Fógra

Ceardlann Logainmneacha 2024: Glaoch, clárú, eolas »

2024-02-22

Logainm an lae

Fáilte

Fáilte go Bunachar Logainmneacha na hÉireann, arna fhorbairt ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán). Tuilleadh eolais »

Téama faoi thrácht

Séasúr na hIascaireachta Mainistir na Corann/Midleton “the abbey of the weir”
(féach logainm.ie #658)

Dáta: 21/02/2024

Cé bhfuil an t-iascach intíre ar bun arís ó mhí Eanáir in áiteanna áirithe, den chuid is mó ní thosnaítear air arís go dtí mí an Mhárta, nó níos déanaí fiú. Agus séasúr seo na hiascaireachta ag druidim linn, más ea, cuirtear bradán feasa “salmon of knowledge” na seanscéalta miotaseolaíochta i gcuimhne dúinn. Agus cuid lárnach de shaol na nGael ab ea an iascaireacht bradán, cé nár fhág sé a rian go róláidir ar ainmneacha na mbailte fearainn, nach bhfuil ach dornán tagairtí díreacha le fáil iontu do rí seo na n-iasc. Tá Loch na mBradán/Loughnambraddan “the lake of the salmon” (#14637) againn i nDún na nGall agus Maighean an Bhradáin/Maine “the eminent place of the salmon” (#33505) i Lú. Mar is minic a thiteann amach i dtaobh eilimintí logainmneacha, áfach, b’ann do Bradán mar ainm pearsanta freisin: sna logainmneacha Tulaigh Bhradáin/Tullybradan “the mound of Bradán” (#30342) i Liatroim agus Mín Uí Bhradáin/MeenybraddanÓ Bradáin’s tract of grassland” (#13955) i nDún na nGall faighimid an t-ainm pearsanta agus an sloinne a d’eascair as, faoi seach.

Is dócha gurb é Leixlip (#893), ainm baile agus paróiste dlí ar an teorainn idir Cill Dara agus Baile Átha Cliath, an logainm is mó le rá in Éirinn a bhfuil an bradán faoi thagairt ann — ach níl bunús Gaeilge leis in aon chor. “Salmon-leap” an bhrí atá le Leixlip ó cheart (cf. an fhoirm laidinithe Saltus Salmonum i gcáipéisí luatha), ach níltear cinnte cé acu ó Shean-Ioruais na Lochlannach nó ó Mheán-Bhéarla na nAngla-Normannach a thagann sé. Más Lax-hløypa na Sean-Ioruaise atá ann, is é an sampla is sia intíre ar fad de na 30 éigin logainm Lochlannaise a thagann anuas chugainn in Éirinn; d’fhéadfaí a mheas freisin gur dóchúla bunús Angla-Normannach, mar sin, ó lax + hlēap an Mheán-Bhéarla (eilimintí atá le fáil i logainmneacha i Sasana nach bhfuil bunús Lochlannaise leo, m.sh. Lexmere “salmon-pool”, Ruislip “rush-leap”, srl.). Is aistriúchán í foirm Ghaeilge an lae inniu Léim an Bhradáin, dar ndóigh, ach tá fianaise mhaith ann gurbh é ainm a bhí ag lucht na Gaeilge ar an mbaile sa 17ú agus sa 18ú haois *Leascaip, nó a leithéid — mar ghaelú foghrúil ar logainm gallda, is malairt é seo ar an ngnáthphróiseas a bhfuil taithí againn air i logainmneacha na hÉireann.

Is mó go mór líon na mbailte fearainn a bhfuil tagairt indíreach don iascaireacht le fáil iontu leis an eilimint cora “weir”. Ar na samplaí seo, atá rólíonmhar le liostáil ina n-iomláine, tá Baile na Cora “the town(land) of the weir” i gCorcaigh, Luimneach, Maigh Eo, Port Láirge, Ard Mhacha, Gaillimh agus Sligeach (féach logainm.ie); Barr na Cora “top, hilltop of the weir” i gCorcaigh, i nGaillimh agus sa Longfort (féach logainm.ie); Béal Átha na Cora “approach to the ford of the weir” i nDún na nGall, Maigh Eo, Ard Mhacha agus Luimneach (féách logainm.ie). Is é Mainistir na Corann/Midleton “the monastery of (the river of) the weir” (#658), ainm baile agus paróiste dlí i gCorcaigh, an sampla is mó a bhfuil cur amach air. Malairt ghinideach uatha de cora is ea corann, agus tagraíonn sé d’ainm na habhann ar ar tógadh an mhainistir .i. Abhainn na Cora/Owennacurra “the river of the weir” (#116509), abhainn a dtáinig tuilte millteanacha tubaisteacha inti i mí Dheireadh Fómhair 2023. Thug an abhainn chéanna ainm don sráidbhaile Baile na Cora/Ballinacurra “the town of (the river of) the weir” (#12283) 2km slí ó dheas ó Mhainistir na Corann féin.

(Conchubhar Ó Crualaoich & Aindí Mac Giolla Chomhghaill)

Breis téamaí