BRABHSÁIL
baile fearainn
Cúl na Dromann Uachtarach
ginideach: Chúl na Dromann Uachtarach
(Gaeilge)
Cooldrumman Upper
(Béarla)

Ordlathas

contae

barúntacht

paróiste dlí

Nóta mínithe

  • Gaeilge

    the back of the ridge

    Tá an fhianaise don logainm seo ar aon chéim le díorthú ó Cúl na Dromann. Is díol spéise é go bhfuil na foranna Íochtarach agus Uachtarach le sonrú san fhianaise luath freisin, rud a thugann le fios go raibh si ann sa ré Ghaelach féin, m.sh. ‘Culladrammaneghter’ agus ‘Cooledormanoutragh’, faoi seach.

    Tuairimítear uaireanta gur dócha gurbh ionann Cúil Dreimhne, láthair cháiliúil chatha sa bhliain 560 i mbarúnacht Chairbre i Sligeach, agus Cúl na Dromann. Ar drochuair, áfach, níl fianaise chinnte ar bith ann chun an t-ionnanú sin a dheimhniú. Ní hamhain é sin, ach tá fianaise ann a thugann a mhalairt le tuiscint. Mar shampla, is díol spéise ar fad é an tagairt do Chúil Dreimhne in Félire na Naomh nÉrennach .i. i dtráchtaireacht faoi naomh darb ainm Seanbhearach, a thugann le fios go raibh Cúil Dreimhne suite idir Droim Chliabh agus Sligeach:

    ‘SENBEARACH, Cuile Drephne. Eter Druim Cliabh agus Sligeach i cConnachtaibh atá Cúil Dreimne … (Félire na Naomh nÉrennach)

    Ach tá an baile fearainn Cúl na Dromann suite ó thuaidh ó Dhroim Chliabh agus ní ó dheas uaidh (.i. ‘idir Droim Chliabh agus Sligeach’). Mar sin, ní hamháin nach bhfuil aon fhianaise ann a mhíneodh an fhorbairt teangeolaíochta ó Cúil Dreimhne go Cúl na Dromann, ach tá fianaise ann go raibh Cúil Dreimhne suite áit éigin ar fad eile ó dheas ó Cúl na Dromann agus Dhroim Chliabh araon.

  • English

    the back of the ridge

    The evidence for this anglicised placename supports derivation from Cúl na Dromann. It is interesting to note that the subdivisions ÍochtarachLower” and UachtarachUpper” are reflected even in the early evidence, which demonstrates that they were in existence during the Gaelic period itself, e.g. ‘Culladrammaneghter’ and ‘Cooledormanoutragh’, respectively. (It is often the case that subdivisions of townlands such as upper and lower were created at a much later date.)

    It is sometimes opined that Cúl na Dromann refers to the same place as Cúil Dreimhne, a historical placename referring to a location in the barony of Carbury, County Sligo, where a famous battle was fought in the year 560. Unfortunately, however, there is no certain evidence to confirm this identification. Not only that, but there is evidence that would lead to the opposite conclusion. For example, a reference to saint Seanbhearach of Cúil Dreimhne in Félire na Naomh nÉrennach, states that Cúil Dreimhne was situated between Drumcliff and Sligo:

    SENBEARACH, Cuile Drephne. Eter Druim Cliabh agus Sligeach i cConnachtaibh atá Cúil Dreimne… “Seanbhearach of Cúil Dreimhne. Cúil Dreimhne is between Drumcliff and Sligo in Connaught” (Félire na Naomh nÉrennach)

    But Cúl na Dromann is actually situated north of Drumcliff — not south of it (i.e. ‘between Drumcliff and Sligo’). Therefore, not only is there no evidence to explain a putative linguistic development from Cúil Dreimhne to Cúl na Dromann, but there is clearly stated evidence that places Cúil Dreimhne south of both Cooldrumman and Drumcliff.

Lárphointe

54.3531, -8.52247domhanleithead, domhanfhad
Eangach na hÉireann (le litir)
Á ríomh...
Eangach na hÉireann (gan litir)
Á ríomh...
Trasteilgean Mercator na hÉireann (ITM)
Á ríomh...

Tagairtí stairiúla

Nóta
Nóta
Nóta
Nóta
Nóta
Nóta
1617
Coolandroman
CPR Leathanach: 322a
1617
Cooledormanoutragh
CPR Leathanach: 322a
1633–6
Colladrommanoghta
Rentals: Wood-Martin II Leathanach: 148
1633–6
Culladrammaneghter
Rentals: Wood-Martin II Leathanach: 181
1655–7
Cooledroman, Cooledruman=oghter
DS
1659
Culadruman
Cen. Leathanach: 597
1660c
Cooldruma, Cooledrumoughter
BSD Leathanach: 88
1665c
Culedroman
HMR Leathanach: 46
1666
Cooledromaneighter
ASE Leathanach: 57
1666
Cooledromenoughtragh
ASE Leathanach: 86
1682c
Cooledromaneighter
Inq.(Sl) Leathanach: 9
1682c
Colodromneighter
Inq.(Sl) Leathanach: 33
1685c
Cooldroman
Hib. Del.
1749
Culadrumenbar
Cen. of Elphin Leathanach: 565
1749
Culadrum Gilmr
Cen. of Elphin Leathanach: 565
1819
Cooladromen
Larkin (Sl)
1836
Cooladrumin lower
Orth:AL Leathanach: Sl014,36
1836
Cooladrumin upper
BS:AL Leathanach: Sl014,37
1836
Cooladromen
BM:AL
1836
Cooladrumin lower
Cess Applot. Bk.:AL
1836
Cooladrumin upper
Cess Applot. Bk.:AL
1836
Cooldroman
Cooper Map:AL
1836
There are 3 forts. One on its eastern boundary
Desc. Rem.:AL
1836
Coole Dromannoughter
DS Ref.:AL
1836
Cooldromaneighter
Grant, C. II:AL
1836
Cooladromen
Larkin (Sl):AL
1836
Cooladrummen lower
Militia Cess Applotment:Al
1836
Cooladrummin upper
Militia Cess Applotment:Al
1836
Cooldrumman &c ‘This is probably the Cooldreimhne of Irish writers where St Columbkill fought a battle’
OD:AL
1836
Cu//l a Drŏmai//n: “back of the ridges”
OD:AL
1836
Cooldroman
Part. 1687:AL
1836
Cooladrumin lower
pron.:AL
1836
Cooladrumin upper
pron.:AL
1938
Cúil an Dromáin
Elphin PN Leathanach: 31

Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.

Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.

Sonraí oscailte

Comhéadan feidhmchláir (API)

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Eochair API ag teastáil chun rochtain a fháil ar na sonraí
Breis eolais maidir le API Logainm

Linked Logainm

Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML

Á riar ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann
Breis eolais maidir le Linked Logainm