BRABHSÁIL

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

toghroinn

baile fearainn

baile fearainn
An Chill
ginideach: na Cille
(Gaeilge)
Kyle
(Béarla)

Gluais

Béarla church

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the church
    giorrúchán < An Chill Bheag “the small church”

    In ainneoin nach bhfuil aon iarsmaí seandálaíochta san áit seo (féach www.archaeology.ie), is léir ón áit ina bhfuil an comhartha beag eaglasta ar léarscáil an Down Survey ag freagairt do 1660c ‘Gleabe Land in Killbegg’ BSD gurb ionann é is 1638c ‘cæmiterium de Kilbegge iuxta Tenahensy’ [“reilig Kilbegge in aice Thigh na hInse”]. Tá an baile fearainn beag bídeach seo (7 acra) faoi mar a bheadh oileáinín sa chuid thiar de bf Tigh na hInse (#28682).

    Sampla é seo de logainm béarlaithe sa tseandúiche Uí Fhailghe ina bhfuil fianaise dhiongbháilte ar son défhoghair /~kəil/ < cill “church”. (Tá 1837 ‘Kyle grave yard’ in bf An Ráth Dhubh (#25127) i gContae Chill Dara suite díreach lastoir ó dheas de theorainn bharúntacht Uíbh Fhailí Thiar; cf. Ó Crualaoich, Logainmneacha na hÉireann IV (LG) s.n. Kyle (par. Templeshanbo). Is é bf An Chill Bheag/Kylebeg (#54883) in iarthuaisceart Chontae Chill Mhantáin, mar a bhfuil cloch bhalláin agus iarsmaí eaglasta eile le fáil, an sampla is sia ó thuaidh i gCúige Laighean.)

Lárphointe

53.1351, -7.47496domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

1629–44
caemiterium de Kilbegge iuxta Tenahensy
Dinnseanchas Imleabhar: 2, Leathanach: 33
1660c
Gleabe Land In Killbegg
BSD
1774-9
Kyle
Dunne Papers Leathanach: 145
1838
Kyle
OD:AL Leathanach: La054,19
1838
Kyle
BS:AL Leathanach: La054,19
1838
Kile
H.C. Bog Rep. 1810:AL Leathanach: La054,19
1838
Kill
Inq. C I:AL Leathanach: La054,19
1838
Coill, 'a wood'
OD:AL Leathanach: La054,19
1997
koil
Áit. Uimhir : C894a

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm