an talamh taobh thiar den loch an uair úd, ach níl aon tuairisc ar aon imfhálú anseo (www.archaeology.ie).

    Thuas ar imeall thuaidh an bhaile fearainn tá paiste caol talún ar a dtugtar Site of R.C. Chapel SO 6ʺ. Díol spéise go bhfreagraíonn an suíomh seo do 1608 ‘a cross-cut in the earth, called Crosseretagh’ CPR, de réir dealraimh. Cro(i)s “cross” an t-aicmitheoir is dócha, ach faraor tá cuma thruaillithe ar an gcáilitheoir (leg. ‘Crosserevagh’ < An Chrois Riabhach (?) “the grey, spindled cross”, b’fhéidir — ní dócha gurb é an Réitigh atá ann ar aon nós). Ní léir cé acu an comhtharlúint é seo nó ar chrois í a mharcáil láthair thionóil aifrinn nó teorainn tailte eaglasta. Cf. an cur síos ag an gCorragánach in History and Antiquities of the Diocese of Ossory II 48–50 ar an ngné suntasach ‘Kenny’s Cross’ sa ‘Cross-field’ i bparóiste Achadh Bhó .i. dhá logán éadoimhne gearrtha sa chré ag rith trasna a chéile i ndéanamh croise (bf An Chrois #28029).

    Cf. cn Crois Uí Dhuibh/Croshy Duff (#1419165) ar theorainn thiar theas an pharóiste.

Lárphointe

53.0142, -7.21029domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1593
Rathbege
Edw. Fitz Henry
F Leathanach: 5824
1607
Rathbegg & Rahinhoylley
Inq. Lag. Leathanach: 1 J I
1608
Rathbegg
CPR Leathanach: 112
1608
Loughchoe
CPR Leathanach: 113a
1654-6
Rathbegg ... Loghakoe
CS X Leathanach: 21
1659
Loughacoe
Cen. Leathanach: 497
1660c
Loghacheo, Rathbegg &
BSD (La) Leathanach: 97
1660c
Rathbegg & Loghacheo
BSD (La) Leathanach: 97
1805
Loghahoe
Cahill (La)
1838
Lougheyho
BS:AL Leathanach: E019,1,14
1838
Loghahoe
Cahill Co. Map:AL Leathanach: E019,1,14
1838
Loch a' cheo, 'lake of the fog or mist'
OD:AL Leathanach: E019,1,14
1838
Loughakeo
OD:AL Leathanach: E019,1,14
2006
lɑkiˑˈhoːˈpond
(Well known)
Áit.

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm