Logainm an lae
Gréach Farnocht/Greaghfarnagh
Fáilte
Téama faoi thrácht
Logainmneacha agus an lucht leighis (ar lean)
Baile Uí Fhearghasa/Ballyfaris “the town(land) of Ó Fearghasa”
(féach logainm.ie #44742)
Dáta: 08/02/2025
Phléamar i nóta na seachtaine seo caite leis na teaghlaigh leighis Ó Coiliúin (Cullen) agus Ó Coileáin (Cullen/Collins) agus cé chomh deacair is a bhíonn sé idirdhealú idir an dá shloinne sin. Le linn na nGael, gairm oidhreachtúil ab ea an leigheas gan aon agó, agus bhí roinnt mhaith teaghlach an-mhór le rá ina bhun. San aiste gairid fíorspéisiúil léi darb ainm ‘Medical writing in Irish, 1400-1700’ tugann Aoibheann Nic Dhonnchadha an liosta seo a leanas (a bhfuil roinnt litriúchán caighdeánach Nua-Ghaeilge curtha leis idir lúibíní cearnógacha):
Ulster: Mac (or Ó) Duinnshléibhe [Mac/Ó Doinnléibhe] (Donleavy), Ó Caiside (Cassidy), and Ó Siadhail [Ó Siail] (Shields);
Leinster: Mac Caisín (Cashin), Ó Bolgaidhe [Ó Bolguír] (Bolger), Ó Conchubhair [Ó Conchúir] (O’Connor), and Ó Cuileamhain [Ó Coiliúin] (Culhoun, Cullen);
Munster: Ó Callanáin (Callanan), Ó hÍceadha [Ó hÍcí] (Hickey), Ó Leighin [Ó Laighin] (Lane [Lyon(s)]), Ó Nialláin (Nealon, [Neiland]), and Ó Troighthigh [Ó Troithigh] (Troy);
Connaught: Mac an Leagha (Mac Kinley [Kinlay, McAlea, etc.]), Mac Beatha [Mac an Bheatha] (Mac Veigh), Ó Ceandubháin [Ó Ceannabháin] (Canavan), Ó Cearnaigh (Kearney), Ó Fearghusa [Ó Fearghasa] (Fergus (or Ferguson)), and Ó (or Mac) Maoil Tuile [Ó Maoltuile] (Tully, or Flood).
Tagann formhór na sloinnte seo i gceist in ainmneacha bailte fearainn, agus díol suntais nach bhfuil siad teoranta do na cúigí éagsúla atá luaite leo thuas, ná baol air. Níor chás don lucht leighis Gaelach a bheith ag bogadh thart agus iad ar lorg fostaíochta, scéal nach bhfuil go hiomlán bunoscionn leis an lá atá inniu ann.
Ag tosnú leis na teaghlaigh leighis ó Chúige Uladh, faighimid Baile Uí Dhoinnléibhe “the town(land) of Ó Doinnléibhe (Dunleavy)” in ainmneacha bailte fearainn béarlaithe mar Ballydulea (logainm.ie #9393) i gContae Chorcaí agus mar Ballydeenlea (logainm.ie #23433) agus Ballydunlea (logainm.ie #24778) i gContae Chiarraí. Ó tharla go dtugtaí An tUltach “the Ulsterman” ar Mhuintir Dhoinnléibhe ar uairibh (see Sloinnte Gaedheal is Gall; s.n. Ó Duinnshléibhe), d’fhéadfadh sé gurbh iad a thug ainm do chuid de na samplaí de Baile an Ultaigh “the town(land) of the Ulsterman” ar nós Ballinulty i gContaetha Mhaigh Eo (logainm.ie #34898), Thiobraid Árann (logainm.ie #48704), an Longfoirt (logainm.ie #32891); Ballynultagh i gContae Chill Mhantáin (logainm.ie #55923); nó de Cnoc an Ultaigh / Knockoulty “the hill of the Ulsterman” (logainm.ie #13326) i gContae Chorcaí agus Cúil Ultaigh / Cooloultha ‘the corner, recess of the Ulsterman’ (logainm.ie #27440) i gContae Chill Chainnigh.
Sloinne leighis eile ó Chúige Uladh is ea Ó Siail, atá le fáil in ainm an bhaile fearainn Baile Uí Shiail / Ballysheil (logainm.ie #41341) i gContae Uíbh Fhailí. An logainm céanna, is cosúil, atá béarlaithe Ballysheil i gContae an Dúin (placenamesni.org s.n. Ballysheil) agus Ballysheil Beg, ~More i gContae Ard Mhacha (placenamesni.org s.n. Ballysheil More). Tuairimíonn Áine Sheehan (‘Locating the Gaelic medical families in Elizabethan Ireland’ Early Modern Ireland and the world of medicine, lch.22) gurb amhlaidh a tháinig Muintir Shiail ó Chontae Uíbh Fhailí an chéad lá, gur bhogadar ó thuaidh. Sloinne eile de chuid Dhúiche Uí Néill is ea Ó Caiside, teaghlach leighis atá caomhnaithe i logainmneacha i gCúige Uladh fein, mar atá Baile Uí Chaiside / Ballycassidy (placenamesni.org s.n. Ballycassidy) agus Fearann Mhuintir Chaiside / Farrancassidy “the land of the Ó Caiside family” (placenamesni.org s.n. Farrancassidy) i gContae Fhear Manach.
