Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile
fo-aonaid
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilgethe corner, nook of the tanner, cobbler Tagann an focal céanna i gceist in ainm an chnoic Carrigatuder SO 6ʺ < Carraig an tSúdaire “the rock of the tanner, cobbler” in bf Baile an tSléibhe (#28119) i mBaile Adaim — féach ansiúd ainm an fhoirgnimh bhaoise Cobbler’s Castle SO a tógadh sa 18ú haois. Tá sé le fáil i gcontaetha eile leis, m.sh. bf Cnoicín an tSúdaire (#10447), bf Cúil an tSúdaire (#9456) i gCorcaigh, bf Lios an tSúdaire (#66180) i gContae an Dúin, srl. Tagann súdaire ó sūtor na Laidine. Is é 1666 ‘[Cultudery, alias] Port-Arlington’ ASE 84 an chéad tagairt dá bhfuil againn d’ainm Béarla an bhaile. Tá roinnt leathaistriúcháin agus ainmneacha Béarla nuachumtha sa cháipéis chéanna (a chuireann síos ar mhainéar an Tiarna Arlington) — cuid acu níos buaine ná a chéile. Mionainmneacha ar an léarscáil: - 1605 ‘Derrikeshe’ CPR 85, 1841 Derrycosh SO < Doire Ceise “the (oak-)wood of the wickerwork crossing” — féach go bhfuil Ford SO 25″ díreach lastoir de (cf. bf Doire na Ceise (#4747) sa Chabhán).
- Sheskin SO < An Seisceann “the sedgeland” (1814 ‘there are good limestone quarries, particularly at ... Seskin’ Par. Stat. I 518);
- Derrymore Close or Commons SO < Doire Mór “big (oak-)wood”.
 Ainmneacha stairiúla: - 1567 ‘Henard’ F [leg. ‘Hellard’], 1570 ‘Elerdyne’ F, 1617 ‘Elerdeeene, Gallaghnoghare, Shainemock & Polloghennan’ Inq., 1618 ‘Ellerdine’ CPR 390, 1666 ‘Glardine or Ellardine’ ASE 84, 1695 ‘Enardine’ Inq. < Iolairdín (??) “little eminence”. Cf. bf Iolard (#28505) in oirthear an pharóiste.
- 1570 ‘Gallaneoghrye’ F, 1617 ‘Gallaghnoghare’ Inq., 1618 ‘Gallaneoghrie’ CPR 390, 1666 ‘Gallaghnacloghery or Gallanailogherry’ ASE 84, 1695 ‘Gallanacloghery’ Inq. < Gallán Eochaire (?) “standing stone of (the) border, edge” (féach www.dil.ie s.v. 1 eochair (i-gas ar uairibh)).
- 1570 ‘Pollaghmenane’ F, 1617 ‘Polloghennan’ Inq., 1618 ‘Pollaghinenane’ CPR 390, 1666 ‘Ballaghmannon’ ASE 84, 1695 ‘Ballaghmanon’ Inq. < Pollach Meannán (?) “Pollach (place of holes) of snipes” — tá bríonna éagsúla le mionnán — cf. Pollach an Bhaile Nua faoi bf Ráth Mhaoilis (#28293).
- 1570 ‘Shyanmoick’ F, 1617 ‘Shainemock’ Inq., 1618 ‘Sheinmoick’ CPR 390, 1666 ‘Shyannocke or Sushannocke’ ASE 84, 1695 ‘Stryanmuck’ Inq. < Sián Muice “hillock, fairy mound of (the) pig”.
 
Lárphointe
Airíonna
Tagairtí stairiúla
| 1666 | Port-Arlington, Cooletolery alias Cullendery or Cultudery alias | ASE Leathanach: 84
           | 
| 1667 | ye manor or Portarlington | ASE Leathanach: 117
           | 
| 1667 | ye manor or Portarlington | ASE Leathanach: 117
           | 
| 1783 | Portarlington | |
| 1783 | Portarlington | |
| 1838 | Portarlington [In all documents] | Documents:AL Leathanach: La042,15
           | 
| 1838 | Portarlington | OD:AL Leathanach: La042,15
           | 
| 1838 | Portarlington [In all documents] | Documents:AL Leathanach: La042,15
           | 
| 1838 | Portarlington | OD:AL Leathanach: La042,15
           | 
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
 
                            