- Nóta mínithe
-
- Gaeilge
Ní léir brí.
Tháinig athrú mór ar an ainm seo le himeacht aimsire; Cnogba na Sean-Ghaeilge > Crewbane (19ú haois) de réir léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis. Tá cur síos déanta ag Art Ó Maolfabhail ar an athrú seo in aiste dar teideal ‘Ilfhás ar ainm clúiteach (Cnogba > Knowth, Craud, Ballinacraud, Crewbane)’ in Celtica XXI (1990). Ba é a scríobh Seán Ó Donnabháin faoi fhuaimniú an logainm lena linn féin ná, ‘Cnoghbha is vulgarly pronounced Cru here’. De réir A.J. Hughes, ba é an foghar a chuala an Donnabhánach i logainm seo na Mí ná guta atá le fáil i gcanúintí Ultacha ar a dtugtar ‘high-back-unrounded u-sound’ (Ainm IV, 1990).
Ní heol dúinn brí ná sanasaíocht ná aois an logainm Cnóbha. Díol suime gur ionad cónaithe ríoga a bhí ann sa ré stairiúil: ‘The metamorphosis of Tara from tomb to royal residence is paralleled at Knowth. This site (known by the medieval Irish to have been a burial mound) was chosen as their centre by the local Uí Néill kings of northern Brega from the eighth century onwards’, F.J. Byrne, Irish Kings and High-Kings
- Gaeilge
- Eangach Náisiúnta
-
N 99732 73737
- Taifid chartlainne
- Nasc buan
- https://www.logainm.ie/38470.aspx
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Sonraí XML (dímholta)
- contae
- barúntacht
- paróiste dlí
- baile fearainn
- Cnóbha/Knowth