De na Laighnigh faighimid Ó Caisín (malairt foirme de Mac Caisín) sa logainm Baile Uí Chaisín “the town(land) of Ó Caisín” atá béarlaithe mar Ballycashin i gContae Phort Láirge (logainm.ie #50391) agus – tamall maith eile ón mbaile – mar Ballycasheen i gContae Chiarraí (logainm.ie #23777). Faightear na teaghlaigh Laighneacha seo san oirdheisceart féin, dar ndóigh, mar shampla Baile Uí Choileáin / Ballycullen (logainm.ie #55319) i gContae Chill Mhantáin. (Mar a thugamar faoi deara an tseachtain seo caite, d’fhéadfadh sé freisin gur theaghlach gairmiúil eile atá caomhnaithe sa logainm seo .i. *Baile Uí Choiliúin ‘the town(land) of Ó Coiliúin’.) I bParóiste Mhaighréide i ndeisceart Chontae Loch Garman b’ann don logainm stairiúil ‘Bally Culloone’ agus ‘Ballyculloone’: tugann sé seo Baile Uí Choiliúin le fios (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman, lch.353). Ag fanacht sa Chontae Riabhach, faighimid Ualtar Ó Bolguír – a raibh cúlra leighis ag a theaghlach go cinnte dearfa – agus é caomhnaithe sa logainm Baile Ualtair Mór / Ballywalter More (logainm.ie #52776) (cf. Logainmneacha na hÉireann IV: Ainmneacha na mbailte fearainn, Co. Loch Garman, lgh.495-497; féach freisin C. Ó Crualaoich & K. Whelan, Gaelic County Wexford 1550-1650: a story never told [le teacht]). Teaghlach eile a raibh stádas an-ard acu i gContae Loch Garman sa ré Gaelach ab ea Muintir Chonchúir, a thug ainm is dócha do Baile Uí Chonchúir Mór, ~Beag / Ballyconor More, ~Beg “the town(land) of Ó Conchúir (O’Connor)” (logainm.ie #54368) (cf. Ó Crualaoich & Whelan).
De na teaghlaigh Muimhneacha, tá an sloinne Ó Laighin caomhnaithe i logainmneacha ar fud na tíre amhail Baile Uí Laighin “the town(land) of Ó Laighin” atá béarlaithe Ballylin i gContae Uíbh Fhailí (logainm.ie #41321), Ballylion i gContaetha Ros Comáin (logainm.ie #42372) agus Chill Mhantáin (logainm.ie #54676). Tamhnaigh Uí Laighin “the green field of Ó Laighin”, a measaimid, atá taobh thiar de Tawnalion (logainm.ie #44664) i gContae Shligigh. Thiar i gCúige Mumhan féin atá Mín Uí Laighin “the smooth grassy patch of Ó Laighin” (logainm.ie #31934) i gContae Luimnigh agus Cúil Uí Laighin “the corner, nook of Ó Laighin” (logainm.ie #10602) i gContae Chorcaí (Farthingville a thugtar ar an dara ceann seo as Béarla). Logainm mór le rá is ea Carraig Uí Leighin / Carrigaline “the rock of Ó Leighin” (logainm.ie #531) sa chontae céanna, ina bhfuil foirm den sloinne Ó Laighin le L-caol (SGG s.n. Ó Laighin). Tá dhá áit darb ainm Baile Uí Ící “the town(land) of Ó hÍcí (Hickey)” i gCúige Mumhan – ainmnithe as an teaghlach cáiliúil Ó hÍcí “descendant of Ící (healer)” – mar atá Ballyhickey i gContaetha an Chláir (logainm.ie #7807) agus Thiobraid Árann (logainm.ie #48064). Ainmníodh iad seo i bhfad sular bunaíodh an tsraith siopaí poitigéara Hickey’s! Faighimid tagairt an-dhéanach do mháinlia darbh ainm Cormac Ó hÍcÍ (Cormac ô Hicky), a bhí ina chónaí i mBun Raite, gan ach 20km slí ó bhaile ó Bhaile Uí Ící i gContae an Chláir, sa bhliain 1643 (Teistíochtaí 1641: LS 829, f.080r-085v).
