Ordlathas
contae
barúntacht
paróiste dlí
fo-aonaid
Nóta mínithe
- Gaeilge
Roghnaíodh an litriú Baile Bhuirne ar na cúiseanna seo leanas, de réir dealraimh, nuair a socraíodh ainm oifigiúil Gaeilge an bhaile os cionn leathcheád bliain ó shin:
Bairnech ainm stairiúil na háite. ‘i mBairniuch’ (tabharthach) atá sa Leabhar Laighneach cuir i gcás. Faoi thosach an 14ú haois bhí* -u-* á scriobh sa siolla tosaigh in ionad -a- i gcáipéise Laidne, leithéid* Burnagh* (bliain 1302c), Burneach (1492). Ní foláir nó bhí an guta aiceanta ardaithe sa chaint um an dtaca sin. Tá baile le feiscint sa logainm ón 16ú haois amach, Ballyburney (1545) m.sh. Dob fhéidir foirmeacha mar é a mhíniú ar dhá shlí, (a) gur forbairt atá ann ó Baile Bhuirnigh.i. ginideach Buirneach réamhráite i ndiaidh Baile agus go ndearna Baile Bhuirne de sa chaint, nó neachtar acu, (b) gur foirm ghinidigh den fhocal gaolmhar boireann is ea é, i ndiaidh baile. (Cuir Buirne i gcóimheas le Ceann Boirne an Chláir, ginideach boireann.) Baile Bóirne a scriobh An Dubhaltach Mac Firbhisigh i lár an 17ú haois pé scéal é agus baile Muirne atá in Annála Ríochta Éireann (bl. 1602). Féach go bhfuil idir –b- agus -m- scríofa i leagan trascríofa seo an logainm ón mbliain 1621, Ballyburny alias Ballymorney. Tháinig ann do na leaganacha scríofa úd dar thús -m- i ndiaidh baile mar seo: cailleadh an difríocht stairiúil a bhí idir na consainbh agus mh i dtosach focal sa Nua-Ghaeilge (taobh amuigh den Bhairdne), rud a chiallaigh nach mbeadh puinn difríochta idir Bhuirne (an leagan stairiúil) agus Mhuirne sa chaint. Is eárd a thaispeánann an litriú Baile Mhuirne dúinn gur imigh brí bhunaidh an dara focal ó aithint toisc gur thit bh- agus* -mh-* le chéile. B’fhéidir go ndeachaigh an t-ainm baineann Muirne i bhfeidhm ar an mhíthuiscint chomh maith. Usáidtear an litriú Baile Mhúirne go háitiúil freisin. Ach má tá Mhúirne le síneadh fada ceadaithe, nár cheart Ceann Bóirne a scríobh chomh maith céanna, mar aon le ‘mo mhúirnín’, fóirne (iolra foireann) srl.? Baile Bhuirne an litriú is dilse don ainm bunaidh agus is é is fearr a léiríonn an bhrí.
