2024-12-13

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Searraigh, siorraí is searra
Cluain Searrach/Clonsharragh “pasture of (the) foals” (logainm.ie # 53345)

Dáta: 09/12/2024

Agus an cruinniú ráis ollmhór úd i mBaile na Lobhar ar na bacaibh ag deireadh na míosa, leanaimis ar aghaidh ón tseachtain seo caite leis na capaill in ainmneacha bailte fearainn. Níl aon dabht ach gur léiriú í an fhlúirseacht tagairtí do chapaill i logainmneacha ar an urraim a bhí ag na sean-Ghaeil don bheithíoch seo. Mar chomhartha air sin, féach luach an chapaill de réir an Fhéineachais: cé go raibh sé guagach, d’fhéadfadh sé a bheith i bhfad níos airde ná luach na bó féin, príomhbheithíoch na seanlinne (cf. ‘Horse-values’ in Fergus Kelly, Early Irish Farming, pp.99–101). (Féach freisin an drochtheist a chuir seanfhile i leith sprionlaitheoir de phátrún éigin: ‘Ro-cúala / ní tabair eochu ar dúana; / do-beir a n-í is dúthaig dó — / bó’ [Tá cloiste agam / nach dtugann sé eacha ar dhánta; / tugann an ní is dual dó — / bó!]; McLaughlin, Early Irish Satire, lgh.134–135 §1.) Agus is léir ó chuntas Béarla a scríobhadh sa 17ú haois go raibh an capall fós i lár an aonaigh ag na Gaeil an tráth sin féin, is a rá gur mhinic a dhéanaidís creach ar dhúichí a chéile chun iad a ghoid:

[These] horse corsers are such as steale garrens and horses in one end of the kingdome and doe send them by exchaunge to thother End, and of theis Irishrie doe mainteine and keepe soe manie, as their meanes …
(Discource on the mere Irish of Ireland, lch.37)

Sa sampla beag a tugadh an tseachtain seo caite pléadh na heilimintí capall, each, gearrán (focal a glacadh isteach i mBéarla na nAngla-Normannach mar garran, mar atá thuas) agus láir. Is ann do thuilleadh fós. Cuir i gcás graí, cnuasainm dar bhrí ‘eachra’ ó cheart ach a chiallaíonn ‘áit a gcoinnítear capaill chun síolraithe nó rásaíochta’ go coitianta anois (AFB s.v.): tá Lios na Graí “the enclosure, ring-fort of the horses” le fáil i gContaetha na Gaillimhe (logainm.ie #20129; #20321), Luimnigh (logainm.ie #31286), Chiarraí (logainm.ie #22549) agus Phort Láirge (logainm.ie #50232).

Tagann searrach “foal, colt” i gceist freisin. Ainmfhoclú é sin, ó cheart, ar aidiacht a chiallaíonn ‘anamúil, corrach, giodamach’ (eDIL s.v. serrach); agus dála an ainmhí féin is gá an eilimint seo a láimhseáil go socair cáiréiseach i logainmneacha. Cé nach bhfuil sé chomh comónta le capall ná leis an seantéarma each, tá searrach le fáil i logainmneacha ar fud na tíre. Nuair a fheidhmíonn sé mar cháilitheoir, is réasúnta glacadh leis mar thagairt don chapall óg: m.sh. sna logainmneacha Cluain Searrach “pasture of (the) foals” i gContaetha Chiarraí (logainm.ie #22529) agus i gContae Loch Garman (logainm.ie #53345), nó Achadh an tSearraigh “the field of the foal” (logainm.ie #28889) i gContae Laoise.

Ach nuair a bhuailtear le searrach leis féin mar logainm simpléacsúil, ní dócha gurb é an capall óg atá i gceist (cf. FGB s.v. searr “sickle”; eDIL s.vv. 1 serr, 2 serr). Níltear ag maíomh anseo nach n-úsáidtear ainmneacha ainmhithe go meafarach i leith gnéithe aiceanta; gan amhras, is nós forleathan ainmníochta é sin agus ní haon eisceacht iad na capaill! (Féach na samplaí éagsúla den logainm Cinn Eich “head of (the) horse” (féach logainm.ie), nó An Gearrán Bán “the white horse” mar ainm ar charraigí suntasacha i nGaeltacht Thír Chonaill (logainm.ie #1395981) agus i gContae Chill Chainnigh (logainm.ie #117002), agus ar cheann eile a thug ainm do bhaile fearainn i gContae na Gailimhe (logainm.ie #18034).) Ach féach nach bhfuil searrach inmheasta sa chiall ‘gné aiceanta cosúil le capall óg’ i gcás an logainm Searrach (logainm.ie #45963), Contae Thiobraid Árann, a thagraíonn do stráice tanaí de thalamh leibhéalta a ghobann isteach sa phortach.

