2024-11-12

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Chugat an púca! (2)
Cloch an Phúcaigh/Cloghpook (logainm.ie #26982)

Dáta: 08/11/2024

Mar a chonaiceamar an tseachtain seo caite, in ainneoin go bhfuil an focal púca “sprite … ghost … bogey-man” thar a bheith coitianta i logainmneacha is minic a sheasann litriúcháin Bhéarla ar nós -fook, -pooka, puck(s)-, srl., do leaganacha gaelaithe de na hainmneacha Puck/Pook (sloinne) nó Foulke (ainm pearsanta/céadainm) a thug na hAngla-Normannaigh isteach. Sampla cinnte de Foulke is ea Foulksmill/Muileann Fúca (logainm.ie #131844) i gContae Loch Garman. Agus tá go leor samplaí againn den sloinne Puck/Pook i logainmneacha de bhunús Béarla, amhail Puckstown (logainm.ie #56008) i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath (mar a bhfuil na heastáit Páirc na nGrás agus Páirc Cheilteach ar gach taobh d’Ascaill Uí Choileáin anois). (Is aistriúchán é an leagan oifigiúil Gaeilge, Baile Phúca.)

Tá roinnt logainmneacha ina dtugann foirmeacha áitiúla Gaeilge a breacadh síos ar obair pháirce le linn na Suirbhéireachta Ordanáis sa 19ú haois púca le fios, ach ina gcuireann an fhianaise stairiúil ina iomláine ainm nó sloinne Béarla in iúl. Mar a phléamar cheana, gaelaíodh an sloinne Béarla Puck/Pook (trí neasfhoghraíocht) mar Púc; mar is gnách le sloinnte de chuid na Sean-Ghall, d’eascair foirm aidiachtúil ainmfhoclaithe as sin .i. An Púcach ‘duine dar sloinne Púc’. Sa tuiseal ginideach, ní bhíodh mórán idir gin. u. an Phúcaigh agus gin. u. an phúca sa chaint, agus anuas orthusan ní mór Fúca – an leagan gaelaithe den ainm pearsanta Foulke – a chur san áireamh!

Mar bharr ar an meascán, tá fianaise áirithe anseo agus ansiúd a thugann le tuiscint go ngaelaítí Foulke féin mar *Púca chomh maith le Fúca (cf. Piaras/Feoras < AN Piers). Cuir i gcás Baile Fúca/Foulkstown (#47474) i gContae Thiobraid Árann, mar a bhfuil formhór glan na fianaise – agus tá taifead réasúnta iomlán againn – ar son Fúca (< Foulke), m.sh. ‘Bally Ffowky’ (1508), ‘Fulckstown’ (1525), ‘Fowkyston’ (1539). Fiú amhain ansin, faighimid an tagairt eisceachtúil amháin ‘Pookestowne’ (1659) ina bhfuil P- ag seasamh don phréamhchonsan tosaigh de Púca (? ≈ Fúca < Foulke). Tá sampla níos soiléire againn sa logainm atá béarlaithe mar Foulkstown (logainm.ie #27009) i gContae Chill Chainnigh. Tá a bhunús sin cinnte: féach an fhianaise leanúnach Foulkes-, Fowkes-, Fouks-, srl. (1584–1838). Ba éard a bhí le clos ó mhuintir Ghaeilge na háite sa 19ú haois, áfach, ná ‘baile an phúca’ (1838). Is léir gur eascair Baile an Phúcaigh “the town(land) of An Púcach” as an ainm Foulke sa chás seo. (B’ann don sloinne Foulkes, et var., atá díorthaithe as an gcéadainm sin, ach is cosúil nach raibh sé róchoitianta i measc na nAngla-Normannach abhus.)

Tá go leor samplaí eile den mheascán úsáide seo. Cuir i gcás an logainm béarlaithe Cloghpook (logainm.ie #26982) i gContae Chill Chainnigh, ar a dtugtaí ‘cloch a’ phúca’ (1838) go háitiúil sa 19ú haois. Ba dhóigh leat gur comhlogú den ainmfhocal coitianta púca le haicmitheoir topagrafaíochta cloch .i. ‘carraig’ a bhí ansin. Ach arís, taispeánann an taifead scríofa – agus fianaise thánaisteach eile nach é – go bhfuil bunús Angla-Normannach leis an logainm seo. Ar ndóigh, brí eile a bhíonn le cloch i logainmneacha is ea struchtúr cloiche (cf. “a construction of stone, esp. fortress, stronghold, castle” eDIL s.v. cloch [sense (f)]; cf. FGB s.v. cloch (5)). Sa chás seo léirítear caisleán darb ainm ‘The Clofowke’ ar léarscáil bharúntachta an Down Survey c 1655 (faoina deirtear go raibh sé “in good repair”). Thugtaí na sean-Ghaeilgeoirí ‘Shanachushlawn’ [An Seanchaisleán] ar láthair an chaisleáin fós ag tús an 20ú haois (Corrigan, History and antiquities of the diocese of Ossory (1905) III 456). Ba leis na Fréinigh (AN de Freyne) an caisleán (féach Freneystown/Baile na bhFréineach (#27081) [‘Ballinevrenagh’ (1623)] gan ach 8km slí ó dheas ó bhaile), teaghlach a bhí an-cheanúil ar an Foulke mar ainm baiste (m.sh. Fulk de la Freigne †1349, mac le Fulk de la Freigne †1320). Dá bhrí sin, is sampla an-shoiléir é seo den ainm pearsanta/chéadainm AN Foulke arna ghaelú mar Fúca/*Púca agus arna athmhíniú ansin mar a bheadh sloinne, rud a thug An Púcach ‘duine dar sloinne *Púca/Fúca(?)’. Cloch an Phúcaigh an leagan oifigiúil dá réir sin. Pléann Pádraig Ó Cearbhaill go leor cásanna mar seo san aiste leis ‘An púca i logainmneacha’ (Ainm 1987) a luamar an tseachtain seo caite.

Níl aon tagairt don fhocal púca le fáil i litríocht ná i logainmneacha na Gaeilge roimh theacht na nAngla-Normannach, agus is é is dóichí gur iasacht é ón Meán-Bhéarla. Féach Middle English Dictionary s.v. pŏuk(e) ‘from OE pūca; also cp. OI pūki … An evil spirit, a devil, goblin’. Thugamar faoi deara cé chomh minic is bhíonn an eilimint poll le fáil i gcomhlogú le púca i logainmneacha na hÉireann: díol spéise, más ea, go dtugann an Foclóir Meán-Bhéarla céanna samplaí luatha den logainm Pukpole (1232) agus den sloinne logainmníochta de Pukehole (1296) i Sasana féin. (Cf. Survey of English Place-Names s.nn. Pucks Hole [Gloucestershire], Puckpool [Gloucestershire], Pug’s Hole [Dorset]; cf. Ox. Dict. Fam. Names s.n. Puckle (2).) De réir gach cosúlachta, níor chualathas trácht ar aon phúcaí in Éirinn – ach oiread le Fúcaí ná Púcaigh – roimh ionradh na nAngla-Normannach.

[CÓC & AMGC]

Breis téamaí