Lárphointe
Tagairtí stairiúla
830c |
Bairnigh
|
FOeng. Leathanach: 72.11
|
c1160 |
i mBairniuch
Gobnat i mBairniuch i cocrích Muscraigi Mittini 7 Eoganacht Locha Lein CGSH #665.2
|
LL Leathanach: 353 a 31
|
1301 |
Burnagh
|
Pap. Tax. Leathanach: 316
|
1364 |
Burnagh
|
PRC Leathanach: 60, Imleabhar: III
|
1492 |
Burneagh
|
Ann. Cloyn. Leathanach: 20.63
|
1492 |
Burneach
|
CPL Leathanach: 442, Imleabhar: XV
|
1545 |
Ballyburney
|
F Leathanach: 461
|
1577 |
Ballyworny
|
F Leathanach: 3083
|
1577 |
Balyburney
|
F Leathanach: 3121
|
1578 |
Balliwornie
|
F Leathanach: 3539
|
1579 |
Ballevourney
|
F Leathanach: 3539
|
1584 |
Ballevorny
|
F Leathanach: 4467
|
1589 |
Ballivourny
|
F Leathanach: 5330
|
1591 |
Ballyvorny
|
Cl. Par. Rec. CCR Leathanach: 51, Imleabhar: II
|
1591 |
Ballyworney
|
F Leathanach: 5609
|
1601 |
Balllivornie
|
F Leathanach: 6467
|
1602 |
baile Muirne
|
ARÉ Leathanach: 6.2312
|
1603 |
Ballyvuerny
|
F Leathanach: 6763
|
1614 |
Balliworne
|
CPR Leathanach: 320
|
1615 |
Ballyvourney als Barnagh
|
Cl. Par. Rec. CCR Leathanach: 51, Imleabhar: II
|
1615 |
Ballivourney alias Burnagh
|
RVis. (CCR) Leathanach: 206
|
1621 |
Ballyburny alias Ballymorney
|
CPR Leathanach: 515
|
1625 |
Ballyvoorny
|
Inq.(Co) Leathanach: 44, Imleabhar: III
|
1636 |
i mBaile Muirne
|
FNÉ Leathanach: 46
|
1641-7 |
Ballyborney
|
Outlaws Leathanach: 334
|
1645 |
Burneach
|
ASH Leathanach: 315
|
1650 |
Baile bóirne
(Fir.)
|
Onom. Goed. Leathanach: 721
|
1655 |
Ballyworney
|
|
1656 |
Ballyvoorny
|
CS VI Leathanach: 323
|
1660c |
Ballyworny
|
BSD (Co) Leathanach: 84
|
1669 |
Ballyvorny
|
ASE Leathanach: 217
|
1731 |
Ballyvorney
|
State Pop. Leathanach: 120
|
1750 |
B.vourny
|
|
1770c |
Baile Bhúirne
|
Barántas Leathanach: 133.41
|
1774 |
a mBaile Bhuirne
|
Barántas Leathanach: 115.32
|
1780c |
Baile Mhuirne
|
Ó Míocháin Leathanach: 55
|
1786 |
Ballyvourney
|
Mon. Hib. Leathanach: 57
|
1802 |
Baile Bhuirne
|
RIA Uimhir thagartha (LN): 23 N 32, Leathanach: 13
|
1827 |
Ballyvoorney
|
|
1841 |
Ballyvourney
|
|
1841 |
Ballevourney
|
|
1841 |
Ballyvournine
|
|
1841 |
Ballyvourny
|
|
1841 |
Ballyvoorney
|
|
1841 |
baile mughdhorna, Mourney's town
|
|
1841 |
baile bhóirne
|
|
1969 |
Baile Bhuirne
|
Bailte Poist Leathanach: 71
|
Aire: Cáipéisíocht áirithe chartlainne de chuid an Bhrainse Logainmneacha í seo. Léirítear anseo cuid de réimse thaighde an Bhrainse Logainmneacha ar an logainm seo thar na blianta. D'fhéadfadh sé nach taifead iomlán é agus nach bhfuil aon rangú in ord bailíochta déanta ar an bhfianaise atá ann. Is ar an tuiscint seo atá an t-ábhar seo á chur ar fáil don phobal.
Is féidir leas a bhaint as an ábhar cartlainne agus taighde atá curtha ar fáil ar an suíomh seo ach an fhoinse a admháil. Ní mór scríobh chuig logainm@dcu.ie chun cead athfhoilsithe nó saincheisteanna eile maidir le ceadanna nó cóipcheart a phlé.
Nasc buan
https://www.logainm.ie/520.aspxDaoine a rugadh anseo
Tá beathaisnéisí a bhaineann leis na daoine seo a leanas sa Bhunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (ainm.ie):
Béaloideas
Tá ábhar a bhaineann leis an áit seo i gCnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie):
Sonraí oscailte
Comhéadan feidhmchláir (API)
Linked Logainm
Formáidí: RDF | RDF N3 | RDF JSON | RDF XML