Ná ní chaithfimid an t-ainmhí a thuiscint as ainm an oileáin An Searrach/Serough Island (logainm.ie #8857) i gContae Chorcaí. D’fhéadfaí focal díorthaithe ó siorra “pinnacle (of rock); reef” a chur i gcás, b’fhéidir (FGB s.v. siorra; pace Mac Cárthaigh, Dinnseanchas 6 (1974) 39: “colt [island]”); cf. na hoileáin darb ainm Na Siorracha “the reefs” (#1399850) i nGaeltacht Mhaigh Eo (Mac Gabhann, Logainmneacha Mhaigh Eo 4: 432). I gCúige Mumhan, tá fianaise againn ó Thomás Ó Criomhthain gur thagair Oileán na Searra (#1394519) do na haillte darb ainm Na Searra os a chomhair amach ar an mBlascaod Mór (‘Fuair so ainm ón bhfaill ard atá os a chionn in airde’); tá aillte cósta eile gar don Mhin Ard darb ainm Na Searra (#1394889) chomh maith. (Cf. Faill na Siorra (#1419742), aillte intíre ar thaobh Chontae Chiarraí de Chnoic Dhoire na Sagart, agus Droichead na Siorraí/Pearson’s Bridge (#1417198), gar do Bhéal Átha Lice, Contae Chorcaí. Ní siorra “reef” atá i gceist le Poulnasherry Bay (#104273) in iarthar Chontae an Chláir, áfach: Poll na nOisrí “the hole of the oysters” an t-ainm Gaeilge air sin (‘Oyster Hole’ Mackenzie’s Maritime Survey (1794).

Dá bhrí sin, ní cinnte cé acu capaill óga nó clocha géara atá i gceist sa logainm Carraigín Searrach (logainm.ie #48377) i gContae Thiobraid Árann!

Díol suntais cé chomh minic is a bhíonn áiteanna arda faoi thagairt ag na logainmneacha seo a luann capaill. Anuas ar an sampla a luamar an tseachtain seo caite – Corr na Lárach/Cornalaragh “the round hill of the mare(s)” (logainm.ie #3847) i gContae an Chabháin – féach:

  • Allt na gCapall “the height, cliff of the horses” (logainm.ie #14973) i nGaeltacht Thír Chonaill;
  • Mullach an Chapaill/Mullacapple “the summit of the horse” (logainm.ie #33594) i gContae Lú;
  • Cnoc an Chapaill/Knockacappul “the hill of the horse”, le fáil faoi dhó i gContae Shligigh (logainm.ie #44586; #44923);
  • Drom an Chapaill/Dromacappul “the ridge of the horse” (logainm.ie #8358) i gContae Chorcaí;
  • Cnoc na gCapall/Knocknagapple “the hill of the horses” i gContaetha Chorcaí (#9958), Thiobraid Árann (#47979; #48473) agus Phort Láirge (#53230);
  • Droim na Searrach “the ridge of the foals” (logainm.ie #15473) i nGaeltacht Thír Chonaill agus Iomaire an tSearraigh “the ridge of the foal” (logainm.ie #34500) i gContae Mhaigh Eo;
  • Cruach an tSearraigh/Burns Mountain “the rick, stack of the foal ” (logainm.ie #14163), Contae Dhún na nGall;
  • Tulaigh na Searrach/Tullynasharragh “the hillock, mound of the foals” i gContae Liatroma (logainm.ie #29588; #29874);
  • Cnoc an tSearraigh/Knockatarry “the hill of the foal” (logainm.ie #33341) i gContae an Longfoirt.

Tá an comhlogú seo chomh coitianta sin is go mbeadh fonn ar dhuine gaol éigin a thuiscint as, agus a thuairimiú gurbh iad leirgí na gcnoc na háiteanna ab ansa leis na Gaeil chun capaill a choimeád. Mar is gnách dúinn sa tsraith nótaí seo, áfach, ní mór a mheabhrú go gcuirtear na samplaí neamhfhoirmeálta seo ar fáil mar bhlaiseadh den taighde córasach atá ar bun ag an mBrainse Logainmneacha; tá staitisticí dáiliúcháin níos cruinne á gcnuasach againn de réir a chéile. Agus cuimhnigh nach bhfuil aon easpa tagairtí do na capaill chéanna in áiteanna ísle ach an oiread! Cuir i gcás Log na gCapall “the hollow of the horses” (logainm.ie #12970) i gContae Chorcaí, Poll na gCapall “the hole, pool of the horses” (logainm.ie #29175) i gContae Liatroma agus mar sin de. Bhí Poll na gCapall eile le fáil i gContae Bhaile Átha Cliath (féach Pol a Gappal (1975)), agus é ag tagairt d’áit dhomhain ar Abhainn Ghleann Cuilinn.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí