2025-02-15

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Leigheas géar goinideach
Baile an Aitinn / Ballinattin “the townland of the furze”
(féach logainm.ie #55148)

Dáta: 15/02/2025

Níor mhaith linn go gceapfadh an léitheoir go bhfuilimid éirithe galareaglach, ach tá focal scoir le rá faoi na teaghlaigh oidhreachtúla leighis sula gcuirimid clabhsúr leis an ábhar sin. Le roinnt blianta anuas tá scoláirí ag bréagnú na seantuairimí gur shainaicme chúngaigeantach a bhí i lucht leighis na nGael. Is léir anois gurbh oscailte an dream iad a bhíodh de shíor sa tóir ar na forbairtí ba dhéanaí, agus na príomhthéacsanna leighis ón Eoraip á gcóipeáil agus á n-aistriú acu go cíocrach (féach ‘Medical writing in Irish, 1400-1700’ le hAoibheann Nic Dhonnchadha).

Ní hionann seo is a rá go ndéanadh na saineolaithe seo neamhaird de leigheas traidisiúnta na ndaoine. Ag deireadh an gheimhridh bíonn go leor againn ag fulaingt ó chasachtaí agus ó ghalair eile nach iad (amhail an galar a thug Breandán Ó Beacháin an national catarrh air) atá go flúirseach sa taobh seo den domhan. Ar an dea-uair, tá leigheas traidisiúnta amháin atá le fáil mórthimpeall orainn i bhfoirm planda atá raidhsiúil sa tírdhreach agus in ainmneacha na mbailte fearainn araon. Thairis sin, an taca seo den bhliain, is amhlaidh a fhaighimid ardú meanman freisin ón bhfás áirithe seo lena dhuilliúr geal buí is lena bholadh cumhra cnó cócó. Is é planda atá i gceist againn, dar ndóigh, an t-aiteann “furze, whins”.

Tá dhá shaghas le fáil in Éirinn, mar atá an t-aiteann gaelach (Ulex gallii) agus an ceann is coitianta, an t-aiteann gallda (Ulex europaeus). Thug Amhlaoibh Ó Súilleabháin an t-aiteann gearr géar goinideach ar an dtor beag seo sa dialann a scríobh sé i gContae Chill Chainnigh (27/12/1829), agus go deimhin is duitse is measa má thiteann tú isteach ina dheilgne de thimpiste. Ach ba úsáideach an planda é do lucht an leighis traidisiúnta: leigheasfadh an t-aiteann an phéistphurgóid agus an galar garbh sna beithígh, agus bhaintí úsáid as chun na buíocháin, an galar duáin, an dó croí, an plúchadh agus gach aon saghas casachta eile a chur den duine daonna féin (Nicholas Williams, Díolaim Luibheanna (1993), lch. 6). Ní hé sin an deireadh lena chuid úsáidí: bhí sé go maith mar bia ainmhithe agus ábhar tine, agus tá tuiscint againn anois ar a fheabhas is atá sé chun nitrigín a chur isteach in ithir bhocht (féach Máirín Uí Chonchubhair, Crainn & Toir (2024) lgh.478-479; cf. Tony Locke, Tales of the Irish Hedgerow (2020)). Go deimhin, leis na dlíthe nua faoin athchóiriú dúlra atá rite ag Parlaimint na hEorpa le déanaí, b’fhéidir go mbeartódh feirimeoirí an t-aiteann a chur ag fás i ngort nó dhó dá gcuid mar chuid den chlár nua sin.

Bíodh sin mar atá, tá an t-aiteann – nó an aiteann, toisc gur bhaininscneach dó freisin, go háirithe i Leath Choinn – le fáil i mbeagnach leathchéad ainmneacha bailte fearainn ar fud na tíre: féach logainm.ie (Gluais) s.v. aiteann). Tá Baile an Aitinn “the town(land) of the furze” againn agus é béarlaithe mar Ballinattin i gContaetha Loch Garman (logainm.ie #50312) agus Thiobraid Árann (logainm.ie #47684), agus mar Ballynattin i gContaetha Cheatharlach (logainm.ie #3177), Chorcaí (logainm.ie #9974) agus Chill Mhantáin (logainm.ie #55148). An leagan baininscneach den logainm céanna .i. Baile na hAitinne atá taobh thiar de Ballynahattina (logainm.ie #20328) i gContae na Gaillimhe agus Ballynahattin (logainm.ie #33782) i gContae Lú. Mar le comhlogú de, faightear aiteann in éineacht le roinnt aicmitheoirí éagsúla, cnoic agus ardáin go háirithe. Mar shampla tá Ard Aitinn / Ardattin “height of (the) furze” (logainm.ie #3121) i gContae Cheatharlach; Cnoc Aitinne / Knockattin “hill of (the) furze” (*logainm.*ie #33739) agus Mullach Aitinne / Mullaghattin “summit of (the) furze” (logainm.ie #33842; #33931) i gContae Lú; Cnoc na hAitinne / Crocknahattin “the hill of the furze” (logainm.ie #3631) i gContae an Chabháin; Cnoc an Aitinn / Knockanattin (logainm.ie #48471) i gContae Thiobraid Árann; Cnoc na hAitinne / Knocknahattin (logainm.ie #39022) i gContae na Mí; agus Tulaigh na hAitinne / Tullynahattina “the hillock of the furze” (logainm.ie #39783) i gContae Mhuineacháin.

