Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
baile fearainn
fo-aonaid
Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
Nóta mínithe
- Gaeilge
Tá raoire (raoireann sa tuiseal ginideach), et var., le fáil i roinnt logainmneacha luatha eile. Tagann tagairtí anuas chugainn ó chuid de na foinsí Gaeilge is sine dá maireann, ach ní léir brí don fhocal.
Is cosúil go bhfuil iarracht den bhuille faoi thuairim ar na foirmeacha Gaeilge 1475c ‘ teampull Ruighri’, 1595 ‘ Rira Mor’ agus 1608/9 ‘Ririe beag’ — an chéad cheann díobh is fearr is dócha. Tá tagairt sa Dinnsheanchas sa Leabhar Laighneach do 1160c ‘Róiriu i nÚib Falge’, ina ndéantar iarracht an logainm a cheangal le pearsa darb ainm ‘ Róiriu mac Setnai’. Déantar tagairt sa láimhscríbhinn chéanna do 1160c ‘ic Rairind in Huib Muredaig’ i gCill Dara, ainm dá ndearna bf Mullach Raoileann (#25156) le díshamhlú -r-r-n > -r-l-n.
Taispeánann bf Tom Raoileann (#55676) i gCill Mhantáin an díshamhlú céanna.
Mionainmneacha ar an léarscáil:
- Láthair eaglasta í seo cois na Bearú. Tá cur síos san Fhardal Seandálaíochta (www.archaeology.ie) ar eaglais, reilig agus iarsmaí eile eaglasta in bf Raoire Mór (#28636). Tamaillín soir uathusan tá ballán agus St. Fionan’s Wells SO, faoina ndeir Ó Caoimh in LSO I 204 ‘holy wells springing from rocks called Leac Fionáin with some white thorn bushes growing near them’ < Leac Fhíonáin “the flagstone of Fíonán”.
- Is cosúil gurb ionann an tagairt stairiúil 1622 ‘Bealaclare in Rerybegg’ CPR 540 agus Ballyclare Bridge SO, 1km éigin soir ó thuaidh uaidh seo, mionainm atá pléite faoi bf Muine Cuid (#28349).
- Anseo timpeall fós a bhí 1607/8 ‘Campis de Agheny … acha an fheich’, 1609 ‘Agheny’ CPR < Achadh an Fhéich “the field of the raven” le fáil.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
1609 |
Rerimore
|
CPR Leathanach: 123
|
1622 |
Rerymore
|
CPR Leathanach: 540
|
1659 |
Rerimore
|
Cen. Leathanach: 505
|
1660c |
Reynemore, Derrically & Rathcoffie
|
BSD (La) Leathanach: 127
|
1662 |
Ririmore
|
Inq. Lag. Leathanach: 2 C II
|
1685 |
Reyrimore
|
|
1823 |
Reary More
|
|
1838 |
Rearymore
|
BS:AL Leathanach: La054,23
|
1838 |
Rerymore
|
Dunne Map 1786:AL Leathanach: La054,23
|
1838 |
Rerymore
|
H.C. Bog Rep. 1810:AL Leathanach: La054,23
|
1838 |
Rerymore
|
HCSV:AL Leathanach: La054,23
|
1838 |
Rerymore
|
Cahill Co. Map:AL Leathanach: La054,23
|
1838 |
Rerymore
|
HCons PR:AL Leathanach: La054,23
|
1838 |
Roeiriú mór, 'great Reary, or royal seat'
|
OD:AL Leathanach: La054,23
|
1838 |
Rearymore
|
OD:AL Leathanach: La054,23
|
2005 |
reːriˑˈmoːr
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/28636.aspxBéaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML