Logainm an lae
Lios Droma Geimhil Uachtarach/Lisdrumgivel Upper
Fáilte
Téama faoi thrácht
Nimh san ainm
Coill Neantóige / Kilnantoge
“wood of (the) nettle”
(féach logainm.ie #41640)
Dáta: 21/05/2025
Thagraíomar i nóta na seachtaine seo caite don luach a bhí ar an gcat in Éirinn le linn na meánaoiseanna, is a rá go raibh díre (.i. fíneáil) throm le híoc ar a mharú nó a ghortú. Ach ní luach airgid amháin a bhí ar an gcat dar leis na sean-Ghaeil. Is léir go rabhadarsan chomh ceanúil céanna ar na peataí beaga seo is atá úinéirí cat an lae inniu: féach go dtagann tagairtí d’ainmneacha cat ar leith anuas chugainn i bhfoinsí Sean- agus Meán-Ghaeilge. Orthu seo tá an cháil is mó tuillte ag an ainm Pangur Bán, gan aon amhras! B’in ainm ar chaitín ar bhreacadh dán faoi sa Codex Sancti Pauli, blúire beag de lámhscríbhinn a scríobh cléireach as Éirinn sa 9ú haois i mainistir Reichenau, gar do Konstanz ar theorainn na hEilbhéise leis an nGearmáin sa lá atá inniu ann. (Tá an lámhscríbhinn ar caomhnú san Ostair anois (cf. Oskamp, Éigse 17 (1978); Toner, Cambrian Medieval Celtic Studies 57 (2009).) Seo tús an dáin:
Messe ocus Pangur bán, Myself and white Pangur
cechtar nathar fria ṡaindán; each of us at his special craft:
bíth a menma-sam fri seilgg, his mind is wont to be on hunting
mu menma céin im ṡaincheirdd. my own mind on my special craft.
Tagann cat-ainm eile anuas chugainn ó ré na Sean-Ghaeilge, sa Ghluais a scríobh Dónall Ó Dábhoireann (Domhnall Ó Duibhdabhoireann) sa 16ú haois ar théarmaíocht na dtéacsanna luatha dlí a raibh teacht aige orthu. Faoin iontráil dar tús Glasnenta .i. ainm do chat… sonraítear an díre a bhí ag gabháil lena leithéid. (Sliocht de na Catṡlechtae a luamar an tseachtain seo caite atá anseo, ní foláir, de réir Fergus Kelly (EIF lch.123; in eagar ag Kevin Murray, Celtica 25).) An aidiacht glas atá sa chéad eilimint den ainm, dar ndóigh, ach tabhair faoi deara go raibh réimse níos leithne bríonna leis an bhfocal sin sa tseanteanga, seachas an dath ‘uaithne’ is príomhbhrí leis inniu. Dar le heagarthóirí A Dictionary of the Irish language, ciallaíonn SG Glas Nenta “Nettle-Green” (eDIL s.v. 2 glas); dar le Kelly (EIF lch.123) go bhféadfaí é a mhíniú mar “nettle-grey”. Is mar seo a thugtar faoin ainm a mhíniú sa téacs féin: .i. bís fon nglasnenaigh, nó gebar do nenaigh glais .i. don nenntóig “i.e. which is under the green nettle, or which is brought from a green nettle, i.e. from the nettle” (aistr. ag Murray, Celtica 25: 149). Pé ar domhan de, is í an dara heilimint den ainm úd, mar atá SG nenta = NG neanta – ar cnuasainm é dar brí “nettles” – a bheidh idir chamáin againn an tseachtain seo.
Tagann an focal seo neanta – agus fréamhaithe de, ar nós neantóg, neantán (FGB s.vv. neanta, neantóg; Dinneen s.v. neannta) – tagann sé i gceist i roinnt logainmneacha ar fud na tíre. Is mar cháilitheoir (qualifying element) is mó a bhíonn sé le fáil, amhail Tor Neanta / Tornant [Upper, Lower] “tall rock(?) of nettles” (logainm.ie #54717) i gContae Chill Mhantáin. (Ní léir brí bheacht an aicmitheora (generic element) tor sa logainm sin; tá bríonna éagsúla leis sa Nua-Ghaeilge .i. “bush, clump, tuft; tall rock, steep rocky height; tower” (FGB s.v. 1, 2 tor). Tabhair faoi deara, áfach, go bhfuil gallán, tuama meigiliteach agus ciorcal cloch ar bharr an chnoic sa bhaile fearainn Tor Neanta Uachtarach: archaeology.ie WI0-15-039; WI0-15-036; WI0-15-037). I gContae Chill Mhantáin freisin atá Baile an Neanta / Ballinanty “the town(land) of the nettles” (logainm.ie #55267). Tá Creig an Neanta / Creggananta “the rock, crag of the nettles” (logainm.ie #19383) i gContae na Gaillimhe. Agus ar scrúdú ainm an bhaile fearainn Ballynant i gContae Fhear Manach (logainm.ie #60183; placenamesni.org) dóibh, ba é breithiúnas Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann gurbh é Baile Neanta “the town(land) of nettles” – nó Baile an Neanta leis an alt – an bunainm Gaeilge.