Cáilíonn aiteann eilimintí eile in ainmneacha na mbailte fearainn seo a leanas: Bán an Aitinn “the lea-field of the furze”, béarlaithe mar Baunanattin (logainm.ie #27282) i gContae Chill Chainnigh agus Bawnanattin (logainm.ie #47289) i gContae Thiobraid Árann; Bruach Aitinne / Broughattin “the bank, brink of (the) furze” (logainm.ie #33653) i gContae Lú; Buaile Aitinn / Boolatin “booley, summer pasture of (the) furze” (logainm.ie #46461) i gContae Thiobraid Árann agus leagan den logainm céanna leis an alt, An Bhuaile Aitinn / Boolattin “the booley, summer pasture of furze” (logainm.ie #49813) i gContae Phort Láirge. I gContae Loch Garman tá Cluain Aitinn / Clonatin “pasture, meadow of (the) furze” (logainm.ie #53040) agus Cúil Aitinn / Coolattin “recess of (the) furze” (logainm.ie #52645). Tá an logainm deiridh sin le fáil mar ainm bailte fearainn freisin i gContaetha Luimnigh (logainm.ie #31614) agus Chill Mhantáin (logainm.ie #55834). Suíomh cois uisce a chuireann Inse an Aitinn / Inchinattin “the holm of the furze’ (logainm.ie #8965) in iúl i gContae Chorcaí; is cosúil gur fás an phlanda seo laistigh den imfhálú féin a thugann an logainm Ráth Aitinn / Rathattin “ring-fort of (the) furze” (logainm.ie #54779) le fios i gCo. Chill Mhantáin; agus coillgarrán atá luaite leis an aiteann sa logainm Doire na hAitinne / Dernahattin “the (oak-)grove of the furze” (logainm.ie #40720) i gContae Mhuineacháin. I gContae Chill Chainnigh faighimid Mullán Aitinne / Mullaunattina “green field of (the) furze” (logainm.ie #27522) – tabhair faoi deara gur “green field” an bhrí choitianta a bhí leis an bhfocal mullán (seachas ‘mullach beag’) i logainmneacha an oirdheiscirt – agus Tigh na hAitinne, aistriúchán dúchasach ar Furzehouse (logainm.ie #27010) (‘teigh na haitinnepl:AL (1838)). (Tabhair faoi deara an leagan baininscneach san ainm deiridh seo; sin é an sampla is sia ó dheas dá bhfuil aimsithe againn go fóill. Fuair O’Kelly idir fhoirmeacha firinscneacha agus baininscneacha i mionlogainmneacha an chontae chéanna (Kilkenny: A history of the county (1969)).

Tá go leor logainmneacha Béarla a thagraíonn don furze. D’fhéadfadh cuid acu seo a bheith ina n-aistriúcháin ar logainmneacha Gaeilge, ach de réir gach dealraimh cumadh a bhformhór glan acu i mBéarla tar éis 1600. Ar na samplaí atá i gceist againn tá Furze / An tAiteann i gContaetha an Longfoirt (logainm.ie #32681) agus Thiobraid Árann (logainm.ie #47295); Furzypark / Páirc na hAitinne (logainm.ie #19187; #19613; #19732) i gContae na Gaillimhe; Bishopsfurze / Aiteann an Easpaig (logainm.ie #27065) i gContae Chill Chainnigh; Burntfurze / An tAiteann Loiscthe i gContaetha Chill Dara (logainm.ie #26072) agus Chill Chainnigh (logainm.ie #27067); Furzeditch (logainm.ie #55358) i gContae Chill Mhantáin, arbh é a bhunainm Baile na Trá “the town(land) of (at) the beach”; Kingsfurze / Aiteann King (logainm.ie #25985), Frenchfurze / An tAiteann Francach (logainm.ie #11180) agus Furze Island / Oileán an Aitinn (logainm.ie #13450) i gContae Chorcaí. Cé nach bhfuil an taighde córasach curtha i gcrích go fóill ar na hainmneacha Greatfurze (logainm.ie #39249) agus Furzyhill (logainm.ie #38725) i gContae na Mí – ná ar Bigfurze (logainm.ie #52028) i gContae na hIarmhí – de réir mar is féidir a dhéanamh amach faoi láthair is maith an seans gur chumadóireacht dhéanach Bhéarla atá iontu seo chomh maith.

Tagann an fhoirm aidiachtúil Brl. furry i gceist i ndornán ainmneacha bailte fearainn de bhunús an Bhéarla, m.sh. Furry Park / Páirc an Aitinn (logainm.ie #57145) i gContae Bhaile Átha Cliath agus Furryhill / Cnoc an Aitinn (logainm.ie #25929) i gContae Chill Dara. Tá tagairt againn don ainm deiridh seo ó 1540, rud a thugann le fios gurbh é furry an ghnáthaidiacht a ghabh le furze ‘aiteann’ sa chuid seo den Pháil ag an am. Ar an láimh eile, tabhair faoi deara nach dtagann an focal Brl. gorse i gceist in ainm baile fearainn ar bith! Níor tugadh an focal sin isteach i mBéarla na hÉireann ach le gairid. Ar chúis éigin, áfach, sin é an focal atá roghnaithe ag na meáin chumarsáide agus tá sé ag leathnú dá bharr. Dhá scór bliain ó shin ní chloisfí a leithéid i gcaint na ndaoine.

Pé ar domhan de, bheadh fonn ar dhuine a mheas gurb é an t-aiteann atá caomhnaithe in ainm an bhaile fearainn Furziestown (logainm.ie #54435) i gContae Loch Garman freisin. Ní hea go díreach sa chás sin, ach an sloinne Sasanach Furze, Furse (féach Logainmneacha na hÉireann IV: Townland Names of Co. Wexford, lch.887). Gan amhras, tá an sloinne sin féin bunaithe ar an aiteann an chéad lá (cf. Oxford Dictionary of Family Names s.n. Furze).

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí