An Coiste Logainmneacha
Tháinig deireadh le téarma oifige an Choimisiúin Logainmneacha ar an 11 Deireadh Fómhair 2012. Faoi réir chinneadh an Rialtais i dtaca le Plean an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, socraíodh go dtiocfadh coiste saineolaithe, a d’fheidhmeodh ar bhonn pro bono, in áit an Choimisiúin Logainmneacha, agus go ndéanfaí an obair go príomha ar líne.
I mí Iúil 2024, ceapadh Coiste Logainmneacha nua ar bhonn reachtúil nuair a tugadh feidhm d’Alt 13 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2021, lena leasaítear Alt 31 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
Is é is príomhchúram don Choiste Logainmneacha comhairle a chur ar an Aire Gaeltachta maidir le logainmneacha na hÉireann a dhearbhú faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Cathaoirleach agus deichniúr gnáthchomhaltaí atá ceaptha ar an gCoiste, a bhfuil téarma trí bliana le bheith aige, go mí an Mheithimh 2027.
Beidh an Coiste úr ag díriú isteach ar chéimeanna chun na dréachtorduithe logainmneacha do roinnt contaetha a chlaochlú ina n-orduithe logainmneacha.
Baill an Choiste Logainmneacha
Cathaoirleach:
- An tOllamh Liam Mac Mathúna: IarCheann na Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; iarbhall den Choimisiún Logainmneacha; eagarthóir Éigse.
Gnáthchomhaltaí:
- An Dr Úna Bhreathnach: Bainisteoir Eagarthóireachta/Ollamh Cúnta, Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).
- Dónall Mac Giolla Easpaig, MA: IarPhríomhoifigeach Logainmneacha, an Brainse Logainmneacha.
- Maura Lynskey, MA: Stiúrthóir na Scríbhneoirí Gaeilge na Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge; údar An Ghaeilge ar Chomharthaí Stáit.
- An Dr Patrick McKay: Chaith sé blianta ag saothrú leis an Northern Ireland Placenames Project agus is é údar an Dictionary of Ulster Placenames; Place-Names of Northern Ireland IV - County Antrim I, The Baronies of Toome, agus Lough Neagh Places: Their Names and Origins.
- Máire Feiritéar: Saineolaí ar Ghaeilge Chonamara; aoi-chainteoir ar chláir de chuid RTÉ agus Raidió na Gaeltachta maidir le saíocht na Gaeilge agus logainmneacha.
- Donnchadh Ó Baoill, MA: Feidhmeannach Forbartha, Údarás na Gaeltachta, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall; saineolaí ar logainmneacha iarthar Thír Chonaill.
- Nóilín Nic Bhloscaidh, MA: Comhairleoir teanga; ball den Choiste Téarmaíochta.
- An Dr Aengus Ó Fionnagáin: Ceann Ábhair ar Léann na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh; Leas-Uachtarán Society for Names Studies in Britain and Ireland.
- Caoimhe Ní Shúilleabháin, MA: IarOifigeach Logainmneacha sa Bhrainse Logainmneacha; IarCheann Aonaid Gníomhach, Roinn na Gaeilge, Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin, an Coimisiún Eorpach; Oifigeach Feidhmiúcháin, Cill Dara le Gaeilge.
- An Dr Liam Ó hAisibéil: Ollamh Cúnta le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe; Comhúdar Oxford Dictionary of Family Names of Ireland (2021).