Tabhair faoi deara gur ainmfhocal firinscneach is ea an cnuasainm neanta, gin. an neanta sna logainmneacha seo atá díreach luaite. Ach is minicí go mór é le fáil mar ainmfhocal baininscneach .i. gin. na neanta. Is mar sin do Baile na Neanta / Ballynanty “the town(land) of the nettles” (logainm #30825), Ceapach na Neanta / Cappananty “the plot of the nettles” (logainm.ie #30529) agus Cnocán na Neanta / Knockananty “the hillock of the nettles” (logainm.ie # 31222) i gContae Luimnigh, cuir i gcás. Mar an gcéanna do Srathán na Neanta / Srahaunananta “the (little) river valley of the nettles” (logainm.ie #20068) agus Corr na Neanta / Cornananta “the round hill of the nettles” (logainm.ie #20361) i gContae na Gaillimhe. Ag dul ó thuaidh tá an focal seo baininscneach sna logainmneacha Ceathrú na Neanta / Carrownananta “the quarter of the nettles” (logainm.ie #45027) i gContae Shligigh agus Doire na Neanta / Derrynananta “the (oak-)wood, grove of the nettles” (logainm.ie #1371793) i gContae an Chabháin.
Luamar na fréamhaithe neantóg agus neantán thuas ach is fíorbheag logainm ina dtagann siadsan i gceist i ndáiríre. Sampla cinnte is ea Coill Neantóige / Kilnantoge “wood of (the) nettle” (logainm.ie #41640) i gContae Uíbh Fhailí. Déaneann an Duinníneach tagairt san Fhoclóir aige d’ainm an bhaile fearainn Neantanán / Nantinan “place of nettles” (logainm.ie #23369), Contae Chiarraí, (s.v. neanntanán), a mhíníonn sé mar “a nettle shrubbery”. Féach go bhfuil an t-ainm ceannann céanna Neantanán ar bhaile fearainn agus paróiste dlí i gContae Luimnigh (logainm.ie #1584; #32235).
Níl an taighde críochnaithe fós ar an mbaile fearainn Glasnant (logainm.ie #15942) i gContae Dhún na nGall, ach faoi mar a sheasann sé faoi láthair is é is dóichí ná gur neanta (nó foirm de) atá san ainm ó cheart. (Dála an scéil, táimid cinnte nach bhfuil sa chosúlacht idir ainm an bhaile fearainn seo agus ainm an tseanchait úd Glas Neanta ach comhtharlúint!)
Cad a spreag na logainmneacha seo, más ea? Luífeadh sé le réasún go mbíodh an neantóg le feiscint go flúirseach ar fud na hÉireann sula raibh an talmhaíocht faoi lánseoil, agus go háirithe sular dtáinig an dúil ar ‘fheabhsú talún’ isteach sa 17ú haois (féach go bhfuil 200 tagairt don fhocal improvement sa Civil Survey, A.D. 1654-1656… do Chontae Loch Garman!). Ach anuas ar a fhorleithne is a fheiceálaí is a bhí an neantóg faoin tuath in Éirinn fadó, bhí sé úsáideach freisin mar phlanda. Tá tagairtí sna seantéacsanna don neantóg mar bhia séasúrach (EIF lch.311), agus tá ainm an leighis air anuas go dtí an lá atá inniu ann. I measc an bhéaloidis atá le fáil ina thaobh i mBailiúchán na Scol (c. 1938), tá tagairt ó Chontae Ros Comáin don brután neantóg .i. saghas anraith neantóg a d’fhágfadh slán folláin thú go ceann bliana ach é a ól trí bhabhta i mí na Márta (BNS 0015.144); agus tá tagairtí don anraith neantóg mar bhéile – in éineacht le domplagáin – i mBaile Phib ar bhruach na príomhchathrach féin (BNS 0799.209). Ach is ag daltaí scoile Chontae na Mí a bhí an t-oideas is fearr, a shonraigh go beacht conas a dhéantaí beoir as na neantóga céanna (BNS 0684.238)!
Itheann a lán daoine in Éirinn anraith neantóg fós, ach más maith leat greim níos sofaisticiúla a dhéanamh as – ach é a bheith préamhaithe sa seantraidisiún fós – bain triail as neantóg (atá pléite sa nóta seo) a mheascadh le creamh (a phléamar cúpla seachtain ó shin) chun peisteo den chéad scoth a fháil. Peisteo Glasneanta.
Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill
- Neantanán/Nantinan
- /Glasnant
- Creig an Neanta/Creggananta
- Srathán na Neanta/Srahaunananta
- Corr na Neanta Mhór/Cornananta More
- Neantanán/Nantinan
- Ceapach na Neanta/Cappananty
- Baile na Neanta/Ballynanty
- Cnocán na Neanta/Knockananty
- Neantanán/Nantinan
- Coill Neantóige Íochtarach/Kilnantoge Lower
- Ceathrú na Neanta/Carrownanty
- Tor Neanta Íochtarach/Tornant Lower
- Baile an Neanta/Ballinanty
- /Ballynant
- Doire na Neanta/Derrynananta