Sloinne eile de chuid na Mumhan is ea Ó Nialláin (Neillan(d), Nealon) atá le fáil sa logainm Baile Uí Nialláin / Ballyneillan (logainm.ie #6263) i gContae an Chláir, chomh maith le Cuar Uí Nialláin / Cournellan “the curve of Ó Nialláin” (logainm.ie #3593), suite ar lúb na Bearú i gContae Cheatharlach. Thug Ó Troithigh (Troy) ainm don bhaile fearainn Baile Uí Throithigh / Ballytrehy “the town(land) of Ó Troithigh” (logainm.ie #48210) i gContae Thiobraid Árann. Is deacair foirmeacha béarlaithe an tsloinne Ghaelaigh sin a idirdhealú ar an sloinne Angla-Normannach Troy, mar atá le fáil sna logainmneacha Caladh an Treoigh / Castletroy (logainm.ie #31226) i gContae Luimnigh, Coill an Treoigh / Troyswood (logainm.ie #27075) i gContae Chill Chainnigh, chomh maith leis an logainm stairiúil Troystown gar don Uaimh i gContae na Mí (féach na tagairtí stairiúla faoi Baile Ghib, logainm.ie #38644).
Maidir le teaghlaigh leighis Chúige Chonnacht, tá Ó Ceannabháin le fáil i ndeisceart na tíre in ainm an bhaile fearainn Baile Uí Cheannabháin / Ballycanvan (logainm.ie #50333) i gContae Phort Láirge. Níos faide ó bhaile fós, chuir teaghlach den sloinne céanna fúthu i gcomharsanacht Inis Córthaidh, agus áiríodh iad i measc uaisle Chontae Loch Garman ar liosta dar dáta 1608. Thug an teaghlach seo ainm do thrí bhaile fearainn stairiúla, ar a laghad, sa Chontae Riabhach (féach Ó Crualaoich & Whelan). Agus tá an sloinne céanna le fáil in íochtar na hÉireann ar fad freisin, mar a bhfaighimid Coill Uí Cheannabháin “the wood of Ó Ceannabháin”, is cosúil, i gContae Thír Eoghain agus é béarlaithe Killycanavan (placenamesni.org s.n. Killycanavan Lower). I gConnachta féin tá an sloinne Ó Fearghasa (béarlaithe Ferris nó Ferguson) le fáil sa logainm Baile Uí Fhearghasa / Ballyfaris “the town(land) of Ó Fearghasa” (logainm.ie #44742) i gContae Shligigh. Díol spéise nach luann na seanfhoinsí an sloinne Ó Fearghasa go sonrach leis an taobh seo tíre i nginealaigh Ó Fiachrach. Dhealródh sé más ea go bhfuil sampla eile againn anseo de ghluaiseacht na dteaghlach seo: is de bharr Muintir Fhearghasa a bheith ar na príomhtheaghlaigh ghairmiúla (idir leighis agus eaglasta) in iarthar Chonnacht a baisteadh a sloinne ar an mbaile fearainn seo (SGG s.nn Ó Fearghuis, Ó Fearghusa).
Is é scéal a insíonn na logainmneacha seo dúinn go dtagadh daoine de na teaghlaigh oidhreachtúla leighis seo thar paróiste isteach go dtí na háiteanna seo, agus má éirigh go maith leo, go mbronntaí tailte orthu mar chúiteamh agus chun áirithíocht a dhéanamh ar a gcuid seirbhísí sa cheantar.
(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)
- Carraig Uí Leighin/Carrigaline
- Cuar Uí Nialláin/Cournellan
- Baile Uí Nialláin/Ballyneillan
- Baile Uí Ící/Ballyhickey
- Baile Uí Dhoinnléibhe/Ballydulea
- Cúil Uí Laighin Thiar/Farthingville West
- Cnoc an Ultaigh/Knockanoulty
- Baile Uí Dhoinnléibhe/Ballydeenlea
- Baile Uí Chaisín/Ballycasheen
- Baile Uí Dhoinnléibhe/Ballydunlea
- Coill an Treoigh/Troyswood
- Cúil Ultaigh nó Móinín na Muc/Cooloultha or Moneynamuck
- Caladh an Treoigh/Castletroy
- Mín Uí Laighin Theas/Meenyline South
- Baile an Ultaigh Íochtarach/Ballinulty Lower
- Baile an Ultaigh/Ballinulty
- Baile Ghib/Gibstown
- Baile Uí Laighin/Ballylin
- Baile Uí Shiail/Ballysheil
- Baile Uí Laighin/Ballylion
- Tamhnaigh Uí Laighin/Tawnalion
- Baile Uí Fhearghasa/Ballyfaris
- Baile Uí Ící/Ballyhickey
- Baile Uí Throithigh/Ballytrehy
- Baile an Ultaigh/Ballinulty
- Baile Uí Cheannabháin Beag/Ballycanvan Little
- Baile Uí Chaisín/Ballycashin
- Baile Ualtair Mór/Ballywalter More
- Baile Uí Chonchúir Mór/Ballyconor Big
- Baile Uí Laighin Uachtarach/Ballylion Upper
- Buaile an Ultaigh/Ballynultagh
- Baile Uí Choileáin/Ballycullen
- Baile an Ultaigh/Ballynultagh